|
IMEACHTA AN CHOISTE.THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.Dé h Aoine, 4 Samhain, 1955.Friday, 4th November, 1955.1. Chruinnigh an Coiste ar 10.30 a.m. 2. Comhaltaí i Láthair. Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:— An Teachta Mac Artúir (i gCeannas), na Teachtaí Mac Pharthaláin, S. Ó Braonáin, Bean Uí Chruadhlaoich agus Sheldon. 3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1953-54. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1953-54. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Oifig an Aire Oideachais, Bun-Oideachas, Meán-Oideachas, Ceard-Oideachas, Eolaíocht agus Ealaí, Scoileanna Ceartúcháin agus Scoileanna Saothair agus Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 4. Finnéithe a Ceistíodh. Ceistíodh L. Ó Muirithe (Rúnaí, An Roinn Oideachais), S. Mac an Airchinnigh (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste. 5. Athlá. Chuaigh an Coiste ar athló ar 12 meán lae. |
||||||||||||