Committee Reports::Report No. 01 (1958) - Statutory Instruments [20]::11 July, 1958::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé hAoine, 11 Iúil, 1958.

Friday, 11th July, 1958.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Artúir, Mac Giolla Chomhghaill, Ó Fearáin agus Ó Murchadha.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir Ranna isteach do réir Orduithe den 29 Márta, 1958 a bhreithniú:—


(i) D’aontaíodh: Nár bhain Ordú Tagartha an Choiste leis an ionstraim seo a leanas:—


An tOrdú um an Acht Monarchan, 1955 (Tosach Feidhme Alt 34 agus 35), 1957 [I.R. Uimh. 260 de 1957].


(ii) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacháin um Ola-Thruailliú na Farraige (Taifid), 1957 [I.R. Uimh. 206 de 1957].


Na Rialacháin um Ghorlanna Eanlaithe Clóis, 1957 [I.R. Uimh. 229 de 1957].


(iii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (iv) den Ordú Tagartha:—


An tOrdú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1957 [I.R. Uimh. 231 de 1957].


(iv) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (v) den Ordú Tagartha:—


Scéim Aoisliúntais Foirne an Bhoird Iascaigh Mhara.


(v) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar na hionstraimí seo a leanas ar fhoras (vi) den Ordú Tagartha:—


Na Rialacháin Im-Bhoscaí (Srian ar Dhíol), 1957 [I.R. Uimh. 55 de 1957].


An tOrdú Ime (Rialú i Límistéir Sceidealta), 1957 [I.R. Uimh. 53 de 1957].


Na Rialacháin um Leasacháin, Abhair Bheatha agus Meascáin Mhianrúla, 1957 [I.R. Uimh. 264 de 1957].


An tOrdú um Cheantair Chúnaimh Phoiblí Ráth an Dúin agus Cill Mhantáin (Tóranna d’Athrú), 1957 [I.R. Uimh. 215 de 1957].


Na Rialacháin um Chuntais Aturnaethe, 1957 [I.R. Uimh. 252 de 1957].


An tOrdú i dtaobh na Rialachán um na hAchta Muc agus Bagúin, 1935 go 1956 (An Coimisiún Muc agus Bagúin) (Uimh. 2), 1957 [I.R. Uimh. 171 de 1957].


4. Tuarascáil an Choiste.


Thug an Cathaoirleach Dréacht-Thuarascáil i láthair agus léadh í mar leanas:—


D’aontaíodh míreanna 1 go 12 go huile.


D’aontaíodh an Dréacht-Thuarascáil.


D’ordaíodh: An Tuarascáil a thíolacadh do Sheanad Éireann.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 11.45 a.m.