|
TUARASCAILCUID I.1. O ceapadh an Rogha-Choiste, scrúdaigh sé an céad caoga a trí (153) ionstraim reachtúil atá ar liosta sna hImeachta. I gcúrsa comhfhreagrais le Ranna, fuair an Coiste le fios go raibh deich gcinn de na hionstraimí sin, a leagadh os comhair Sheanad Éireann mar thíolacais reachtúla, nach raibh ceanglas reachtúil ann maidir lena leagadh os comhair Sheanad Éireann agus, dá bhrí sin, níor bhain Ordú Tagartha an Rogha-Choiste leo. Tá cóipeanna den chomhfhreagras a bhain leis sin i bhFo-Scríbhinn I atá ag gabháil leis an Tuarascáil seo. 2. Chinn an Rogha-Choiste gur cheart, maidir leis na hionstraimí a scrúdaíodh, aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar fiche (20) ionstraim a bhfuil sonraí ina dtaobh i gCuid II den Tuarascáil seo. 3. I dteannta aird a dhíriú ar ionstraimí sonraithe, is é mian an Rogha-Choiste tuairimí ginearálta áirithe a lua maidir le nithe a thug sé faoi deara le linn a bhreithnithe. Tá na tuairimí sin i gCuid III den Tuarascáil seo. 4. Do réir a Orduithe Thagartha, thug an Rogha-Choiste, sara dtug sé a thuarascáil, deis do gach Roinn Rialtais nó údarás eile lena mbaineann pé mínithe a thabhairt ba chuí le húdarás dhéanta na hionstraime. Tá cóipeanna de na meabhráin a tugadh mar mhínithe den tsórt sin i bhFo-Scríbhínní I go dtí XV atá ag gabháil leis an Tuarascáil seo. CUID II.5. Mheas an Rogha-Choiste nár ghá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar aon ionstraim ar fhorais (ii) agus (iii) den Ordú Tagartha. 6. Ar fhoras (i), is é sin, “go bhforchuireann sí muirear ar an ioncam poiblí nó go bhfuil inti forála á cheangal íocaíochta a dhéanamh leis an Stát-Chiste nó le haon Roinn Rialtais nó le haon údarás, áitiúil nó poiblí, i gcomaoin aon cheadúnais nó toilithe, nó i gcomaoin aon tseirbhísí a bheas le déanamh nó go n-ordaíonn sí méid aon mhuirir nó íocaíocht den tsórt sin”, tá aird speisialta Sheanad Éireann á dhíriú ar an ionstraim seo a leanas:— Barántas na Nuachtán (Seirbhís Speisialta Iompair i bPost-Chairr na bPost-Oifige), 1957. [I.R. Uimh. 37 de 1957.] Udaraíonn an barántas seo búrlaí nuachtán laethúla nua-fhoilsithe d’iompar i bpost-chairr Phost-Oifige ar sheirbhísí tuaithe agus socraíonn sé an scála éilithe ina leith sin, agus rinneadh é faoi údarás an Post Office Act, 1908. Bhéarfar faoi deara sa mheabhrán ón Roinn Airgeadais (léigh Fo-Scríbhinn II) gur deimhin leis an Ard-Aighne go bhfuil an ionstraim dlíthiúil. Cé nach mbeadh súil, i gcoitinne, áfach, go dtiocfadh socrú scála táillí i leith seirbhíse den tsórt sin faoi réim an Post Office Act, 1908, chinn an Choiste gur ceart aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar an ionstraim. 