Committee Reports::Report - Destructive Insects and Pests (Consolidation) Bill, 1957::19 December, 1957::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN BHUAN-CHOMH-CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE STANDING JOINT COMMITTEE.

Déardaoin, 19 Nollaig, 1957.

Thursday, 19th December, 1957.

1. Chruinnigh an Coiste ar 3.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i latháir:


An tAire Talmhaíochta, na Teachtaí Seán Ó Flannagáin, Ó hEachaidh agus Ó Domhnaill, na Seanadóirí Ó Líonacháin, Ó Coigligh agus Ó Riain.


3. Cathaoirleach a Thoghadh.


Thairg an Teachta Ó Domhnaill:


“That Deputy S. Flanagan be Chairman of the Committee.”


Cuireadh agus d’aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Seán Ó Flannagáin i gceannas an Choiste dá réir sin.


4. Bille na Míngeacha Millteacha agus na Loitmhíola (Comhdhlúthú), 1957.


Rinne an Coiste breithniú ar an mBille.


(i) D’aontaíodh ailt 1 agus 2.


(ii) Cuireadh siar alt 3.


(iii) D’aontaíodh ailt 4 go 9 go huile.


(iv) Alt 10.


Tairgeadh an Cheist —“Go bhfanfaidh an t-alt mar chuid den Bhille.”


Tharla díospóireacht.


Cuireadh breithniú breise ar an mBille ar athló.


5. Athla.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.10 p.m.