Committee Reports::Report - Convalescent Home Stillorgan (Charter Amendment) Bill, 1958 [Private]::15 July, 1958::Orders of Reference

SEANAD ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

26 Márta, 1958:—Beartaíodh: Go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste den dá Thigh a cheapadh chun an Bille um an Teach Téarnaimh Teach Lorcáin (Cairt a Leasú), 1958, a bhreithniú, eadhon, Bille dá ngairmtear Acht do leasú na Cairte faoinar corpraíodh an Teach Téarnaimh, Teach Lorcáin, do leathnú cuspóirí an Fhorais, dá údarú do na Gobharnóirí cistí Caipitil de chuid an Fhorais a úsáid chun críocha áirithe agus do leasú na bhforála den Chairt a bhaineas le hothair a ghlacadh isteach sa Teach Téarnaimh.


16 Aibreán, 1958:—D’ordaíodh: Go gceapfar Rogha-Choiste le comhcheangal le Rogha-Choiste a cheapfas Dáil Éireann chun an Bille um an Teach Téarnaimh Teach Lorcáin (Cairt a Leasú), 1958, a bhreithniú.


21 Bealtaine, 1958:—Seanadóirí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:—Seán Ó Coigligh, Eoin Ó Riain agus Liam de Stanfort.


21 Bealtaine, 1958:—Ceapadh Cathaoirleach don Chomhchoiste:—An Teachta Gearóid Suatman.


DÁIL ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

27 Márta, 1958:—Beartaíodh: Go n-aontaíonn Dáil Éireann le Seanad Éireann ina Rún a cuireadh in iúl do Dháil Éireann an 26ú lá de Mhárta, 1958, go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste den dá Thigh a cheapadh chun an Bille um an Teach Téarnaimh Teach Lorcáin (Cairt a Leasú), 1958, a bhreithniú.


17 Aibreán, 1958:—D’ordaíodh: Go gceapfar Rogha-Choiste le comhcheangal le Rogha-Choiste atá ceaptha ag Seanad Éireann chun an Bille um an Teach Téarnaimh Teach Lorcáin (Cairt a Leasú), 1958, a bhreithniú.


22 Bealtaine, 1958:—Teachtaí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:—Brendán MacFheórais, Cathal Ó hEochaidh agus Liam Sheldon.


22 Bealtaine, 1958:—Ceapadh Cathaoirleach don Chomhchoiste:—An Teachta Gearóid Suatman.