7. Ar fhoras (iv), is é sin, “go n-airbheartaíonn sí éifeacht chúlghabhálach a bheith aici nuair nach dtugann an Reacht bunaidh aon údarás sainráite chun sin d’fhoráil”, tá aird speisialta Sheanad Eireann á dhíriú ar an ionstraim seo a leanas:— An tOrdú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1957 [I.R. Uimh. 231 de 1957]. Rinneadh an tOrdú sin faoi alt 13 d’Acht Cónasctha na bhFórsaí Poilíneachta, 1925, agus leasaíonn sé an tOrdú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1925, arna leasú, ionas go bhforáltar go bhféadfar sochar forál Acht na bPinsean (Méadú), 1956, a thabhairt do phinsinéir Gharda a bhfuil íocaíocht scoir Airm á fháil aige. Rinneadh an tOrdú an 8 Samhain, 1957, ach airbheartaíonn sé éifeacht a bheith aige ón 1 Lúnasa, 1956, an dáta ónarbh iníoctha na méaduithe a húdaraítear le hAcht na bPinsean (Méadú), 1956. Bhéarfar faoi deara ón gcomhfhreagras leis an Roinn Dlí agus Cirt (léigh Fo-Scribhinn III), gurb é fáth a mb’éigin an tOrdú a dhéanamh cás pinsinéara áirithe nár tugadh faoi deara sarar ritheadh Acht 1956. De bhrí nach dtugann Acht Cónasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925, aon údarás sainráite chun Ordú den tsórt sin a dhéanamh, agus éifeacht chúlghabhálach aige, tá aird speisialta Sheanad Éireann á dhíriú ar an ionstraim. 8. Ar fhoras (v), is é sin, “go ndealraíonn sé go raibh moill neamhchóir ag baint lena leagadh os comhair Sheanad Éireann nó lena foilsiú”, tá aird speisialta Sheanad Éireann á dhíriú ar na cúig ionstraimí seo a leanas:— An tOrdú um Fhodhlithe Chaladh Thuaidh Phortláirge, 1956 (Daingniú), 1957 [I.R. Uimh. 31 de 1957]. Rinneadh an tOrdú: 15 Feabhra, 1957; Leagadh é: 26 Feabhra, 1957. Tá míniú na Roinne i bhFo-Scríbhinn IV. An tOrdú um an Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1938 (Alt 10) (Díolúine), 1957 [I.R. Uimh. 29 de 1957]. Rinneadh an tOrdú: 22 Feabhra, 1957; Leagadh é: 8 Márta, 1957. Tá míniú na Roinne i bhFo-Scríbhinn V. Ordú na Saothraithe, 1957. Rinneadh an tOrdú: 7 Meitheamh, 1957; Leagadh é: 28 Meitheamh, 1957. Tá míniú na Roinne i bhFo-Scríbhinn VI. Scéim Aoisliúntais Foirne an Bhoird Iascaigh Mhara. Haontaíodh leis an Scéim: 13 Nollaig, 1957; Leagadh í: 15 Eanáir, 1958. Tá míniú na Roinne i bhFo-Scríbhinn VII. An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Córas Iompair Éireann) (Seirbhísí Iarnróid a Laghdú), 1944 (Cúlghairm), 1957 [I.R. Uimh. 60 de 1957]. Rinneadh an tOrdú: 16 Márta, 1957; Leagadh é: 25 Márta, 1957. Tá an comhfhreagras i dtaobh an Orduithe sin i bhFo-Scríbhinn VIII. 9. Ar fhoras (vi), is é sin, “go mba cheart, ar aon fháth speisialta, a foirm nó a hairbheart, a shoiléiriú”, tá aird speisialta Sheanad Éireann á dhíriú ar an gceathair déag (14) ionstraimí seo a leanas:— An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Córas Iompair Éireann) (Seirbhísí Iarnróid a Laghdú), 1944 (Cúlghairm), 1957 [I.R. Uimh. 60 de 1957]. An tOrdú um an Acht chun Géim a Chosaint (Tréimhse faoi Alt 27) (Fadú), 1957 [I.R. Uimh. 76 de 1957]. Na Rialacháin um Chuntais Aturnaethe, 1957 [I.R. Uimh. 252 de 1957]. Rinne Rogha-Choiste roimhe seo moltaí áirithe*i dtaobh an údaráis reachtúil faoina ndéantar ionstraim a lua go cruinn agus, go