Committee Reports::Report and Proceedings - Law Reform (Personal Injuries) Bill, 1957::05 November, 1958::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE SPEISIALTA.

PROCEEDINGS OF THE SPECIAL COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 5 Samhain, 1958.

Wednesday, 5th November, 1958.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An tAire Dlí agus Cirt, na Teachtaí G. Ó Beoláin, Booth, Ó Cearbhaill, Mac Giobúin, Ó hEochaidh, Mac Seoin, Ó Cadhain, Ó Lorcáin, S. Mac Cárthaigh Mac Giollagáin, agus Tomás Ó hUiginn.


3. Cathaoirleach a Thoghadh.


Thairg an Teachta Ó hEochaidh:


“That Deputy McGilligan be Chairman of the Committee.”


Cuireadh agus d’aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Mac Giollagáin i gCeannas an Choiste dá Choiste dá réir sin.


4. Fógra i dTaobh Leasuithe.


D’ordaíodh: Go dtabharfar fógra i dtaobh leasuithe a tairgfear ar an mBille tráth nach déanaí ná Dé Céadaoin, 26 Samhain, 1958.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 4.15 p.m. go dtí 4.15 p.m. Dé Céadaoin, 3 Nollaig, 1958.