Committee Reports::Report No. 01 - Statutory Instruments::17 December, 1953::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 17ú Nollaig, 1953.

Thursday, 17th December, 1953.

1. Chruinnigh an Coiste ar 2.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Seanadóirí Ó Briain (i gCeannas), Ó Fearáin, Mac Síomáin, Ó hEacháin, Mac Uidhir, Mac Aodha agus Ó Ciosáin.


3. Bhreithnigh an Coiste na hIonstraimí Reachtúla seo a leanas:—


Na Radio-Rialacháin (Ceadúnais Glacadóireachta) (Leasú) (Uimh. 3), 1953 (I.R. Uimh. 55 de 1953).


Ordú Cuan-Oibreacha Dhún Dealgan, 1953 (I.R. Uimh. 58 de 1953).


An tOrdú i dTaobh an Achta um Staidreamh Beatha agus um Chlárú Breitheanna, Bása agus Póstaí, 1952 (Tosach Feidhme), 1953 (I.R. Uimh. 59 de 1953).


Na Rialacháin um Oifig an Ard-Chláraitheora (Uaire Gnótha), 1953 (I.R. Uimh. 60 de 1953).


Na Rialacháin um Bhreitheanna, Bása agus Póstaí (Táillí ar Dheimhnithe), 1953 (I.R. Uimh. 61 de 1953).


An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Geilitín Inite) 1953 (I.R. Uimh. 63 de 1953).


An tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1932, Rialacháin, 1953 (I.R. Uimh. 64 de 1953).


Ordú Ceantair Uirbigh Leitir Ceanainn (Teora d’Athrú), 1953 (I.R. Uimh. 79 de 1953).


An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Sluaiste Trom-Oibre), 1953 (I.R. Uimh. 91 de 1953).


An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Earraí Fearthainne d’Iarann Teilgthe), 1953 (I.R. Uimh. 93 de 1953).


An tOrdú um an hOrduithe Cumhachta Práinne (Uimh. 192 agus 320) (Fionraí Dleacht Custam ar Bhoinn Ghluaisteáin d’Fhorceannadh), 1953 (I.R. Uimh. 107 de 1953).


An tOrdú um Bhord Bainne Cheantar Bhaile Átha Cliath (Praghsanna Iosta ar Bhainne), 1953 (I.R. Uimh. 109 de 1953).


An tOrdú i dTaobh an Orduithe um an Acht Táirgí Talmhaíochta agus Iascaigh (Onnmhuiriú a Rialú), 1947 (Eanlaithe Clóis agus Coiníní d’Onnmhuiriú), 1950 (Leasú Sealadach), 1953 (I.R. Uimh. 111 de 1953).


An tOrdú um Chraicne Caorach (Toirmeasc ar Onnmhuiriú), 1953 (I.R. Uimh. 112 de 1953).


An tOrdú um an Ordú Bainne (Praghas Mionreaca) (Ceantar Díola Bhaile Atha Cliath) (Uimh. 2), 1952 (Leasú), 1953 (I.R. Uimh. 114 de 1953),


Na Rialacháin um Rialacháin na bPinsean Seirbhíse Míleata (Uimh. 1), 1927 (Leasú), 1953 (I.R. Uimh. 117 de 1953).


An tOrdú um Bord Bainne Cheantar Chorcaighe (Praghsanna Iosta ar Bhainne), 1953 (I.R. Uimh. 121 de 1953).


An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 282), 1943 (Pár-Pháipéar Bréige) (Leasú), 1953 (I.R. 124 de 1953).


An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 320), 1944 (Speala, Corráin, etc.) (Leasú), 1953 (I.R. Uimh. 126 de 1953).


An tOrdú Muilleoireachta Cruithneachtan, 1953 (I.R. Uimh. 129 de 1953).


An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Abhair Bheatha), 1944 (Leasú), 1953 (I.R. Uimh. 130 de 1953).


Ordú Chontae-Bhuirg Bhaile Átha Cliath (Togh-Limistéirí), 1953 (I.R. Uimh. 133 de 1953).


Na Rialacháin um an Acht Arachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942 (Rátaí Ranníoca Seachtainiúla a Leasú), 1953 (I.R. Uimh. 134 de 1953).


An tOrdú um Marc Caighdeánach (Plástar-Chlár Giopais), 1953 (I.R. Uimh. 136 de 1953).


An tOrdú i dtaobh an Orduithe um Lán-Bhainne Athdhéanta (Praghsanna), 1953 (Cúlghairm), 1953 (I.R. Uimh. 139 de 1953).


An tOrdú Bainne (Praghas Mionreaca) (Ceantar Díola Bhaile Átha Cliath), 1953 (I.R. Uimh. 140 de 1953).


