Committee Reports::Report - Institution of Civil Engineers of Ireland (Charter Amendment) Bill, 1959 [Private]::28 January, 1960::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE.

Déardaoin, 28 Eanáir, 1960.

Thursday, 28th January, 1960.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Suatman (i gCeannas), an Teachta Sheldon agus na Seanadóirí Ó Coigligh, Ó’ Riain agus de Stanfort.


3. Láithriú thar ceann na dtionscnóirí.


Láithrigh A. Denis Pringle, A.S., J. V. Coleman, B.L., agus Messrs. Barrington and Son, Gníomhairí Parlaiminte, thar ceann na dTionscnóirí, Comhairle Institiúid Innealtóirí Sibhialta na hÉireann.


4. Tacaíocht leis an Réamhrá.


Éisteadh A. Denis Pringle, A. S., agus J. V. Coleman, B.L., ag tacú le Réamhrá an Bhille agus ghlaodar finnéithe.


5. Ceistiú Finnéithe.


Rinneadh Frederick Pemberton, B.A., B.A.I., Cláraitheoir, Institiúid Innealtóirí Sibhialta na hÉireann; Edward J. F. Bourke, M.E., B.Sc., Leas-Uachtarán, agus Jeremiah A. O’Riordan, M.A., B.E., M.I.C.E., Leas-Uachtarán, a chur faoi mhionn agus a scrúdú.


Folmhaíodh an seomra.


6. Rinne an Coiste breithniú.


7. Miontuairiscí ar an bhFianaise.


Ordaíodh: Gan an fhianaise a chlóbhualadh, de bhun Buan-Ordú 80 (Gnó Príobháideach).


8. Breithniú an Bhille.


Bhreithnigh an Coiste an Bille.


(i) Cruthaíodh an Réamhrá.


(ii) Aontaíodh ailt 1 go 8 go huile.


(iii) Aontaíodh an Teideal.


9. Tuarascáil an Choiste.


Chuir an Cathaoirleach (An Teachta Suatman) Dréacht - Thuarascáil faoi bhráid an Choiste, léadh í den chéad agus den dara huair agus ritheadh í mar a leanas:—


The Joint Committee reports that it has examined the Preamble of the Bill and it has found that the allegations therein contained have been proved to its satisfaction. It has also gone through the Bill and has not made any amendment thereto.


Ordaíodh: Tuairisciú don dá Theach dá réir sin.


10. Críochnú Gnó.


Críochnaíodh gnó an Choiste ar 1 p.m.