Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1954 - 1955::30 November, 1956::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé h Aoine, 30 Samhain, 1956.

Friday, 30th November, 1956.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Artúir (i gCeannas), na Teachtaí Mac Pharthaláin, Bean Uí Chruadhlaoich, Ó hEaghra agus Sheldon.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1954-55.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1954-55. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Tailte, Foraoiseacht, Seirbhísí na Gaeltachta, Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, Arachas Sóisialach, Cúnamh Sóisialach, Oifig an tSoláthair agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh T. Ó Briain (Rúnaí, An Roinn Tailte), P. Ó Céadaigh (Rúnaí, An Roinn Leasa Shóisialaigh), T. O Maoileoin (Ceannasaí, Oifig ant Soláthair) C. Ó Broin, Máire Ní Chadhlaigh, P. Mac Guill, S. Mac an Airchinnigh agus S. Ó Maonaigh (An Roinn Airgeadais) agus an Rúnaí agus Stiúrthóir na hIniúchóireachta.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.50 p.m.