Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1959 - 1960::02 November, 1960::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

22 Meitheamh, 1960:—Ordaíodh, Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 123, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh, agus gurb é an Coiste Roghnóireachta a ainmneoidh comhaltaí an Choiste;


Go mbeidh sé de chumhacht ag an gCoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid;


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch an 31 Márta, 1960, a chur chun an Choiste chun iad a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


19 Iúil, 1960:—Ainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí na Teachtaí Booth, Seán de Brún, Micheál Mac Cárthaigh, Mac Cosgair, Mac Cuinneagáin, Ó Deasmhumhnaigh, Mac Eochagáin, Mac Seoin, Tadhg Ó Loingsigh, Ó Maoldhomhnaigh, Ó Tuathail agus Sheldon.