Committee Reports::Report No. 01 (1958) - Statutory Instruments [20]::27 September, 1957::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé hAoine, 27 Meán Fómhair, 1957.

Friday, 27th September, 1957.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Artúir, Mac Giolla Chomhghaill, Ó Fearáin, Ó Coigligh agus Ó Riain.


3. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an ceathracha a cúig ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacháin um Dhaoine Míchumasaithe (liúntais Chothabhála) (Leasú), 1957 [I.R. Uimh. 51 de 1957].


An tOrdú um an Ordú Ciondála Ileacha Udrocarbóin, 1956 (Cúlghairm), 1957 [I.R. Uimh. 61 de 1957].


An tOrdú um an Ordú Ciondála Petrol, 1956 (Cúlghairm), 1957 [I.R. Uimh. 73 de 1957].


An tOrdú Díolúine um an Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1938 (Alt 20(2)), 1957 [I.R. Uimh. 123 de 1957].


An tOrdú um an Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1938 (Alt 19(2)), 1957 [I.R. Uimh. 124 de 1957].


An tOrdú um Ghiorraithe (Onnmhuiriú a Rialú), 1957 [I.R. Uimh. 6 de 1957].


An tOrdú fán Ordú um Chumann Croise Deirge na hÉireann, 1939 (Leasú), 1957.


An tOrdú um an Acht Rialtais Aitiúil (Baile Átha Cliath) (Sealadach), 1948 (Buanú) (Uimh. 2), 1956 [I.R. Uimh. 333 de 1956].


An tOrdú fán Ordú um Fhruiliú, Fruilcheannach agus Díol Creidmheasa, 1956 (Leasú), 1957 [I.R. Uimh. 4 de 1957].


An tOrdú fán Ordú um Fhruiliú, Fruilcheannach agus Díol Creidmheasa, 1956 (Leasú) (Uimh. 2) 1957 [I.R. Uimh. 25 de 1957].


An tOrdú fán Ordú um Fhruiliú, Fruilcheannach agus Díol Creidmheasa, 1956 (Leasú) (Uimh. 3), 1957 [I.R. Uimh. 56 de 1957].


An tOrdú fá na hOrduithe um Fruiliú, Fruilcheannach agus Díol Creidmheasa (Cúlghairm), 1957 [I.R. Uimh. 66 de 1957].


An tOrdú um an Aire Cosanta (Gníomhaireacht), 1957.


Na Rialacháin fán Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Leasú), 1940, (Coinneáil), 1957 [I.R. Uimh. 146 de 1957].


Na Rialacháin fán Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Leasú), 1940 (Coinneáil) (Leasú), 1957 [I.R. Uimh. 154 de 1957].


An tOrdú um na hOrduithe Cumhachta Práinne (Uimh. 270 agus 283) (Cúlghairm), 1957 [I.R. Uimh. 32 de 1957].


An tOrdú Cumhachta Práinne (Tuairisceáin i dtaobh Lastanna Breosla) (Cúlghairm), 1957 [I.R. Uimh. 62 de 1957].


An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 301), 1943 (Cúlghairm), 1957 [I.R. Uimh. 79 de 1957].


An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 145), 1942 (Cúlghairm), 1957 [I.R. Uimh. 129 de 1957].


An tOrdú Iascaigh (Riaracháin Roinne agus Feidhmeanna Aire d’Aistriú), 1957 [I.R. Uimh. 67 de 1957].


An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Imdháil), 1957 [I.R. Uimh. 39 de 1957].


An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh), 1957 [I.R. Uimh. 85 de 1957].


An tOrdú um Chiste an Gháis (Ranníoc), 1957 [I.R. Uimh. 57 de 1957].


An tOrdú um Fhodhlithe Chóras Iompair Éireann (Daingniú), 1957 [I.R. Uimh. 42 de 1957].


An tOrdú um an Ordú Táirgí Talmhaíochta (Srian le hOnnmhuiriú), 1956 (Leasú), 1957 [I.R. Uimh. 2 de 1957].


An tOrdú um an Ordú Táirgí Talmhaíochta (Srian le hOnnmhuiriú), 1956 (Leasú) (Uimh. 2), 1957 [I.R. Uimh. 7 de 1957].


An tOrdú um an Ordú Táirgí Talmhaíochta (Srian le hOnnhmuiriú), 1956 (Leasú) (Uimh. 3), 1957 [I.R. Uimh. 153 de 1957].


An tOrdú um Chúnamh Dífhostaí-ochta (Tréimhse Fhostaíochta), 1957 [I.R. Uimh. 45 de 1957].


An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (An Dara Tréimhse Fhostaíochta), 1957 [I.R. Uimh. 121 de 1957].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Ranníoca) (Leasú), 1957 [I.R. Uimh. 15 de 1957].


An tOrdú Biotáille Mótair (Praghsanna Uasta) (Uimh. 2), 1957 [I.R. Uimh. 65 de 1957].


An tOrdú Biotáille Mótair (Praghsanna Uasta) (Uimh. 3), 1957 [I.R. Uimh. 151 de 1957].


An tOrdú um an Ordú Siúcra (Praghsanna Uasta), 1955 (An Dara Leasú), 1957 [I.R. Uimh. 3 de 1957].


An tOrdú um Thoitíní (Praghsanna Uasta), 1957 [I.R. Uimh. 104 de 1957].


(ii) D’ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar an Roinn lena mbaineann meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


An tOrdú um Fhodhlithe Chaladh Thuaidh Phortláirge, 1956 (Daingniú), 1957 [I.R. Uimh. 31 de 1957].


An tOrdú um an Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1938 (Alt 10) (Díolúine), 1957 [I.R. Uimh. 29 de 1957].


An tOrdú um an Acht Monarchan, 1955 (Ardaitheoirí) (Díolúine), 1957 [I.R. Uimh. 80 de 1957].


Ordú na Saothraithe, 1957.


An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Córas Iompair Éireann) (Seirbhísí Iarnróid a Laghdú), 1944 (Cúlghairm), 1957 [I.R. Uimh. 60 de 1957].


An tOrdú um an Acht chun Géim a Chosaint, 1930 (Tréimhse faoi Alt 27) (Fadú), 1957 [I.R. Uimh. 76 de 1957].


An tOrdú um Cheantar Uirbeach Cheanannus Mór (Tórainn d’Athrú), 1957 [I.R. Uimh. 35 de 1957].


An tOrdú um Cheantar Uirbeach Inis Córthaidh (Tórainn d’Athrú), 1957 [I.R. Uimh. 36 de 1957].


An tOrdú Biotáille Mótair (Praghsanna Uasta), 1957 [I.R. Uimh. 41 de 1957].


An tOrdú um Oibriú Cora Iascaigh (Uimh. 2), 1957 [I.R. Uimh. 1 de 1957].


An tOrdú Siúcra (Praghsanna Uasta), 1957 [I.R. Uimh. 83 de 1957].


4. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 11.45 a.m.