Committee Reports::Report - Institution of Civil Engineers of Ireland (Charter Amendment) Bill, 1959 [Private]::28 January, 1960::Orders of Reference

SEANAD ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

10 Meitheamh, 1959:—Beartaíodh: Go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste den dá Theach a cheapadh chun an Bille um Institiúid Innealtóirí Sibhialta na hÉireann (Cairt a Leasú), 1959, a bhreithniú, eadhon, Bille dá ngairtear Acht do leasú na Cairte faoinar corpraíodh Institiúid Innealtóirí Sibhialta na hÉireann ionas go leathnófar cuspóirí na hInstitiúide agus go n-athrófar na forálacha a bhaineann le comhaltas a Comhairle.


15 Iúil, 1959:—Ordaíodh: Go gceapfar Rogha-Choiste le comhcheangal le Rogha-Choiste a cheapfaidh Dáil Éireann chun an Bille um Institiúid Innealtóirí Sibhialta na hÉireann (Cairt a Leasú), 1959, a bhreithniú.


18 Samhain, 1959:—Seanadóirí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:—Seán Ó Coigligh, Eoin Ó Riain agus Liam de Stanfort.


18 Samhain, 1959:—Ceapadh Cathaoirleach don Chomhchoiste:—An Teachta Gearóid Suatman.


DÁIL ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

11 Meitheamh, 1959:—Beartaíodh: Go n-aontaíonn Dáil Éireann le Seanad Éireann ina Rún a cuireadh in iúl do Dháil Éireann an 10ú lá de Mheitheamh, 1959, go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste den dá Theach a cheapadh chun an Bille um Institiúid Innealtóirí Sibhialta na hÉireann (Cairt a Leasú), 1959, a bhreithniú.


16 Iúil, 1959:—Ordaíodh: Go gceapfar Rogha-Choiste le comhcheangal le Rogha-Choiste atá ceaptha ag Seanad Éireann chun an Bille um Institiúid Innealtóirí Sibhialta na hÉireann (Cairt a Leasú), 1959, a bhreithniú.


19 Samhain, 1959:—Teachtaí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:—Brendán Mac Fheórais, Cathal Ó hEochaidh agus Liam Sheldon.


19 Samhain, 1959:—Ceapadh Cathaoirleach don Chomhchoiste:—An Teachta Gearóid Suatman.