Committee Reports::Report No. 01 (1955) - Statutory Instruments ::05 May, 1955::Report

TUARASCÁIL.

CUID I.

1. O ceapadh iad, scrúdaigh an Rogha-Choiste céad agus a dhá ionstraim reachtúla atá ar liosta sna hImeachta. Chinneadar gur cheart aire speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar shé cinn déag de na hionstraimí sin, ionstraimí a bhfuil a sonraí i gCuid II.


2. I dteannta aire a dhíriú ar ionstraimí sonraithe, nochtadar a mbarúla i gcoitinne, arb é atá ina bhformhór lochta foirme a mheasaid a bheith ar go leor ionstraimí. Tá na barúla sin curtha síos i gCuid III.


3. Do réir an Orduithe Thagartha, thug an Rogha-Choiste, sara dtugadar a dtuarascáil, deis go gach Roinn Rialtais lena mbaineann an scéal pé mínithe a thabhairt dob oiriúnach leis an Roinn. Gheofar i bhFo-Scríbhinní I go XV na meabhráin a thug na Ranna dá dhroim sin. Tá an fhianaise bhéil a glacadh maidir le dhá ionstraim i Miontuairiscí na Fianaise.


CUID II.

4. Mheas an Rogha-Choiste nár ghá aire speisialta a dhíriú ar aon ionstraim ar fhorais (i), (ii) agus (iv) den Ordú Tagartha.


5. Ar fhoras (iii), is é sin “go ndealraíonn sé go bhfuil úsáid nach gnáthach nó nach raibh coinne léi á déanamh aici de na cumhachta a thug an Reacht faoina ndearnadh í,” tá aire speisialta Sheanad Éireann á dhíriú ar an dá ionstraim seo a leanas:—


Rialacháin na dTithe (Deontais d’Udaráis Tithe), 1954 (I.R. 174 de 1954).


Airbheartaíonn Airteagal 4 (2) de na rialacháin sin go dtugann sé cumhacht don Aire Rialtais Aitiúil coinníollacha forordaithe áirithe maidir le tabhairt deontas tithíochta a ligean thar ceal. Dhealródh sé ón bhfianaise a thug ionadaí na Roinne (léigh Miontuairiscí na Fianaise, Ceisteanna 1 go 6) go bhfuil an fhoráil sin ultra vires an Reachta bhunaidh.


Tuigeann an Rogha-Choiste go mb’fhéidir gur gá, ó thaobh riaracháin, clásail den tsórt sin chun na forála a bhaineas le deontais d’oibriú go héifeachtúil (léigh an meabhrán ón Roinn, Fo-Scríbhinn I). Is é a dtuairim, ámh, gur neamhinmhianuithe clásail neamhshrianta den tsórt sin sa chomhthéacs. B’fhéidir, dá bhrí sin, go measfadh comhaltaí den tSeanad gurb é an rud is cóir a dhéanamh, nuair is gá cumhacht den tsórt sin, an tAire do chur tograí reachtúcháin oiriúnacha faoi bhráid an Oireachtais.


Rialacháin na dTithe (Oibreacha Deisiúcháin agus Feabhsúcháin), 1954 (I.R. Uimh. 200 de 1954).


(a) Sonraíonn Alt 12 (4) den Acht a bheir cumhacht chuige seo an foras ar a luíonn achomhare chun an Aire chun críche deontas faoin alt, is é sin, údarás tithíochta do dhiúltú deimhniú d’eisiúint. Airbheartaíonn na rialacháin foras breise a shonrú, is é sin, údarás tithíochta d’fhaillí deimhniú a thabhairt. Tuigeann an Coiste go mb’fhéidir gur gá an foras breise ionas nach mbeadh an t-alt neamhinoibrithe i gcás áirithe. Is é a dtuairim, ámh, nach bhfuil ar chumhachta an Aire chun rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt cumhacht chun foras breise d’fhorordú.


(b) Tá na Sceidil a ghabhas leis na rialacháin sin laistíos de shíniú an Aire agus b’fhéidir go gceapfaí nach rabhadar arna bhfianú ag an Aire (léigh, ina leith sin, mír 10, Fianú Sceideal).


Tá an comhfhreagras i dtaobh na hionstraime sin curtha síos i bhFo-Scríbhinn II.