háirithe, mhol sé scor den abairt “gach cumhacht agus aon chumhachta eile lena gcuirtear seo ar mo chumas” d’úsáid. Aontaíonn an Coiste leis an tuairim go bhfuil an baol ann den abairt sin d’úsáid lua d’fhágaint gan mhaith mar shlí chun na cumhachta faoina ndearnadh ionstraim d’fháil amach. Chinn sé, dá bhrí sin, aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na trí hionstraimí sin roimhe seo mar tá sa lua údaráis, i ngach ceann acu, abairt den tsaghas dá dtagartar agus gan é soiléir gur gá í. Léifear as an gcomhfhreagras leis na húdaráis lena mbaineann (léigh Fo-Scríbhinn VIII) gurb é ba chúis leis na habairtí a chur isteach, sna cásanna atá i gceist, gur mainníodh na moltaí roimhe seo ina leith a thabhairt faoi deara. An tOrdú um Oibriú Cora Iascaigh (Uimh. 2), 1957 [I.R. Uimh. 1 de 1957]. An tOrdú um Cheantair Chúnaimh Phoiblí Ráth an Dúin agus Cill Mhantáin (Tóranna d’Athrú), 1957 [I.R. Uimh. 215 de 1957]. Rinneadh gach aon Ordú acu sin faoi údarás reachta áirithe a leagas síos ceanglais nach foláir a chomhlíonadh sara ndéantar an t-ordú. Mhol Rogha-Choiste roimhe seo†gur cheart, i gcásanna den tsórt sin, ráiteas achomair a bheith san ionstraim gur comhlíonadh na ceanglais sin ach ní dhearnadh do réir an mholta sin nuair a bhítheas ag dréachtú na n-orduithe sin. Léifear as na mínithe ó na Ranna lena mbaineann (léigh Fo-Scríbhinn IX) gur cheal gan cuimhniú ar an moladh an mhainneachtain sa dá chás. Na Rialacháin um Fheithiclí a Shoilsiú (Leasú), 1956 [I.R. Uimh. 334 de 1956]. Na Rialacháin um Fheithiclí Móra Seirbhíse Poiblí (Leasú), 1957 [I.R. Uimh. 5 de 1957]. An tOrdú um Cheantar Uirbeach Cheanannus Mór (Tórainn d’Athrú), 1957 [I.R. Uimh. 35 de 1957]. An tOrdú um Cheantar Uirbeach Inis Corthaidh (Tórainn d’Athrú), 1957 [I.R. Uimh. 36 de 1957]. Ní dealraitheach don Choiste go bhfuil feidhm ag forála an Achta Léiriúcháin, 1937, uaidh féin i leith ionstraimí reachtúla a déantar faoi údarás reacht a ritheadh sarar hachtaíodh Bunreacht na hÉireann i 1937. Is gnás an clásal seo a leanas a chur in ionstraimí den tsórt sin:— “Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937) leis an Ordú seo (nó leis na Rialacháin seo).” Níl aon chlásal den tsórt sin in aon cheann de na ceithre hionstraimí sin ach tá geallta ag an Roinn lena mbaineann an mhainneachtain sin a leigheas nuair a beifear ag dréachtú ionstraimí den tsórt sin amach anseo (léigh Fo-Scríbhinn X). An tOrdú Caomhaonta Eanacha Géim, 1957 [I.R. Uimh. 72 de 1957]. Mar gheall ar an gcuma a bhfuil an chaint curtha in airteagal amháin (airteagal 4) den Ordú sin, tá roinnt amhrais ann i dtaobh ré agus réim a fhorál. De thoradh comhfhreagrais leis an Roinn lena mbaineann (léigh Fo-Scríbhinn XI) cinneadh, chun na pointí sin a bheith soiléir, gur caint leasaithe a cuirfear in aon orduithe den tsórt sin feasta. Na Rialacháin um Leasacháin, Abhair Bheatha agus Meascáin Mhianrúla, 1957 [I.R. Uimh. 264 de 1957]. Ordaíonn na rialacháin