Committee Reports::Report No. 02 (1954) - Statutory Instruments [80]::21 April, 1954::Report

AN DARA TUARASCAIL

1. Baineann an Tuarascáil seo le hochtó (80) ionstraim a scrúdaíodh ó dháta na Céad Tuarascála ón gCoiste dár dáta an 17ú Nollaig, 1953.


2. Ní dhealraíonn sé go bhfuil aon chúis ann chun aird speisialta an tSeanaid a dhíriú ar ochtó (80) ionstraim a scrúdaíodh i leith foras (i) go (iv) go huile de mhír (1) de na hOrduithe Tagartha.


3. Maidir le foras (v) de mhír (1) de na hOrduithe Tagartha (eadhon, go ndealraíonn sé go raibh moill neamhchóir ag baint le haon riail, ordú nó rialachán reachtúil a leagadh os comhair an Tí), is é tuairim an Choiste gur ceart aird speisialta an tSeanaid a dhíriú ar na Rialacháin faoin Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Iarratais ar Dheimhnithe Beireatais) (Leasú), 1953 (Uimh. 318 de 1953). Rinneadh na Rialacháin seo an 6ú Deireadh Fómhair, 1953, agus níor tíolacadh don tSeanad iad go dtí 1ú Nollaig, 1953. Tá míniú ar an moill tugtha ag an Roinn Oideachais (Léigh an Fho-Scríbhinn).


4. Maidir le foras (vi) de mhír (1) de na hOrduithe Tagartha (eadhon, go mba cheart, ar aon fháth speisialta, a fhoirm nó a airbheart a shoiléiriú) is é tuairim an Choiste gur ceart aird an tSeanaid a dhíriú ar an Ordú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 251), 1943 (Cúlghairm), 1953 (I.R. Uimh. 412 de 1953), agus ar an Ordú Cumhachta Práinne (Orduithe Fionraíochta) (Cúlghairm), 1954 (I.R. Uimh. 4 de 1954), nach dtugann ceachtar acu sa teideal ná sa téacs aon leide ar ábhar atá i dtrácht ann.


5. I gcás gach ceann de na ceithre (4) ionstraimí seo a leanas, eadhon:—An tOrdú um an Acht Rialtais Aitiúil (Baile Atha Cliath) (Sealadach) 1948, (Buanú Uimh. 1), 1953 (I.R. Uimh. 236 de 1953); an tOrdú um an Acht Rialtais Aitiúil (Baile Atha Cliath) (Sealadach), 1948 (Buanú Uimh. 2), 1953 (I.R. Uimh. 376 de 1953); An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 258), 1943 (Síoda agus Síoda Saorga) (Leasú), 1954 (I.R. Uimh. 11 de 1954); agus an tOrdú Dleacht Custam (Fionraí Ilghnéitheach), 1954 (I.R. Uimh. 58 de 1954) ní cuirtear cuspóir na hionstraime in iúl go soiléir i dtéacs na scríbhinne. Ní féidir aon cheann de na hionstraimí sin a léiriú gan tagairt d’iliomad ionstraimí agus reachtanna. Dearbhaíonn an Coiste arís an tuairim a nocht sé ina Chéad Tuarascáil, is é sin, go mb’fhiú go mór, ar mhaithe le leas an phobail, meabhrán gearr a bheith ag gabháil le hionstraim a bheadh casta.


(Sínithe) SEOIRSE Ó BRIAIN,


Cathaoirleach.


21ú Aibreán, 1954.