6. Ar fhoras (v), is é sin, “go ndealraíonn sé go raibh moill neamhchóir ag baint lena leagadh os comhair Sheanad Éireann nó lena foilsiú,” tá aire speisialta Sheanad Éireann á dhíriú ar na sé hionstraimí seo a leanas:—


An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Bróga Troma Fear) (Uimh. 2), 1953 (I.R. Uimh. 317 de 1953).


Rinneadh an tOrdú: 14 Deireadh Fómhair, 1953. Leagadh é: 11 Meitheamh, 1954. Tá míniú na Roinne ar an moill tugtha i bhFo-Scríbhinn III.


An tOrdú um Chreimirí agus Insectivora (Srian le hAllmhuiriú), 1954 (I.R. Uimh. 114 de 1954).


Rinneadh an tOrdú: 26 Bealtaine, 1954. Leagadh é: 6 Lúnasa, 1954. Ba é cúis na moille gurbh é léiriú na Roinne ar an bhforáil reachtúil iomchuí nach gceanglann sí ionstraimí den tsórt seo a leagadh (léigh Fo-Scríbhinn IV (2)). Bhéarfar faoi deara (Fo-Scríbhinn IV (6)) gurb é tuairim an Ard-Aighne nach ndéanann an fhoráil maidir le leagadh difir do bhailíocht na n-orduithe, mar gheall, is dealraitheach, gur foráil threorach, agus nach foráil shainordaitheach, í. Is é éifeacht an idirdhealuithe sin nárbh údar chun ionstraim a bheith meanhbhailí foráil threorach d’fhágaint gan chomhlíonadh ach go mbeadh ionstraim ar neamhní dá bhfágtaí foráil shainordaitheach gan chomhlíonadh. Ní hábhar leis an Rogha-Choiste an t-idirdhealú sin ann féin, ach is ábhar leo an méid rialuithe ba rún, gan amhras, leis an Oireachtas a choinneáil acu féin trína fhoráil go leagfaí ionstraimí. Má tá an ceart ag an Ard-Aighne ina thuairim, d’fhéadfaí rialú Parlaiminte a sheachaint trí gan ionstraimí a leagadh. Is ní é atá le breithniú, dá bhrí sin, ar ceart go gcuirfí foráil chaomhanta, i reachtaíocht a déanfar feasta, faoi chomhair intinne an Oireachtais maidir le rialú reachtaíochta tairmligthe.


An tOrdú um Páigh an Gharda Shíochána, 1954 (I.R. Uimh. 182 de 1954).


Rinneadh an tOrdú: 10 Lúnasa, 1954. Leagadh é: 31 Lúnasa, 1954. Tá míniú na Roinne tugtha i bhFo-Scríbhinn V.


An tOrdú fán Ordú um Chôir Ghléasta Chniotálta Olla d’Allmhuiriú, 1952 (Cúlghairm), 1954 (I.R. Uimh. 186 de 1954).


Rinneadh an tOrdú: 26 Lúnasa, 1954. Leagadh é: 14 Meán Fómhair, 1954. Dúradh sa mhíniú a tugadh (Fo-Scríbhinn VI) gur chúis leis an moill go mb’éigin scrúdú a dhéanamh faoi phráinn ar uiríolla ó lucht trádála maidir le héifeacht an orduithe. Cé go dtuigeann an Rogha-Choiste go mb’éigin scrúdú a dhéanamh faoi phráinn, measaid nach cúrsa iomchuí a leanadh, mar gur cuireadh an t-ordú, arna fhoilsiú, ar fáil do dhaoine a raibh leas acu sa scéal agus san am chéanna gur coinníodh siar é ôna bhreithniú ag Seanad Éireann mar gheall ar a leagadh a mhoilliú.


An tOrdú chun Onnmhuirithe a Rialú, 1954 (I.R. Uimh. 193 de 1954).


Rinneadh an tOrdú: 30 Lúnasa, 1954. Leagadh é: 14 Meán Fómhair, 1954. Tá míniú na Roinne leagtha amach i bhFo-Scríbhinn VII.


An tOrdú um Liúntais an Gharda Shíochána, 1954 (I.R. Uimh. 294 de 1954).