An tOrdú Bainne (Praghas Mionreaca) (Ceantar Díola Chorcaighe), 1953 (I.R. Uimh. 141 de 1953).


Na Rialacháin Substaintí Ice (Leasú), 1953 (I.R. Uimh. 143 de 1953).


Na Rialacháin Aerphoirt Neamhchustam (Réim Dlithe a Leathnú), 1953 (I.R. Uimh. 144 de 1953).


Fo-Dhlithe Aerphoirt na Sionna, 1953 (I.R. Uimh. 150 de 1953).


An tOrdú i dtaobh na nOrduithe um Cháis agus Bainne Comhdhlúite (Praghsanna Uasta) (Cúlghairm), 1953 (I.R. Uimh. 152 de 1953).


An tOrdú i dtaobh an Orduithe um Cháis (Tobhach), 1951 (Cúlghairm), 1953 (I.R. Uimh. 153 de 1953).


An tOrdú um an Aire Dlí agus Cirt (Gníomhaireacht) (Uimh. 2), 1953 (I.R. Uimh. 155 de 1953).


An tOrdú um Iasc Sliogáin (Onnmhuiriú a Rialú), 1953 (I.R. Uimh. 159 de 1953).


An tOrdú Siúcra (Praghsanna Uasta), 1953 (I.R. Uimh. 160 de 1953).


An tOrdú um Fho-Dhlí Chanáil Laighean (Daingniú), 1953 (I.R. Uimh. 162 de 1953).


An tOrdú um an Ordú Criostal Sóide (Sóid Níocháin) (Praghsanna Uasta), 1951 (Cúlghairm), 1953 (I.R. Uimh. 163 de 1953).


An tOrdú i dtaobh an Orduithe um Boinn agus Lamhnáin (Praghsanna Uasta), 1951 (Cúlghairm), 1953 (I.R. Uimh. 164 de 1953).


An tOrdú um Stroighin Phortland (Caighdeán Cáilíochta), 1953 (I.R. Uimh. 165 de 1953).


An tOrdú um Fheithiclí Bóthair (Treoir-Mharc Breise), 1953 (I.R. Uimh. 171 de 1953).


An tOrdú um an Ordú Cócó (Praghsanna Uasta), 1952 (Cúlghairm), 1953 (I.R. Uimh. 193 de 1953).


An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne, 1939 (Cúlghairm Leathrannach), 1953 (I.R. Uimh. 194 de 1953).


An tOrdú um an Ordú Ime Neamh-Uachtarlainne (Onnmhuiriú a Thoirmeasc), 1952 (Cúlghairm), 1953 (I.R. Uimh. 199 de 1953).


An tOrdú um an Aire Airgeadais (Gníomhaireacht), 1953 (I.R. Uimh. 206 de 1953).


Ordú Fionraíochta Cuóta Allmhuirithe Uimh. 16 (Leasacháin), 1953 (I.R. Uimh. 208 de 1953).


An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 282), 1943 (Fionraí Dleachta ar Fheilt Dín, etc., d’Fhorceannadh), 1953 (I.R. Uimh. 209 de 1953).


Na Rialacháin um Ghearr-Dheimhniú Breithe, 1953 (I.R. Uimh. 215 de 1953).


An tOrdú chun Allmhuirithe a Rialú (Cuóta Uimh. 49) (Abhrais Cadáis Singil) (Cúlghairm), 1953 (I.R. Uimh. 216 de 1953).


An tOrdú um an Aire Airgeadais (Gníomhaireacht) (Uimh. 2), 1953 (I.R. Uimh. 225 de 1953).


Na Rialacháin Telefóin, 1953 (I.R. Uimh 227 de 1953).


An tOrdú chun Dleachta d’Fhorchur go Práinneach (Uimh. 310) (Málaí Láimhe, etc.), 1953 (I.R. Uimh. 229 de 1953).


Na Rialacháin i dTaobh na Rialachán um Beithígh agus Caoire (Ceadúnas Onnmhuirithe), 1946 (Cúlghairm), 1953 (I.R. Uimh. 230 de 1953).


An tOrdú i dTaobh an Orduithe um Beithigh (Toirmeasc ar Onnmhuiriú), 1946 (Cúlghairm), 1953 (I.R. Uimh. 231 de 1953).


An tOrdú i dTaobh an Orduithe Cumhachta Práinne (Mairteoil, Caoireoil agus Muiceoil d’Easportáil), 1941 (Cúlghairm), 1953 (I.R. Uimh. 232 de 1953).


An tOrdú um Abhair Bheatha (Srian le hOnnmhuiriú), 1953 (I.R. Uimh. 233 de 1953).


An tOrdú um Tháirgí Talmhaíochta (Srian le hOnnmhuiriú), 1953 (I.R. Uimh. 234 de 1953).


