Committee Reports::Report and Proceedings - Law Reform (Personal Injuries) Bill, 1957::03 December, 1958::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

16 Iúil, 1958:—D’ordaíodh, Go gcuirfear an Bille um Leasú an Dlí (Díobhála Pearsanta), 1957, faoi bhráid Coiste Speisialta ar a mbeidh seacht gComhalta déag a ainmneos an Coiste Roghnaitheoireachta; gur seisear is córam don Choiste; agus go dtionólfar an chéad chruinniú den Choiste ar an 5 Samhain [An Teachta Ó Cadhain].


30 Deireadh Fómhair, 1958:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste dár comhaltaí an tAire Dlí agus Cirt, na Teachtaí G. Ó Beoláin, Booth, Ó Cearbhaill, D. Ua Coisdealbha, V. de Valéra, N. Mac Aodhagáin, S. Ó Flannagáin, Mac Giobúin, Ó hEochaidh, Mac Seoin, Ó Cadhain, Ó Lorcáin, T. Ó Loingsigh, S. Mac Cárthaigh, Mac Giollagáin agus T. Ó hUiginn.