Rinneadh an tOrdú: 21 Nollaig, 1954. Leagadh é: 26 Feabhra, 1955. Tá míniú na Roinne leagtha amach i bhFo-Scríbhinn VIII.


7. Ar fhoras (vi), is é sin, “go mba cheart, ar aon fháth speisialta, a foirm nó a hairbheart a shoiléiriú,” tá aire Sheanad Éireann á dhíriú ar na hocht n-ionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacháin um an Acht Gairm-Oideachais 1930 (Deontais faoi Alt 53), 1954 (I.R. Uimh. 139 de 1954).


Ní féidir dáta na hionstraime seo a dhéanamh amach ón ionstraim, mar nach bhfuil dáta toiliú an Aire Airgeadais luaite. Bhí an t-oireasa sin ar ionstraimí eile, ach, nuair a hiarradh é, fuarthas ón Roinn iomchuí an t-eolas a bhí ag teastáil. Sa chás seo, níor bhféidir an t-eolas cruinn a thabhairt ionas nach fios dáta na hionstraime (léigh Fo-Scríbhinn IX).


An tOrdú um an Acht Rialtais Aitiúil (Baile Atha Cliath) (Sealadach), 1948 (Buanú Uimh. 1), 1954 (I.R. Uimh. 142 de 1954).


Is é an tAire Rialtais Aitiúil a rinne an ionstraim seo agus ba ghá, ionas go mbeadh sí bailí, go dtoileodh an tAire Airgeadais léi 30 Meitheamh, 1954, ar a dhéanaí. Formhuiníodh toiliú uirthi 8 Iúil, 1954 (léigh Fo-Scríbhinn X (2)). Measann an Roinn gur foirmeáltacht an formhuiniú agus bunaíd bailíocht an orduithe ar an Aire Sláinte d’aontú, 23 Meitheamh, go n-iarrfaí ar an Aire Rialtais Aitiúil an t-ordú a dhéanamh (léigh Miontuairiscí na Fianaise, Ceisteanna 7 go 15).


An tOrdú Cruithneachtan, 1954 (I.R. Uimh. 148 de 1954).


Chuir an Rogha-Choiste i gceist nach raibh foráil san ordú á cheangal ar chigirí go mbeadh ar iompar acu, nó go dtaispeánfaidís nuair a hiarrfaí sin orthu, doiciméid á chur in iúl gur daoine iad a bhí ceaptha go cuí chun críocha an orduithe. Mar gheall ar na cumhachta forleathana, lena n-áirítear cumhacht chun dul isteach in áitribh agus eolas áirithe d’éileamh, atá deonta do chigirí, is é tuairim an Rogha-Choiste gur cheart, ar mhaithe leis an bpobal, go mbeadh foráil shainordaitheach san ionstraim maidir leis an bpointe sin. Bhéarfar faoi deara (léigh Fo-Scríbhinn X I(4) ) go gcuirfidh an Roinn an ní seo in iúl don Ard-Aighne i leith leis an Ordú Cruithneachtan do 1955 a dhréachtú.


Ordú na nEanacha Fiáine (Contae an Chláir), 1954 (I.R. Uimh. 167 de 1954).


An tOrdú um Shéad-Chomharthaí Náisiúnta (Buan-Choimeád) (Uimh. 202), 1954.


An tOrdú um Shéad-Chomharthaí Náisiúnta (Buan-Choimeád) (Uimh. 203), 1954.


Is oifigeach don Roinn lena mbaineann a shínigh gach ordú acu sin thuas, ach níor cuireadh in iúl go raibh an t-oifigeach i ngach cás údaraithe chun séala an Aire fhreagraigh d’fhíordheimhniú. Bhéarfar faoi deara (léigh Fo-Scríbhinní XII agus XIII) gurb é tuairim an Ard-Aighne gur ceart go ndéanfadh gach duine, seachas Aire, a shíneodh ionstraim amach anseo é féin a thuairisciú mar dhuine le húdarás, agus go bhfuil sin á chur in iúl do gach Roinn ag an Roinn Airgeadais.