Ordú Bhord Bainne Cheantar Chorcaighe (Lá Toghcháin, 1953), 1953 (I.R. Uimh 242 de 1953).


An tOrdú um an Aire Airgeadais (Gníomhaireacht) (Uimh. 3), 1953 (I.R. Uimh. 243 de 1953).


An tOrdú um an gClárlann Phrobháide Cheantair, Muileann Cearr (Dúnadh), 1953 (I.R. Uimh. 245 de 1953).


Ordú na mBannaí Talún, 1953 (I.R. Uimh. 246 de 1953).


An tOrdú um an Aire Airgeadais (Gníomhaireacht) (Uimh. 4), 1953 (I.R. Uimh. 247 de 1953).


Barántas Leasuithe an Phoist Intíre (Uimh. 5), 1953 (I.R. Uimh. 248 de 1953).


An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Doirse Painéalaithe Adhmaid), 1953 (I.R. Uimh. 252 de 1953).


An tOrdú chun Dleachta d’Fhorchur go Práinneach (Uimh. 311) (Frámaí Spéacláirí), 1953 (I.R. Uimh. 256 de 1953).


An tOrdú um Liúntais an Gharda Shíochána, 1953 (I.R. Uimh. 258 de 1953).


An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Clochaoil Mheilte), 1953 (I.R. Uimh. 260 de 1953).


An tOrdú um Bord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt a Bhunú, 1953 (I.R. Uimh. 261 de 1953).


An tOrdú chun Allmhuirithe a Rialú (Cuóta Uimh. 13, an tOchtú Tréimhse Fichead) (Uigí Fite Olla agus Gréasáin Shíoda Shaorga), 1953 (I.R. Uimh. 262 de 1953).


An tOrdú chun Allmhuirithe a Rialú (Cuóta Uimh. 12, an Naoú Tréimhse Fichead) (Stocaí Síoda nó Síoda Shaorga), 1953 (I.R. Uimh. 264 de 1953).


An tOrdú um an Ordú chun Iomportálanna a Rialú (Cuóta Uimh. 10), 1934 (Cabhla Feithiclí Bóthair) (Leasú), 1953 (I.R. Uimh. 273 de 1953).


An tOrdú um Dhíbhinní Gnóthairí Gáis, 1953 (I.R. Uimh. 274 de 1953).


An tOrdú um Earraí Aispeiste (Fionraí Dleacht Chustam d’Fhorceannadh), 1953 (I.R. Uimh. 276 de 1953).


Barántas Leasuithe an Phoist Choigríche (Uimh. 2), 1953 (I.R. Uimh. 280 de 1953).


An tOrdú Iascaigh (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1953 (I.R. Uimh. 281 de 1953).


An tOrdú chun Allmhuirithe a Rialú (Cuóta Uimh. 36, an tOchtú Tréimhse Fichead) (Tuailmí Lannacha), 1953 (I.R. Uimh. 283 de 1953).


An tOrdú chun Dleachta d’Fhorchur go Práinneach (Uimh. 315) (Sreangán agus Cábla Leictreach), 1953 (I.R. Uimh. 288 de 1953).


An tOrdú um an Ordú Adhmaid Allmhuirithe (Praghsanna Uasta) (Uimh. 20), 1952 (Cúlghairm), 1953 (I.R. Uimh. 289 de 1953).


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Mionfhostaíocht) (Uimh. 2), 1953 (I.R. Uimh. 290 de 1953).


An tOrdú um an Aire Airgeadais (Gníomhaireacht) (Uimh. 5), 1953 (I.R. Uimh. 294 de 1953).


An tOrdú um an Aire Tionscail agus Tráchtála (Gníomhaireacht), 1953 (I.R. Uimh. 295 de 1953).


An tOrdú um an Aire Talmhaíochta (Gníomhaireacht), 1953 (I.R. Uimh. 296 de 1953).


An tOrdú um an Aire Dlí agus Cirt (Gníomhaireacht) (Uimh. 3), 1953 (I.R. Uimh. 297 de 1953).


An tOrdú um Iompar Bainne, 1953 I.R. Uimh. 301 de 1953).


Na Rialacha Loingis Cheannaíochta (Déanmhas), 1953 (I.R. Uimh. 339 de 1953).


Na Rialacha Loingis Cheannaíochta (Fearais Tarrthála agus Tóiteáin), 1953 (I.R. Uimh. 341 de 1953).


Na Rialacha Loingis Cheannaíochta (Treo-Aimseoirí). 1953 (I.R. Uimh. 342 de 1953).