sin, inter alia, méid na táille is iníochta as taifeach a dhéanamh ar aon leasachán, abhar beatha cumaíscthe nó meascán mianrúil. Cuireadh in iúl sna rialacháin go bhfuarthas, do réir forál an reachta bhunaidh, toilliú an Aire Airgeadais leis an táille a sonraítear, ach níl toiliú an Aire sin curtha in iúl, mar is gnáth a dhéanamh, trína shíniú ar an ionstraim. Cuireadh in iúl don Rogha-Choiste (léigh Fo-ScríbhinnXII) gur cheal nár cuimhníodh air an mhainneachtain sin agus go dtabharfar aird shonraithe ar an bpointe sin nuair a beifear ag dréachtaí rialacháin den tsort sin amach anseo. An tOrdú i dtaobh na Rialachán um na hAchta Muc agus Bagúin, 1935 go 1956 (An Coimisiún Muc agus Bagúin) (Uimh. 2), 1957 [I.R. Uimh. 171 de 1957]. Is é an Coimisiún Muc agus Bagúin a rinne an ionstraim sin agus níl aon tagairt sa lua údaráis don alt a chumasíos don Choimisiún rialacháin den tsórt sin a dhéanamh agus tá an sceideal a ghabhas léi síos ó shéala an Choimisiún in ionad a bheith roimhe. Ina theannta sin, ordú a bheirtear ar an ionstraim agus tá airteagal amháin di dréachtaithe amhail is dá mb’ordú í cé gur faoi údarás reachtúil a rinneadh í nach gceadaíonn ach rialacháin a dhéanamh. Tá an méid a chuir an Coimisiún in iúl ina leith i bhFo-Scríbhinn XIII agus bhéarfar faoi deara go mbeartaíonn an Coimisiún, ar mholadh a chomhairleora dlí, an ionstraim sin a chúlghairm agus rialacháin nua a dhéanamh ina ionad. An tOrdú Ime (Rialú i Límistéir Sceidealta), 1957 [I.R. Uimh. 53 de 1957.] Na Rialacháin Im-Bhoscaí (Srian ar Dhíol), 1957 [I.R. Uimh. 55 de 1957]. I bhfoirm Orduithe a rinneadh an chéad cheann de na hionstraimí thuasluaite ach is rialacháin amháin a bheir an t-údarás reachtúil de chumhacht a dhéanamh. Sa dara hionstraim, tá ceann de na hairteagail dreachtaithe amhail is dá mb’ordú agus nár rialacháin an ionstraim. Dhealródh sé ó chomhfhreagras leis an Roinn Talmhaíochta (léigh Fo-Scríbhinn XIV (1) go (5)) gurb é is cúis leis na dearmaid sin gur bunaíodh na hionstraimí ar ionstraimí cúlghairmthe gan cuimhniú ar athruithe san údarás reachtúil. Bhéarfar faoi deara go ndeachthas i gcomhairle leis an Ard-Aighne faoin scéal agus go measann sé, cé gur dóigh leis nach scéal gan amhras é, gur féidir a ghlacadh go bhfuil an ionstraim bailí. CUID III.10. Orduithe agus Rialacháin. Is orduithe nó rialacháin iad formhór na n-ionstraimí reachtúla a scrúdaigh an Rogha-Choiste. Ní léir cén mhór-dhifríocht, más ann, atá idir orduithe agus rialacháin agus samhlaítear don Choiste nach bhfuiltear ró-shoiléir i dtaobh cén difríocht atá idir an dá chineál ionstraimí reachtúla seo. I bhFo-Scríbhinn I tá cóipeanna de chomhfhreagras a bhí ann i dtaobh roinnt orduithe a leagadh os comhair Sheanad Éireann mar thíolacais reachtúla faoi fhorála a cheanglaíos rialacháin a leagadh faoina bhráid ach nach gceanglaíonn amhlaidh i gcás orduithe. Tá aird speisialta Sheanad Éireann á dhíriú i mír 9 den Tuarascáil seo ar ionstraim