An tOrdú fán Ordú um an Acht Táirgí Talmhaíochta agus lascaigh (Onnmhuiriú a Rialú), 1947 (Eanlaithe Clôis agus Coiníní d’Onnmhuiriú), 1950 (Leasú Sealadach), 1954 (I.R. Uimh. 247 de 1954).


Is é an teideal céanna, díreach, atá ar an ionstraim seo atá ar ionstraim a rinneadh níos luaithe an bhliain chéanna. Deir an Roinn (léigh Fo-Scríbhinn XIV) gurb é an gnás atá ann chun ordú d’aithint ar leithligh a aitheantas d’fháil óna theideal agus ón a uimhir ionstraime reachtúla i dteannta a chéile. Is é tuairim an Rogha-Choiste, ámh, gurb é cuspóir teidil ionstraime, gan trácht ar an ábhar lena mbaineann sé, a chur ar chumas duine é d’aithint thar ionstraimí eile. Is daingniú ar an tuairim sin an gnás atá ann teideal aitheantais ar leith a thabhairt do gach ionstraim agus fós an ráiteas ón Roinn go leanfaí don ghnás sin sa chás seo dá ndeántaí tagairt don ordú roimhe sin.


Na Rialacháin fá na Rialacháin um Banc Taisce an Phoist, 1921 (Leasú), 1954 (I.R. Uimh. 277 de 1954).


Mheas an Rogha-Choiste, agus d’aontaigh an Roinn leo (léigh Fo-Scríbhinn XV), go bhfuil na rialacháin seo ar neamhní ar an ábhar nár comhlíonadh an ceanglas reachtúil go leagfaí dréacht díobh faoi bhráid gach Tí ar feadh tréimhse fiche lá dá raibh gach Teach acu ina shuí sara ndéanfaí na rialacháin.


CUID III.

8. Ceanglais nár bhfoláir a chomhlíonadh sara ndéanfaí ionstraim.


Gheobhfar tagairt sa chomhfhreagras maidir leis an Ordú um Liúntais an Gharda Shíochána, 1954 (Fo-Scríbhinn VIII), dá é a bheith gan lua san ionstraim sin gur comhlíonadh na réamhcheanglais reachtúla ar cosúil go mbraitheann bailíocht na hionstraime ar a gcomhlíonadh. Cás eile den tsaghas céanna a tháinig ar aird don Rogha-Choiste é an tOrdú um Chontae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath (Togh-Líomatáistí), 1954 (léigh Fo-Scribhinn XVI). Ní hannamh réamhcheanglais den tsórt seo a bheith le comhlíonadh: tá cuid mhaith samplaí de sin le fáil in ionstraimí a rinneadh le bliain anuas—is gá i gcásanna áirithe dréacht a chur faoi bhráid chomhluchtaí áirithe agus aon uiríolla a déanfaí a bhreithniú;1d’fhéadfadh an tAire freagrach a bheith faoi cheangal dul i gcomhairle le coiste comhairlitheach,2le hionadaithe fostóirí agus lucht oibre,3le comhluchtaí gairmiúla,4 nó le breithiúin áirithe;5d’fhéadfadh gur gá go mbeadh an tAire deimhnitheach i dtaobh nithe áirithe sara ndéanfadh sé ionstraim;6 d’fhéadfadh gur gá iarratas,7nó iarraidh.8Tá i ngrúpa eile na hionstraimí iomaí nach mór toiliú Aire lena ndéanamh.


Lasmuigh den dá chás a luaitear thuas, tá ráiteas iomchuí ag cur comhlíonadh in iúl i ngach ceann dár scrúdaíodh de na hionstraimí atá san hearnála dá dtagartar. Chífear nach ionann tábhacht do na ceanglais uile, ach go ngabhann an bun-fhoras—go ndealraíonn go mbraitheann bailíocht ar a gcomhlíonadh—le gach cás.