Beartaithe: Gurb é tuairim an Choiste nach léir aon chúis a bheith ann chun aird speisialta an tSeanaid a dhíriú ar aon cheann de na hIonstraimí sin roimhe seo ar aon fhoras dár leagadh amach sna hOrduithe Tagartha don Choiste (An Seanadóir Ó Ciosáin).


4. Bhreithnigh an Coiste an Ionstraim Reachtúil seo a leanas:—An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Páipéarachas Scoile), 1953 (I.R. Uimh. 170 de 1953).


Beartaithe: Go ndíreofar aird speisialta an tSeanaid ar an ionstraim sin ar fhoras (v) de mhír (1) de na hOrduithe Tagartha, eadhon:—go ndealraíonn sé go raibh moill neamhchóir ag baint lena leagadh os comhair an Tí (An Seanadóir Ó Ciosáin).


5. Bhreithnigh an Coiste na hIonstraimí Reachtúla seo a leanas:—


An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 117), 1941 (Cúlghairm), 1953 (I.R. Uimh. 218 de 1953).


An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 329), 1944 (Cúlghairm), 1953 (I.R. Uimh. 219 de 1953).


Beartaithe: Go ndíreofar aird speisialta an tSeanaid ar an dá ionstraim sin mar shamplaí d’ionstraimí nach dtugann sa teideal ná sa téacs aon leideadh don ábhar atá i dtrácht iontu (An Seanadóir Ó Ciosáin).


6. Bhreithnigh an Coiste na hIonstraimí Reachtúla seo a leanas:—


An tOrdú um an Ordú Bainne (Praghsanna Uasta do Mhiondíoltóirí), 1952 (Leasú), 1953 (I.R. Uimh. 115 de 1953).


An tOrdú Dleacht Chustam (Fionraí Ilghnéitheach), 1953 (I.R. Uimh. 120 de 1953).


Na Rialacháin Toradh Talmhaíochta (Uibheacha) (Leasú Sealadach), 1953 (I.R. Uimh. 131 de 1953).


Rialacháin Bhord Bainne Cheantar Chorcaighe (Tobhach) (Leasú), 1953 (I.R. Uimh. 137 de 1953).


Rialacháin na dTithe (Ranníocaíochtaí Muirear Iasachta) (Leasú), 1953 (I.R. Uimh. 149 de 1953).


Na Rialacháin Aerphoirt Neamhchustam (Trácht ar Bhóithre) (Leasú), 1953 (I.R. Uimh. 189 de 1953).


An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (An Dara Tréimhse Fostaíochta), 1953 (I.R. Uimh. 191 de 1953).


Na Rialacháin Stát-Sheirbhíse (Luach Saothair), 1953 (I.R. Uimh. 250 de 1953).


An tOrdú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1953 (I.R. Uimh. 251 de 1953).


An Scéim Fórsaí Cosanta (Pinsin) (Leasú), 1953 (I.R. Uimh. 259 de 1953).


Beartaithe: Go ndíreofar aird speisialta an tSeanaid ar gach ceann de na hionstraimí sin toisc go measann an Coiste nach gcuirtear cuspóir na hionstraime in iúl go soiléir i dtéacs na scríbhinne, nach féidir aon cheann de na hionstraimí a léiriú gan tagairt d’iliomad ionstraimí agus reachtanna, agus go mb’fhiú go mór, ar mhaithe le leas an phobail, meabhrán gearr míniúcháin a bheith ag gabháil le hionstraimí casta den tsórt sin (An Seanadóir Ó Ciosáin).


7. Bhreithnigh an Coiste an Ionstraim Reachtúil seo a leanas:—


An tOrdú Cruithneachtan, 1953 (I.R. Uimh. 257 de 1953).


Beartaithe: Go ndireofar aird speisialta an tSeanaid ar an ionstraim sin toisc go measann an Coiste nár mhiste gearrtheideal na hionstraime a mhéadú rud beag chun go gcuirfeadh sé in iúl cad é an ghné den ábhar a bhí faoi thrácht (An Seanadóir Ó Ciosáin).


8. Rinne an Coiste breithniú.


9. TuarascÁil an Choiste.


Chuir an Cathaoirleach Dréacht-Thuarascáil faoi bhráid an Choiste agus léadh í den chéad uair.


Tairiscint déanta (An Seanadóir Ó Ciosáin):


“That the Chairman’s Draft Report be read a second time, paragraph by paragraph.”


Ceist curtha, agus aontaithe.


Míreanna 1 go 6 go huile, aontaithe.


Tairiscint déanta (An Seanadóir Ó Ciosáin):


“That the Chairman’s Draft Report be the Report of the Committee.”


Ceist curtha, agus aontaithe.


Ordaithe: An Tuarascáil a thíolacadh don tSeanad.


10. Athlá.


Chuaigh an Choiste ar athló ar 2.50 p.m.