a dréachtaíodh i bhfoirm orduithe nuair is é d’ordaigh an t-údarás reachtúil rialacháin a dhéanamh. Sa mhír sin 9 táthar á iarraidh freisin aird a thabhairt ar dhá rialachán ar dréachtaíodh clásail díobh amhail is dá mba orduithe na hionstraimí. Mar gheall ar an iomrall dar tagraíodh ní miste fiafraí cén chúis go bhforáltar i reachta go bhféadfar nithe áirithe a dhéanamh le hordú agus nithe eile le rialacháin. Ní féidir bheith in amhras ná gur d’aonghnó a rinneadh an t-idirdhealú mar tugann go leor Acht an chumhacht chun an dá chineál ionstraime a dhéanamh, le haghaidh críocha difriúla dar ndóigh. Ní fheictear don Rogha-Choiste, tar éis scrúdú a dhéanamh ar na hionstraimí a bhí faoina mbreithniú, gur leanadh d’aon chleachtadh áirithe chun idirdhealú idir an dá aicme reachtaíochta tarmligthe seo. Bheir an Coiste dá n-aire, mar shampla, gur le hordú a chumasaíos an tAcht Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1938, díolúine a thabhairt óna fhorála maidir lerialú ceadúnas allmhuirithe, e.g. An tOrdú Díolúine um an Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1938 (Alt 20 (2)), 1957, ach gur le rialacháin a feidhmítear an chumhacht chun díolúine a thabhairt ó fhorála áirithe den Acht um Ola-Thruailliú na Farraige, 1956, e.g. Na Rialacháin fán Acht um Ola-Thruailliú na Farraige 1956 (Eisceachta agus Díolúine), 1957. Arís is le rialacháin a rialaítear tabhairt an eolais faoin Acht um Staidreamh Beatha agus an Chlárú Breitheamh, Bása agus Póstaí, 1952, e.g., Na Rialacháin um Staidreamh Beatha (Leasú), 1957, ach is le hordú a déileáltar le bailiú staidrimh faoin Acht Staitistíochta, 1926, e.g. An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Imdháil), 1957. Bheir an Rogha-Choiste faoi deara go ndéantar, faoi fhorála an Achta Léiriúcháin, 1937 [A. 15(3)], an chumhacht chun rialacháin, rialacha nó fo-dhlithe a dhéanamh d’fhorléiriú mar ní a fholaíos cumhacht “chun cúlghairm nó leasú a dhéanamh ar aon rialacháin, rialacha nó fo-dhlithe a déanfar faoin gcumhacht sin agus (más gá é) chun rialacháin, rialacha, nó fo-dhlithe eile a dhéanamh in ionad na gceann a cúlgharmfear amhlaidh”. Níl aon lua ar orduithe sa bhforáil sin agus dhealródh sé go gcaithfidh cumhacht shainráite do leasú agus do chúlghairm orduithe a bheith sa reacht bunaidh, nuair is gá é. Is é b’fhachtas don Choiste go dtugann an reacht bunaidh an chumhacht sin de ghnáth. Cé go dtuigeann an Rogha-Choiste nach bhfuil aon difríocht eatorthu ó thaobh bailíochta dlí, is dóigh leis gur chóir aicmiú éigin a dhéanamh d’fhonn idirdhealú idir orduithe agus rialacháin. Cúis iomroill é na téarmaí sin a bheith á n-úsáid, mar dhealródh sé, gan dealú ó chéile nuair a bhíos tuairisc á thabhairt ar an ionstraim trína bhfeidhmítear cumhacht na reachtaíochta tarmligthe agus cabhraíonn sé leis an sórt carráide ar a bhfuil aird á dhíriú ag an gCoiste. Molann an Coiste go mb’fhéidir nár cheart an focail “rialachán” d’úsáid ach