Committee Reports::Report - Scheme for Contributory Pensions for Members of the Oireachtas::01 December, 1960::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTE

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE

Déardaoin, 1 Nollaig, 1960.

Thursday, 1st December, 1960.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11.15 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:


An Ceann Comhairle, Cathaoirleach an tSeanaid, Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, Leas-Chathaoirleach an tSeanaid, na Teachtaí Booth, Ó Coileáin, Mac Cuinneagáin, Ó hÉaluighthe, Ó Cadhain, Loughman, Mac Cárthaigh, Ó Súilleabháin, agus Suatman agus na Seanadóirí Ó Colla, Bean Uí Dhubhdail, Micheál Ó hAodha, Ó Murchadha, Ó Ciosáin agus Tadhg Ó Súilleabháin.


3. Cathaoirleach a Thoghadh.


Thairg an Teachta Ó hÉaluighthe:


“That the Ceann Comhairle be Chairman of the Committee”.


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Ceann Comhairle i gCeannas an Choiste dá réir sin.


4. Scéim do Phinsin Ranníocacha do Chomhaltaí.


Bhí ábhar faoi bhráid an Choiste a d’éirigh as réamhbhreithniú an scéil ag Coistí um Nós Imeachta agus Pribhléidí an dá Theach.


Rinne an Coiste breithniú.


Thug an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil ar aghaidh a léadh mar leanas:—


Aontaíodh míreanna 1 agus 2.


Aontaíodh an Fhoscríbhinn.


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil.


Ordaíodh: An Tuarascáil a thíolacadh don dá Theach.


5. Críochnú Gnó.


Críochnaíodh gnó an Choiste ar 12.40 p.m.