Committee Reports::Report - Consolidation Bills on the Fisheries (Consolidation) Bill, 1958::08 April, 1959::Orders of Reference

DÁIL ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

29 Bealtaine, 1957:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Orduithe Uimh. 109 de na Buan-Orduithe a bhaineas le Gnó Poiblí, Rogha-Choiste a cheapadh a bheas le comh-cheangal le Rogha-Choiste ó Sheanad Éireann chun an Buan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite a chomhdhéanamh; agus gurb é an Coiste Roghnaitheoireachta a ainmneos comhaltaí an Choiste [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


Ordaíodh: Teachtaireacht a chur chun an tSeanaid á chur sin in iúl dó.


5 Meitheamh, 1957:—Teachtaireacht ón Seanad: “Tá Seanad Éireann tar éis an tOrdú seo a leanas a dhéanamh:—


‘Go ndéanfar, de bhun Buan-Orduithe 91 F de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnótha Phoiblí, Rogha-Choiste a cheapadh a bheas le comhcheangal le Rogha-Choiste ó Dháil Éireann chun an Buan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite a chomhdhéanamh agus go ndéanfar ainmniú comhaltaí an Rogha-Choiste a chur faoi bhráid an Choiste Roghnaitheoireachta.”’


13 Meitheamh, 1957:—Comhaltaí a hainmníodh chun fónamh ar an mBuan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite Na Teachtaí Seán Ó Flannagáin, Séarlas Ó hEochaidh agus Pádraig Ó Domhnaill.


8 Eanáir, 1959:—Teachtaireacht ón Seanad: “Tá Seanad Éireann tar éis an Rún seo a leanas a rith agus is mian leis Dáil Éireann a chomhaontú leis:—


‘Go bhfuil sé oiriúnach go gcuirfear an Bille Iascaigh (Comhdhlúthú), 1958, faoi bhráid an Bhuan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite.”’


Beartaíodh: Go n-aontaíonn an Dáil leis an Seanad ina Rún a cuireadh in iúl don Dáil an 17ú lá de Nollaig, 1958, go bhfuil sé oiriúnach an Bille Iascaigh (Comhdhlúthú) 1958, a chur faoi bhráid an Bhuan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite [An t Aire Tailte].


Ordaíodh: Teachtaireacht a chur chun an tSeanaid á chur sin in iúl dó.


25 Feabhra, 1959:—Ordaíodh: Go gcuirfear an Bille Iascaigh (Comhdhlúthú), 1958 faoi bhráid an Bhuan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite:


Go gcomórfar an chéad chruinniú den Choiste ar dháta nach luaithe ná 26 Feabhra, 1959 [An tAire Tailte].


Teachtaireacht le cur chun an tSeanaid á chur sin in iúl dó.


SEANAD ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

5 Meitheamh, 1957:—Teachtaireacht ón Dáil: “Tá Dáil Éireann tar éis an tOrdú seo a leanas do dhéanamh:—


‘Go ndéanfar, de bhun Buan-Orduithe Uimh. 109 de na Buan-Orduithe a bhaineas le Gnó Poiblí, Rogha-Choiste a cheapadh a bheas le comhcheangal le Rogha-Choiste ó Sheanad Éireann chun an Buan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite a chomhdhéanamh; agus gurb é an Coiste Roghnaitheoireachta a ainmneos comhaltaí an Choiste.”’


Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Orduithe 91 F de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnótha Phoiblí, Rogha-Choiste a cheapadh a bheas le chomhcheangal le Rogha-Choiste ó Dháil Éireann chun an Buan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite a chomhdhéanamh agus go ndéanfar ainmniú comhaltaí an Rogha-Choiste a chur faoi bhráid an Choiste Roghnaitheoireachta [An Seanadóir Ó Ciosáin].


19 Meitheamh, 1957:—Seanadóirí a hainmníodh chun fónamh ar an mBuan-Chomh-Choiste: Na Seanadóirí Brian O Líonacháin, Seán Ó Coigligh agus Eoin Ó Riain.


17 Nollaig, 1958:—Beartaíodh: Go bhfuil sé oiriúnach go gcuirfear an Bille Iascaigh (Comhdhlúthú), 1958, faoi bhráid an Bhuan-Chomhcoiste um Billí Comhdhlúite [An Seanadóir Tomás Ó Maoláin].


Ordaíodh: Teachtaireacht a chur chun na Dála á chur sin in iúl di.


4 Feabhra, 1959:—Léadh Ordú an lae chun an Teachtaireacht seo a leanas ó Dháil Éireann a bhreithniú:—


“Tá Dáil Éireann tar éis an Rún seo a leanas a rith:—


‘Go n-aontaíonn an Dáil leis an Seanad ina Rún a cuireadh in iúl don Dáil an 17ú lá de Nollaig, 1958, go bhfuil sé oiriúnach an Bille Iascaigh (Comhdhlúthú), 1958, a chur faoi bhráid an Bhuan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite.”’


Ordaíodh: Go gcuirfear an Bille Iascaigh (Comhdhlúthú), 1958, faoi bhráid an Bhuan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite.


Ordaíodh: Go gcomórfar an chéad chruinniú den Choiste ar dháta nach luaithe ná 26 Feabhra, 1959 [An Seanadóir Tomás Ó Maoláin].


Ordaíodh: Teachtaireacht a chur chun Dáil Éireann á chur sin in iúl di.


4 Márta, 1959:—Fuarthas an Teachtaireacht seo a leanas ón Dáil:—


“Tá Dáil Éireann tar éis na hOrduithe seo a leanas a dhéanamh:—


‘Go gcuirfear an Bille Iascaigh (Comhdhlúthú), 1958, faoi bhráid an Bhuan-Chomhchoiste um Billí Comhdhlúite.’


Go gcomórfar an chéad chruinniú den Choiste ar dháta nach luaithe ná 26 Feabhra, 1959.”’