amháin mar thuairisc ar ionstraim a dhéanas dlí lena mbeidh feidhm ghinearálta nó a ordaíos rialacha a bheas le comhlíonadh go coitian. D’fhéadfadh orduithe baint le háiteanna, daoine nó aicmí sonraithe nó le cásanna ar ghá déileáil ar leithligh leo. 11. Gearrtheidil. Is dóigh leis an Rogha-Choiste gur chóir gearrtheidil ionstraimí reachtúla a bheith chomh gearr agus chomh huileghabhálach agus is féidir. Measann sé nach gá de ghnáth ainm iomlán an reachta bhunaidh a chur sa teideal mar nuair a cuirtear tagann de go mbíonn teidil mhíchothroma ar nós: “An tOrdú fán Ordú um an Acht Táirgí Talmhaíochta agus Iascaigh (Onnmhuiriú a Rialú), 1947 (Eanlaithe Clóis agus Coiníní d’Onnmhuiriú), 1950 (Leasú Sealadach), 1957”. Is dóigh leis an gCoiste freisin, i gcás comhlachta déanta rialacha, nach gá ainm an chomhlachta a chur i ngearrtheideal ionstraime mura dtagraíonn an ionstraim do chóiriú nó do chúrsaí inmheánacha an chomhlachta sin, e.g., “An tOrdú i dtaobh na Rialachán um na hAchta Muc agus Bagúin, 1935 go 1956 (An Coimisiún Muc agus Bagúin) (Uimh. 2), 1957.” Mar chríoch, b’fhearr leis an gCoiste abairt a bheith i ngach gearrtheideal ag lua ábhair na hionstraime, fé mar atá sna “Rialacháin Radio-Thelegrafaíochta (Ceadúnas Radio Gnótha), 1957”, ná tagairt a bheith ann d’alt Achta fé mar atá san “Ordú um an Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1938 (Alt 19(2)), 1957”. Measann an Coiste gur mó an leas a bainfí as treoir-chláir agus gur mó an áirge a bheadh iontu dá nglactaí leis na molta seo. 12. Ionstraimí Reachtúla a Leasú agus a Chomhdhlúthú. Nuair is gá mór-leasú a dhéanamh ar ionstraim reachtúil ba mhaith leis an gCoiste, dá mb’fhéidir, dá gcúlghairmtí an ionstraim agus ceann a chur ina ionad ina mbeadh na leasuithe ba ghá. Tá cás in aigne an Choiste ar nós na Rialacháin um Ghorlanna Éanlaithe Clóis, 1957, arb é atá ann ar fad leasuithe mionchruinne ar na Rialacháin um Ghorlanna Éanlaithe Clóis, 1953, agus nach féidir aon airteagal áirithe de a thuiscint gan tagairt do na rialacháin roimhe sin. Sa chás áirithe seo measann an Coiste go mb’fearr, ar mhaithe leis an tsoiléire, dá gcuirtí rialacháin uileghabhálacha, a mbeadh na leasuithe iontu, in ionad rialachán 1953 agus tá sé le tabhairt faoi deara (léigh Fo-Scríbhinn XV) go bhfuil an Roinn lena mbaineann ar aon aigne leis an tuairim seo ach nach féidir leo leanúint le hullmhú na rialachán sin go dtí go mbeidh socrú déanta i dtaobh reachtaíocht leasaitheach d’achtú. I gcás ionstraimí a ndearnadh leasuithe orthu i gcaitheamh tréimhse blian ar nós na Scéime Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1937, measann an Rogha-Choiste gur gá comhdhlúthú a dhéanamh agus ba mhaith leis dá dtugtaí faoin obair sin a dhéanamh i dtráth chaothúil. (Sínithe) GEORGE O’BRIEN, Cathaoirleach. 11 Iúil, 1958. * An Chéad Tuarascáil (Pr. 3001): mír 9; An Dara Tuarascáil (Pr. 3864); mír 9. † An Chéad Tuarascáil (Pr. 3001); mír 8. |
||||||||||||