Committee Reports::Report - Convalescent Home Stillorgan (Charter Amendment) Bill, 1958 [Private]::08 July, 1958::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOMHCHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE.

Dé Máirt, 8 Iúil, 1958.

Tuesday, 8th July, 1958.

1. Chruinnigh an Coiste ar 10.30 a.m.


2. Comhaltai i Lathair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Suatman (i gCeannas), na Teachtaí Ó hEochaidh agus Sheldon agus na Seanadóirí Ó Coigligh, Ó Riain agus de Stanfort.


3. Laithriu thar ceann na dtionscnoiri.


Láithrigh Maolchoilm Ellis, A. S., Uinseann Leaindi, B.L., agus Muintir Franks agus Oulton, Gníomhairí Parlaiminte, thar ceann na dTionscnóirí, Gobharnóirí agus Cómhaltaí Choiste Bainistí an Teach Téarnaimh, Teach Lorcáin.


4. Tuarascail o Choimisineiri na dTabhartas agus na dTiomanta Deirciula dEirinn.


Léadh tuarascáil ar an mBille ó Choimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomanta Déirciúla d’Éirinn.


5. Tacaiocht leis an Reamhra.


D’éisteadh Maolchoilm Ellis, A. S., agus Uinseann Leaindi, B.L., ag tacú le Réamhrá an Bhille agus ghlaodar finnéithe.


6. Ceistiu Finneithe.


Rinneadh Caitríona Ró-Onórach Bean Uí Bhroin, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Cathaoirleach an Choiste Bhainistí, Oilibhéar Ó Cléirigh, an Rúnaí, an Teach Téarnaimh, Teach Lorcáin, Allsún Bean de Hál agus J. M. Fairweather, F.R.I.A.I., Comhaltaí den Choiste Bainistí agus an Dr. Deasún de C. Wheeler, Lia Cuarda, a chur faoi mhionn agus a cheistiú.


Folmhaíodh an seomra.


7. Rinne an Coiste breithniú.


8. Miontuairisci ar an bhFianaise


D’ordaíodh: Gan an fhianaise a chlóbhualadh, de bhun Buan-Ordú 80 (Gnó Príobháideach).


9. Athla.


Chuaigh an Coiste ar athló a 1.10 p.m.