Nochtadh an tuairim maidir leis an dá ionstraim nár taispeánadh iontu gur comhlíonadh na ceanglais nár ghá chun go mbeadh ionstraim bailí go dtaispeánfaí ar comhlíonadh sin ar a haghaidh, agus go bhfuil toimhdean dlí ann i bhfábhar í a bheith bailí. Níl an Rogha-Choiste ag dul i ndíospóid i dtaobh tuillteanais na bpointí sin. Is é a dtuairim gur leithne ná sin an cheist i dtaobh cé acu ba cheart nó nár cheart comhlíonadh a thaispeáint agus go mbraitheann sí ar an méid seo a leanas:—(1) Os rud é go mb’oiriúnach leis an Oireachtas, agus iad ag tairmligean na cumhachta chun ionstraimí a dhéanamh, ceanglais áirithe d’fhorordú, is den bhéasaíocht go gcuirfí in iúl dóibh ar comhlíonadh na ceanglais sin. (2) Ní míréasúnach go mbeadh coinne go n-aithneofaí ó ionstraimí go rabhadar bailí. (3) Tá de chosúlacht ann go mbeadh, dá mbeadh ionstraim gan ráiteas, agus go ndéanfaí agóid sna Cúirteanna i gcoinne na hionstraime sin, fianaise á hiarraidh gur comhlíonadh na ceanglais. Ina theannta sin, is iomchuí go mbeadh de cheart ag an Rogha-Choiste, i mbun a ndualgas dóibh, fianaise ar bhailíocht ionstraimí ina leith sin a lorg.


Chítear don Rogha-Choiste, dá bhrí sin, gur cóir, is cuma cé mar bheadh ó thaobh dlí, ráiteas achomair ag cur comhlíonadh in iúl a chur in ionstraimí a bhfuil ceanglais ina leith sna Reachta cumasuithe nach foláir a chomhlíonadh sara ndéantar na hionstraimí, agus molaid go ndéanfaí dá réir sin.


9. Udarás Reachtúil a Lua.


Bíonn feidhmiú na cumhachta chun ionstraimí reachtúla a dhéanamh tórainnte i gcónaí ag téarmaí an Reachta ina dtairmligtear an chumhacht. Is rud tábhachtach mar sin go mbeadh, ar mhaithe leis an bpobal, slí ann trína bhféadfadh daoine, go háirithe daoine lena mbaineann aon ionstraim áirithe, a dhéanamh amach ar sáraíodh na cumhachta tairmligthe. Ba mhór an gar é, maidir leis an ní seo, dá luaití i dteannta an Reachta chumasuithe an t-alt nó na hailt a bheir an chumhacht chun an ionstraim a dhéanamh, agus, nuair is iomchuí sin, ailt eile a bhainfeadh le hábhar. Is iomaí Reacht, mar shampla, nach dtugann alt amháin ann ach an chumhacht ghinearálta chun rialachán a dhéanamh, agus ar in ailt eile a gheobhfar na cúinsí inar féidir nó na críocha chun ar féidir an chumhacht d’úsáid.


D’fhionn an Rogha-Choiste nár leanadh go ginearálta den ghnás lua a dhéanamh mar atá ráite thuas. I roinnt ionstraimí, níor luadh ach an Reacht ina raibh an chumhacht le fáil, agus ina bhformhór, lena n-áirítear na cinn inar hainmníodh ailt sonraithe, luadh ina theannta sin “gach cumhacht agus aon chumhachta eile lena gcuirtear seo ar chumas.” Nuair a cuirtear an abairt seo isteach, is féidir leis lua d’fhágaint gan mhaith mar shlí chun a fháil amach cad iad na cumhachta faoina ndearnadh ionstraim. Ní foláir nó bíonn a fhios ag na húdaráis lena mbaineann, nuair a bhíd ag ceapadh ionstraimí, cad iad na cumhachta atá fúthu a úsáid agus ba chóir, dá bhrí sin, go bhféadfaidís iad a lua go cruinn.


Gan trácht ar a thairbhe do na daoine lena mbaineann sé, is áis lua cruinn don Rogha-Choiste, a bhfuil orthu eolas cruinn a bheith acu ar na cumhachta a húsáidtear, más leo an dualgas a cuireadh orthu a chomhlíonadh, le haird Sheanad Éireann a tharraingt go speisialta ar aon úsáid neamhchoitianta nó úsáid gan choinne a déanfar de chumhachta.


Molann an Rogha-Choiste, mar sin, go luafadh údaráis déanta ionstraimí an t-alt nó na hailt den reacht cumasuithe a bheir an chumhacht chun an ionstraim a dhéanamh, agus, i gcásanna inar iomchuí sin, ailt eile a bhaineas le hábhar.


