Committee Reports::Report - Destructive Insects and Pests (Consolidation) Bill, 1957::30 January, 1958::Orders of Reference

DÁIL ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

29 Bealtaine, 1957:—D’ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Orduithe Uimh. 109 de na Buan-Orduithe a bhaineas le Gnó Poiblí, Rogha-Choiste a cheapadh a bheas le comh-cheangal le Rogha-Choiste ó Sheanad Éireann chun an Buan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite a chomhdhéanamh; agus gurb é an Coiste Roghnaitheoireachta a ainmneos comhaltaí an Choiste [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


D’ordaíodh: Teachtaireacht a chur chun an tSeanaid á chur sin in iúl dó.


5 Meitheamh, 1957:—Teachtaireacht ón Seanad: “Tá Seanad Éireann tar éis an tOrdú seo a leanas a dhéanamh:—


‘Go ndéanfar, de bhun Buan-Orduithe 91 F de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnótha Phoiblí, Rogha-Choiste a cheapadh a bheas le comhcheangal le Rogha-Choiste ó Dháil Éireann chun an Buan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite a chomhdhéanamh agus go ndéanfar ainmniú comhaltaí an Rogha-Choiste a chur faoi bhráid an Choiste Roghnaitheoireachta.”’


13 Meitheamh, 1957:—Comhaltaí a hainmníodh chun fónamh ar an mBuan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite: Na Teachtaí Seán Ó Flannagáin, Séarlas Ó hEachaidh agus Pádraig Ó Domhnaill.


20 Samhain, 1957:—Teachtaireacht ón Seanad: “Tá Seanad Éireann tar éis an Rún seo a leanas a rith agus is mian leo Dáil Éireann do chomhaontú leis:—


‘Go bhfuil sé oiriúnach Bille na Míngeacha Millteacha agus na Loitmhíola (Comhdhlúthú) 1957, a chur faoi bhráid an Bhuan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite.”’


Beartaíodh: Go n-aontaíonn an Dáil leis an Seanad ina Rún a cuireadh in iúl don Dáil an 13ú lá de Shamhain, 1957, go bhfuil sé oiriúnach Bille na Míngeacha Millteacha agus na Loitmhíola (Comhdhlúthú), 1957, a chur faoi bhráid an Bhuan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite [An tAire Talmhaíochta].


D’ordaíodh: Teachtaireacht a chur chun an tSeanaid á chur sin in iúl dó.


28 Samhain, 1957:—D’ordaíodh: Go gcuirfear Bille na Míngeacha Millteacha agus na Loitmhíola (Comhdhlúthú), 1957, faoi bhráid an Bhuan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite.


D’ordaíodh: Go gcomórfar an chéad chruinniú den Choiste ar dháta nach luaithe ná 5 Nollaig, 1957 [An tAire Gnóthaí Eachtracha].


D’ordaíodh: Teachtaireacht a chur chun an tSeanaid á chur sin in iúl dó.


SEANAD ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

5 Meitheamh, 1957:—Teachtaireacht ón Dáil: “Tá Dáil Éireann tar éis an tOrdú seo a leanas do dhéanamh:—


‘Go ndéanfar, de bhun Buan-Orduithe Uimh. 109 de na Buan-Orduithe a bhaineas le Gnó Poiblí, Rogha-Choiste a cheapadh a bheas le comh-cheangal le Rogha-Choiste ó Sheanad Éireann chun an Buan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite a chomhdhéanamh; agus gurb é an Coiste Roghnaitheoireachta a ainmneos comhaltaí an Choiste.”’


D’ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Orduithe 91 F de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnótha Phoiblí, Rogha-Choiste a cheapadh a bheas le chomhcheangal le Rogha-Choiste ó Dháil Éireann chun an Buan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite a chomhdhéanamh agus go ndéanfar ainmniú comhaltaí an Rogha-Choiste a chur faoi bhráid an Choiste Roghnaitheoireachta [An Seanadóir Ó Ciosáin].


19 Meitheamh, 1957:—Seanadóirí a hainmníodh chun fónamh ar an mBuan-Chomh-Choiste: Na Seanadóirí Brian Ó Líonacháin, Seán Ó Coigligh agus Eoin Ó Riain.


13 Samhain, 1957:—Beartaíodh: Go bhfuil sé oiriúnach go gcuirfear Bille na Míngeacha Millteacha agus na Loitmhíola (Comhdhlúthú), 1957, faoi bhráid an Bhuan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite [An Seanadóir Ó Ciosáin].


D’ordaíodh: Teachtaireacht a chur chun na Dála á chur sin in iúl di.


27 Samhain, 1957:—Léadh Ordú an lae chun an Teachtaireacht seo a leanas ón Dáil a bhreithniú:—


“Tá Dáil Éireann tar éis an Rún seo a leanas a rith:—


‘Go n-aontaíonn an Dáil leis an Seanad ina Rún a cuireadh in iúl don Dáil an 13ú lá de Shamhain, 1957, go bhfuil sé oiriúnach Bille na Míngeacha Millteacha agus na Loitmhíola (Comhdhlúthú), 1957, a chur faoi bhráid an Bhuan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite.”’


D’ordaiodh: Go gcuirfear Bille na Míngeacha Millteacha agus na Loitmhíola (Comhdhlúthú), 1957, faoi bhráid an Bhuan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite.


D’ordaíodh: Go gcomórfar an chéad chruinniú den Choiste ar dháta nach luaithe ná 5 Nollaig, 1957 [An Seanadóir Tomás Ó Maoláin].


D’ordaíodh: Teachtaireacht a chur chun na Dála á chur sin in iúl di.


4 Nollaig, 1957:—Fuarthas an Teachtaireacht seo a leanas ón Dáil:—


“Rinne Dáil Éireann na horduithe seo a leanas:—


‘Go gcuirfear Bille na Míngeacha Millteacha agus na Loitmhíola (Comhdhlúthú), 1957, faoi bhráid an Bhuan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite.’


Go gcomórfar an chéad chruinniú den Choiste ar dháta nach luaithe ná 5 Nollaig, 1957.”’