Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1953 - 1954::24 November, 1955::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 24 Samhain, 1955.

Thursday, 24th November, 1955.

1. Chruinnigh an Coiste ar 10.30 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Artúir (i gCeannas), na Teachtaí A. de Barra, Mac Pharthaláin, M. Ó Murchadha agus Sheldon.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1953-54.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1953-54. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Gealtlann Dúndroma, Poist agus Telegrafa, Forleathadh Neamhshreangach, Cosaint agus Arm-Phinsin.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh an Dr. Ó Cadhain (An Gobharnóir, Gealtlann Dúndroma), L. Ó Broin (Rúnaí, An Roinn Poist agus Telegrafa), An Leifteanant-Ghinearál P. Mac Mathghamhna (Rúnaí, An Roinn Cosanta), P. Ó Cléirigh, S. Ó Maonaigh agus S. Twamley (An Roinn Airgeadais) agus An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.50 p.m.