10. Fianú Sceideal.


In a lán de na hionstraimí a scrúdaigh an Rogha-Choiste tá sceidil a leanas an príomh-théacs. Os rud é gur cuid den ionstraim na sceidil, chítear don Rogha-Choiste go bhfuil gá lena bhfianú chomh maith leis an gcuid eile den ionstraim.


Fuair an Rogha-Choiste, i gcás dhá ionstraim, is é sin, an tOrdú um Chontae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath (Togh-Liomatáistí), 1954 agus Rialacháin na dTithe (Oibreacha Deisiúcháin agus Feabhsúcháin), 1954 go raibh na sceidil thíos faoi shíniú an Aire agus go mb’fhéidir go gceapfadh daoine nach rabhdar féin fianaithe. Chuir an Roinn lena mbaineann in iúl don Rogha-Choiste (léigh Fo-Scríbhinní II agus XVI) nach raibh aon fháth faoi leith leis na sceidil a chur faoi shíniú an Aire. Dúirt an Roinn freisin nach raibh aon ghnás aitheanta ann ina leith sin. Ní mar sin atá do réir mar is léir don Rogha-Choiste. Sna hionstraimí a scrúdaigh an Rogha-Choiste is roimh shíniú an Aire a bhí formhór na sceideal. Is dóigh leo gurb é sin an gnás is fearr agus molaid go leanfaí de go ginearálta.


11. Fianú ag Aire a thugas toiliú.


Bíonn cumhacht Aire chun ionstraimí a dhéanamh faoi réir forála, ina lán cásanna, gur le toiliú Aire eile a déanfar iad. I gcásanna den tsórt sin, is gá, chun go mbeadh an ionstraim bailí, go dtabharfaí an toiliú sin. I roinnt de na hionstraimí a scrúdaíodh, cé gur chuid den lua an abairt “le toiliú an Aire …,” ní raibh an toiliú fianaithe ar an ionstraim ag an Aire a thoiligh lena déanamh. Ní gá fianú chun ionstraim a bheith bailí más rud é gur tugadh an toiliú iarbhír. Is gá an fianú ámh, chun go mba léir ionstraim a bheith bailí sa mhéid sin; agus ós rud é go gcaithfí, dá mbeadh an fianú ar lár, an toiliú a chruthú dá ndéantaí agóid i gcoinne ionstraime ar fhoras toilithe, tá fáthanna tromaí ann go ndéanfaí fianú i gcónaí. Is é tuairim an Rogha-Choiste, mar sin, gur ceart é sin a bheith mar ghnás i gcoitinne.


12. Dátaí Ionstraimí.


Is é dáta a déanta dáta ionstraime. Is tábhachtach an ní é an dáta seo, sa chéad áit mar gur gnáthach gur ón dáta sin a oibríos forála na hionstraime, agus, sa dara háit, mar go mb’fhéidir dó bailíocht nó neamhbhailíocht ionstraime a chinneadh, mar atá i gcás an Orduithe um an Acht Rialtais Aitiúil (Baile Atha Cliath) (Sealadach), 1948 (Buanú Uimh. 1), 1954 (léigh mír 7). Is rud ábhartha é, freisin, maidir le hobair an Rogha-Choiste má bhíonn sé le cinneadh acu ar bhain moill le hionstraim a leagadh.


Nuair nach mbíonn ach aon Aire amháin i gceist, ní éiríonn aon deacracht, mar luaitear an dáta sínithe i gcônaí. Ach, nuair a bhíos níos mô ná Aire amháin i gceist, mar shampla nuair is gá toiliú Aire eile, is é dáta na hionstraime an dáta sínithe is deireannaí maidir le ham. Is anseo a éiríos deachracht mar ba é an gnás go dtí seo gan dáta an toilithe a lua.


O fhiosruithe a rinne an Rogha-Choiste is dealraitheach go leantar dhá nós imeachta maidir le toiliú d’fháil, is é sin, iarrtar toiliú leis an ionstraim ina dréacht di, nó d’eile, déanann an tAire a thionscain í an ionstraim a shíniú agus cuireann sé chun an Aire eile í agus iarrann air toiliú léi. Sa chéad chás is é dáta na hionstraime an dáta a shínigh an tAire a thionscain í, agus ní éireodh deacracht ar bith dá mba feasach, i gcás aon ionstraime áirithe, gur leanadh den nós sin. Nuair is é an dara nós imeachta a leantar, ní féidir a dhéanamh amach ón ionstraim féin cad é a dáta, mura mbíonn dáta leis an toiliú.


