Committee Reports::Report and Proceedings - Civil Liabilities Bill, 1960::04 July, 1961::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

10 Bealtaine, 1961:—Ordaíodh: Go gcuirfear an Bille um Dhliteanas Sibhialta, 1960, faoi bhráid Choiste Speisialta ar a mbeidh seacht gComhalta déag a ainmneoidh an Coiste Roghnóireachta;


Gur seísear is córam don Choiste; agus


Go dtionólfar an chéad chruinniú den Choiste ar an 24 Bealtaine, 1961 [Rúnaí Parlaiminte an Aire Dlí agus Cirt].


18 Bealtaine, 1961:—Ainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí Rúnaí Parlaiminte an Aire Dlí agus Cirt, na Teachtaí Booth, Brioscú, Seán de Brún, Seán Ua Coisdealbha, Ó Donnagáin, Seán Ó Flannagáin, Mac Giobúin, Ó Lorcáin, Noel Leimeas, Pádraig Mac Loingsigh, Mac Giollagáin, Ó Meachair, Micheál Ó Murchadha, Ó Domhnaill, Tomás Ó hUiginn agus Wycherley.