Committee Reports::Report No. 03 - Statutory Instruments [15]::03 August, 1961::Appendix

APPENDIX VI.

Scéim Aoisliúntas Fhoireann Ghaeltarra Éireann

5 Nollaig, 1959.


A Chara,


Tá an Rogha-Choiste um Ionstraimí Reachtúla arb é a dhualgas gach ionstraim reachtúil a chuirtear faoi bhráid Sheanad Éireann de bhun reachta a iniúchadh, tar éis Scéim Aoisliúntas Fhoireann Ghaeltarra Éireann a bhreithniú. Tá ar an gCoiste a chinneadh ar chóir aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar an ionstraim seo ar fhoras (iv) d’ordú tagartha an Choiste, is é sin, “go n-airbheart-aíonn sí éifeacht chulghabhálach a bheith aici nuair nach dtugann an reacht bunaidh aon údarás sainráite chun sin a fhoráil”.


Tugann an Coiste dá aire gur ullmhaigh Gaeltarra Éireann an scéim atá i gceist an 24 Meitheamh, 1959, gur cheadaigh an tAire Tailte í an 1 Iúil, 1959, agus gur aontaigh an tAire Airgeadais léi an 24 Iúil, 1959. Foráiltear san ionstraim go raibh an scéim le teacht i ngníomh an 1 Aibreán, 1959, ach ní léir aon údarás a bheith sa reacht bunaidh, is é sin, an tAcht um Thionscail na Gaeltachta, 1957, don socrú cúlghabhálach.


Sula gcinnfidh sé ar a bhreith ba mhaith leis an gCoiste dá gcuireadh Bord Ghaeltarra Éireann in iúl dó aon tuairimí atá acu faoin bpointe sin. Ba mhór ag an gCoiste aon chabhair a d’fhéadfadh an Bord a thabhairt san ábhar seo.


Mise, le meas,


M. MAC GIOLLA RUAIDH


Cléireach an Rogha-Choiste.


An Rúnaí,


Gaeltarra Éireann, Teo.,


34 Rae an Iarthair,


Baile Átha Cliath.


Gaeltarra Éireann.


9ú Aibreán, 1960.


M. Mac Giolla Ruaidh Uas.,


Cléireach an Rogha-Choiste,


Seanad Éireann,


Baile Átha Cliath.


A Chara,


Ar tagairt dod’ litreacha den 5ú Nollaig, 1959, agus 15ú Márta, 1960, i dtaobh an dáta a tháinig Scéim Aoisliúntais (Foireann) Ghaeltarra Éireann i bhfeidhm, is mian liom a chur faoi do bhráid mar leanas:—


Go bhfuil soláthair san Acht Um Tionscail na Gaeltachta 1957, go n-ullmhóidh an Bord an scéim chun pinsin 7rl. a dheonadh dá oifigigh agus seirbhísigh ar scoir dóibh, a luaithe is caothúil tar éis lá bunuithe an Bhoird.


Buníodh an Bord ar lú Aibreán, 1958, agus chuir sé chun an dualgas seo a chomhlíonadh díreach tar éis a bhunuithe. Bhí tearmaí scéime aontaithe ag an mBord um dheireadh Eanáir, 1959 agus do cuireadh an dréacht scéim faoi bhráid Aire na Gaeltachta ar an 6ú Feabhra, 1959. Fuair an Bord scéal ón Aire ar 15ú lá Meitheamh, 1959, ag cur in iúl go mbéadh an tAire sásta leis an Scéim, ach athruithe áirithe a bheith déanta ann. Ghlac an Bord leis na h-athruithe i gceist, agus tar éis é sin a bheith curtha in iúl do Roinn na Gaeltachta cuathas ar aghaidh sa Roinn leis an scéim d’fháil údraithe ag na n-Airí mar atá leagtha síos san Acht.


Ag féachaint do thearmaí thuas luaite an Achta agus go h-áirithe ag féachaint dó go raibh foireann fostuithe ag an mBord sa bhliain 1958/59 agus go raibh sé inmhianaithe an oiread agus ab’ fhéidir de bhuntáiste a seirbhíse a thabhairt don bhfoireann sin, do cheap an Bord go raibh sé de dhualgas air an Scéim a chur i bhfeidhm “a luaithe is caothúil” dó.


Do shocruigh an Bord ar an lú Aibreán 1959 mar dháta feidhmithe na Scéime, ag féachaint dó gurb é sin tús na bliana airgeadais, agus dá bhrí sin dáta anoiriúnach ó thaobh cuntasaíochta agus cáin ioncaim de. Níorbh fhéidir dáta níos túisce ná an lú Aibreán, 1959, a cheapadh, toisc cuntais na bliana roimhe sin bheith dúnta nuair a h-údraíodh an Scéim.


Ós rud é go bhfuil an Bord féin freagrach as an gciste aoisliúntais agus as feidhmiú na Scéime, níor cheap an Bord go raibh aon bhac air an scéim a chur i bhfeidhm amháil ó reamhdháta mar a deineadh.


Tá cathú orm faoi’n moill a thárla i bhfreagra a thabhairt ar do litreacha faoi’n gceist seo, agus faoi an chur isteach ar do oifig a tharla dá bhárr.


Mise, le meas,


C. MacGABHANN,


Rúnaí / Bainisteoir.