Committee Reports::Report No. 01 - Statutory Instruments::17 December, 1953::Report

AN CHÉAD TUARASCÁIL

1. Chinn an Coiste gan scrúdú a dhéanamh faoi láthair ach ar scríbhinní a leagadh ar an mBord ón lú Aibreán, 1953, i leith.


2. Breithníodh san iomlán céad (100) scríbhinn a tháinig faoi réim léirmheasa an Choiste. I gcás ochtó is sé (86) cinn díobh sin níor measadh aon chúis a bheith ann chun aird speisialta an tSeanaid a dhíriú ar aon cheann acu ar aon fhoras dár leagadh amach sna hOrduithe Tagartha don Choiste.


3. Is é tuairim an Choiste gur ceart aird speisialta an tSeanaid a dhíriú ar an Ordú um Shonraíocht Chaighdeánach (Páipéarachas Scoile), 1953 (I.R. Uimh. 170 de 1953), ar fhoras (v) de mhír (1) de na hOrduithe Tagartha, eadhon; go ndealraíonn sé go raibh moill neamhchóir ag baint lena leagadh os comhair an Tí. Rinneadh an tOrdú ar an 15ú Bealtaine, 1953, ach níor tíolaiceadh don tSeanad é, i bhfoirm steinslithe ná i bhfoirm chlóite, go dtí an 3ú Deireadh Fómhair, 1953.


4. Maidir le foras (vi) de mhír (1) de na hOrduithe Tagartha (eadhon, go mba cheart, ar aon fháth speisialta, a fhoirm nó a airbheart a shoiléiriú) is é tuairim an Choiste gur ceart aird speisialta an tSeanaid a dhíriú ar an Ordú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 117), 1941 (Cúlghairm), 1953 (I.R. Uimh. 218 de 1953), agus ar an Ordú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 329), 1944 (Cúlghairm), 1953 (I.R. Uimh. 219 de 1953), nach dtugann ceachtar acu sa teideal ná sa téacs aon leideadh don ábhar atá i dtrácht ann.


5. I gcás gach ceann de na deich (10) n-ionstraimí seo a leanas, eadhon: An tOrdú um an Ordú Bainne (Praghsanna Uasta do Mhiondíoltóirí, 1952 (Leasú), 1953 (I.R. Uimh. 115 de 1953); an tOrdú Dleacht Chustam (Fionraí Ilghnéitheach), 1953 (I.R. Uimh. 120 de 1953); na Rialacháin Toradh Talmhaíochta (Uibheacha) (Leasú Sealadach), 1953 (I.R. Uimh. 131 de 1953); Rialacháin Bhord Bainne Cheantar Chorcaighe (Tobhach) (Leasú), 1953 (I.R. Uimh. 137 de 1953); Rialacháin na dTithe (Ranníocaíochtaí Muirear Iasachta) (Leasú), 1953 (I.R. Uimh. 149 de 1953); na Rialacháin Aerphoirt Neamhchustam (Trácht ar Bhóithre) (Leasú), 1953 (I.R. Uimh. 189 de 1953); an tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (An Dara Tréimhse Fostaíochta), 1953 (I.R. Uimh. 191 de 1953); na Rialacháin Stát-Sheirbhíse (Luach Saothair), 1953 (I.R. Uimh. 250 de 1953); an tOrdú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1953 (I.R. Uimh. 251 de 1953); agus an Scéim Fórsaí Cosanta (Pinsin) (Leasú), 1953 (I.R. Uimh. 259 de 1953), ní cuirtear cuspóir na hionstraime in iúl go soiléir i dtéacs na scríbhinne. Ní féidir aon cheann de na hionstraimí sin a léiriú gan tagairt d’iliomad ionstraimí agus reachtanna. Measann an Coiste go mb’fhiú go mór, ar mhaithe le leas an phobail, meabhrán gearr míniúcháin a bheith ag gabháil le hionstraim a bheadh casta.


6. I gcásanna áirithe, e.g. an tOrdú Cruithneachtan, 1953 (I.R. Uimh. 257 de 1953), níor mhiste gearrtheideal na hionstraime a mhéadú rud beag chun go gcuirfeadh sé in iúl cad é an ghné den ábhar a bhí faoi thrácht.


(Sínithe) SEOIRSE Ó BRIAIN,


Cathaoirleach.


17ú Nollaig, 1953.