Committee Reports::Interim Report - Appropriation Accounts 1959 - 1960::03 November, 1960::Report

TUARASCÁIL EATRAMHACH

Tá dul ar aghaidh déanta ag an gCoiste sna hábhair a cuireadh faoina bhráid agus tá aontaithe aige leis an Tuarascáil eatramhach seo a leanas:—


Tuairiscíonn an Coiste go ndeachthas, i rith na bliana dar chríoch 31 Márta, 1960, faoi chaiteachas de bhreis ar an méid a vótáil an tOireachtas faoin vóta a luaitear anseo ina dhiaidh seo:—


RÁITEAS I dTAOBH NA BREISE.

Ráiteas i dtaobh na suime is gá a vótáil chun breis ar an Deontas le haghaidh Gnóthaí Eachtracha a shlánú.


Leathanach sa Chuntas Leithreasa

Uimhir an Vóta

Teideal

An Bhreis a bhí ag an gCaiteachas ar an Meastachán Comhlán

Barrachas na Leithreasaí-igCabhair

An Méid atá le Vótáil

186

59

Gnóthaí Eachtracha

£7,573

£636

£6,937

Beidh ceadú an Oireachtais riachtanach le haghaidh na suime £6,937. Is mar gheall ar chaiteachas breise a bhain le haistriú oifigeach thar lear de bharr toscaí nach raibh coinne leo agus mar gheall ar chaiteachas níos airde ná mar a measadh ar phostas, páipéarachas, teileagraim, agus teileafóin, a tharla an bhreis caiteachais.


Ní léir don Choiste go bhfuil aon ní i gcoinne an tsuim sin a sholáthar trí vóta breise.


(Sínithe) LIAM MAC COSGAIR,


Cathaoirleach.


2 Samhain, 1960.