Ní hé is hábhar leis an Rogha-Choiste cé acu den dá nós imeachta is fearr. Is é is ábhar leo dáta ionstraime a bheith inchinnte ón ionstraim féin. Bheadh an chuspóir seo i gcrích dá ndátaíodh an tAire i ngach cás a shíniú féin, agus molann an Rogha-Choiste dá réir sin go ndéanfaí mar sin i gcoitinne.


13. Moill maidir le leagadh.


Is í an fhoráil reachtúil is minicí a gheibhtear maidir le hionstraimí a leagadh í seo a leanas:—


“Déanfar rialacháin a leagadh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a ndéanta, agus, má dhéanann ceachtar Teach laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis na rialacháin a leagadh faoina bhráid rún a rith ag neamhniú na rialachán sin, beidh na rialacháin sin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin sin.”


I gcás ina bhfuil feidhm ag an bhforáil seo, ní fhéadfaidh comhalta den tSeanad rún neamhnithe a chur síos go dtí tar éis an ionstraim a bheith leagtha faoi bhráid an Tí, cé go mbeadh an ionstraim i ngníomh ó dháta a déanta. Leanann de sin go mbraitheann éifeacht an rialuithe ar ionstraimí, atá ar coimeád ag an Oireachtas, ar na hionstraimí sin a leagadh a luaithe is féidir tar éis a ndéanta. Le cás na handóighe a lua dob fhéidir, de thoradh moille maidir le hionstraim a leagadh, go ndéanfaí ionstraim faoina mbeadh nithe do-athruithe déanta sara mbeadh caoi ag an Oireachtas í a bhreithniú. B’éigin don Rogha-Choiste an pointe seo a choinneáil i gcuimhne agus iad ag breithniú moille. Chomh fada agus is eol dóibh, níor tugadh míniú dlíthiúil riamh, maidir le leagadh, ar chumhacht tórainnithe na habairte “a luaithe is féidir,” ach, nuair a bhíodar ag breithniú cad é an tórainn dob fhéidir a chur leis an tréimhse ar laistigh di d’fhéadfaí a cheangal go leagfaí ionstraim, ba chabhair dóibh an fhoráil atá in alt 3 (1) den Acht Ionstraimí Reachtúla, 1947, a cheanglas cóipeanna d’ionstraimí lena mbaineann an tAcht go príomha a chur go dtí comhluchtaí sonraithe (tá an tOireachtas gan sonrú) laistigh de sheacht lá tar éis iad a dhéanamh. Tuigeann siad as an bhfóráil seo gur féidir ionstraim a leagadh laistigh de sheacht lá ar a dhéanaí. Tá glactha acu leis an tréimhse seo, mar sin, mar shlat tomhais cé go mb’fhearr leo, ar na hábhair atá luaite cheana, an tréimhse idir a ndéanamh agus a leagadh a ghiorrú níos mó ná sin féin.


(Sínithe) GEORGE O’BRIEN,


Cathaoirleach.


5 Bealtaine, 1955.


1 An tOrdú um Páigh an Gharda Shíochána, 1954; an tOrdú fán Ordú um Páigh Thalmhaíochta (Rátaí Iosta), 1953 (Cúlghairm), 1954.


2 Na Rialacháin Substaintí Ice (Leasú), 1954.


3 Na Rialacháin um Obair Oíche (Bácúis) (Obair Neamhchoitianta ar feadh Tréimhsí Tóranta), 1954.


4 Ordú na Saothruithe, 1954.


5 An tOrdú um Thoghairm Giúiré, 1955.


6 An tOrdú fán Acht um Choinbhinsiúin Chonsalachta, 1954 (Stáit Aontaithe Mheirice), 1954.


7 Ordú na nEanacha Fiáine (Contae Bhaile Atha Cliath), 1954.


8 An tOrdú Iascaigh (Feidhmeanna Aire a Thairmligean), 1954.