|
TUARASCÁIL1. Is é cuspóir atá le Bille Toghcháin an tSeanaid (Rolla-Chomhaltaí), 1952, forála Achta Thoghcháin an tSeanaid (Rolla-Chomhaltaí), 1947, dá ngairmtear an Príomh-Acht anseo ina dhiaidh seo, a leasú chun an modh ar a dtoghtar rolla-chomhaltaí an tSeanaid a choigeartú ionas go n-oibreoidh sé chomh réidh agus is féidir. 2. Is iad na príomh-leasuithe a rinne an Rogha-Choiste ar an mBille:— Cathaoirleach an Bhoird Achomhairc. (i) Chuir an Coiste alt nua isteach chun alt 12 den Phríomh-Acht, a bhaineas le comhdhéanamh an Bhoird Achomhairc, a leasú. Is é cuspóir an ailt nua a áirithiú nach ngníomhóidh an bord achomhairc má bhíonn an cathaoirleach (Breitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt) as láthair. Comhluchta Cleamhnaithe. (ii) Beartaíodh le halt 2 den Bhille é a chur d’oblagáid ar cheann comhairimh an tSeanaid iarratas ar chlárú a dhílamháil a dhéanfadh comhlucht ba bhrainse nó comhlucht cleamhnaithe nó fo-chomhlucht do chomhlucht a bhí cláraithe cheana sa chlár nó ar lamháladh a iarratas ar chlárú. Faoin bPríomh-Acht bhí rogha ag ceann comhairimh an tSeanaid sa chás sin. Toisc deireadh a bheith á chur leis an gcumhacht roghan sin mheas an Coiste gur cheart míniú ar an bhfocal “cleamhnaithe” a chur isteach agus rinneadh leasú chuige sin. Iarratais a tharchur chun an Bhoird Achomhairc. (iii) Beartaíodh le halt 5 den Bhille alt nua a chur isteach sa Phríomh-Acht a chumasódh do cheann comhairimh an tSeanaid, in ionad iarratas a lamháil nó a dhílamháil a dhéanfadh comhlucht ar chlárú mar chomhlucht ainmniúcháin, an t-iarratas a tharchur chun an bhoird achomhairc lena chinneadh, agus a thabharfadh don bhord achomhairc na cumhachta ba ghá chun déileáil leis an iarratas a tarchuireadh chucu. Rinneadh foráil san alt nua faoina bhféadfadh aon chomhlucht agóid a dhéanamh chun an bhoird achomhairc i gcoinne an iarratais má ba chomhlucht é d’fhéadfadh achomharc a dhéanamh dá lamháladh ceann comhairimh an tSeanaid an t-iarratas agus bhí forála ann á chumasú don chomhlucht a ndearnadh agóid i gcoinne a chláruithe nótaí a chur isteach i dtaobh na n-agóidí sin. Mheas an Coiste gur leor na forála atá ann cheana agus nár ghá an fhoráil a beartaíodh sa Bhille. Mheasadar nár cheart go mbainfí de cheann comhairimh an tSeanaid an dualgas atá air gach iarratas a thiocfadh faoina bhráid a chinneadh. Dá mbeadh agóid i gcoinne a bhreithe d’fhéadfaí achomharc a dhéanamh chun an bhoird achomhairc. Diúltaíodh alt 5 dá réir sin. Deireadh a chur le Coistí Ainmniúcháin. (iv) Leasódh alt 7 den Bhille alt 26 den Phríomh-Acht trí aon mhodh amháin a cheapadh chun an líon daoine a shocrú d’fhéadfadh gach comhlucht ainmniúcháin a ainmniú chun aon rolla áirithe in olltoghchán don tSeanad. Bheadh d’éifeacht leis sin go laghdófaí go mór an líon iomlán daoine d’fhéadfadh na comhluchta ainmniúcháin a mholadh chun a n-ainmnithe. Ba lú dá réir an gá a bheadh le coistí ainmniúcháin chun líon na ndaoine a molfaí chun a n-ainmnithe a laghdú go dtí an uimhir iomchuí mar mínítear sin in alt 34 den Phríomh-Acht. Bhí de chuspóir le halt 10 den Bhille an gá a bheadh le cruinnithe de choistí ainmniúcháin a laghdú tuilleadh. Faoi láthair ní féidir líon daoine a chur ar fho-rolla do chomhluchta ainmniúcháin is mó ná dhá oiread an mhéid daoine is mó is féidir a toghadh as an bhfo-rolla. Má hainmnítear níos mó ná an líon sin ní mór don choiste ainmniúcháin teacht le chéile. Mhéadódh alt 10 an líon sin de bheirt agus uime sin is annaimhe a bheadh gá le coiste ainmniúcháin. Mheas an Coiste go mbeadh claonadh leis na hathruithe sin a thabhairt gurb iad na comhluchta ainmniúcháin d’ainmneodh na hiarrthóirí dáiríre. Ba é a dtuairim nár oibrigh córas na gcoistí ainmniúcháin go sásúil, agus bheartaíodar dá réir sin dul níos sia fós agus an Bille a leasú trí fhoráil a dhéanamh ag cur deireadh leo. Corrfholúntais i bhFo-Rolla do Chomhluchta Ainmniúcháin. (v) Faoi láthair is é an coiste ainmniúcháin iomchuí a líonas corrfholúntais i bhfo-rolla do chomhluchta ainmniúcháin agus déanaid sin trí theacht le chéile agus duine a thoghadh chun an folúntas a líonadh. Ó chinn an Coiste an Bille a leasú trí fhoráil a dhéanamh ag cur deireadh le coistí ainmniúcháin, b’éigean modh eile a cheapadh chun corrfholúntais den tsórt sin a líonadh. Shocraigh an Coiste gur ceart gurb iad na comhluchta ainmniúcháin a dhéanfadh ainmniúcháin chun corrfholúntais den tsórt sin a líonadh mar dhéanaid i gcás olltoghcháin ach nach mbeadh cead ag aon chomhlucht ainmniúcháin níos mó ná ainmniúchán amháin a dhéanamh in aon chás, agus, thairis sin, gur ceart an corrthoghchán a dhéanamh mar déantar corrthoghchán chun corrfholúntas i bhfo-rolla don Oireachtas a líonadh. Is iad príomh-ghnéithe an mhodha sin gur roimh an vótaíocht a déantar an rialú ar ainmniúcháin, gur leis an bpost a déantar an vótáil agus gurb iad comhaltaí na Dála agus an tSeanaid na toghthóirí. Cuireadh alt nua isteach sa Bhille ag tabhairt éifeachta do na moltaí sin. Daoine Údaraithe. (vi) Leasaíodh riail 8 den Chéad Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht trí Bhainisteoirí Contae agus Cathrach agus Rúnaithe Contae d’áireamh ar na daoine a dtugtar údarás dóibh chun maoirseacht a dhéanamh ar mharcáil pháipéar ballóide i dtoghchán don tSeanad. 3. Tuairiscítear an Bille, arna leasú, don tSeanad. (Sínithe) LIAM Ó BUACHALLA, Cathaoirleach. 18ú Meitheamh, 1953. |
||||||||||||