Committee Reports::Report and Proceedings - Sir Patrick Dun's Hospital Bill, 1953 ::16 December, 1953::Orders of Reference

SEANAD ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

3ú Meitheamh, 1953:—Beartaithe: Go bhfuil sé oiriúnach Comh-Choiste den dá Thigh a cheapadh chun Bille Ospidéil Sir Patrick Dun, 1953, a bhreithniú, eadhon, Bille dá ngairmtear Acht do chur tórann le dliteanas pearsanta comhaltaí Bhord Rialtóirí Ospidéil Sir Patrick Dun agus do dhéanamh socruithe i dtaobh nithe eile a bhaineas leis sin.


17ú Meitheamh, 1953:—Ordaithe: Go gceapfar Rogha-Choiste le comhcheangal le Rogha-Choiste a cheapfaidh Dáil Éireann chun Bille Ospidéil Sir Patrick Dun, 1953, a bhreithniú.


16ú Iúil, 1953:—Seanadóirí ainmnithe chun fónamh ar an gComh-Choiste:—Aindrias Ó Cléireachain, Séamas Mac Raith agus Mícheál Ó hUiginn.


16ú Iúil, 1953:—Cathaoirleach ceaptha don Chomh-Choiste:—An Seanadóir Pádraig P. Ó Raghallaigh.


DÁIL ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

9ú Meitheamh, 1953:—Beartaithe: Go n-aontaíonn Dáil Éireann le Seanad Éireann ina Rún a cuireadh in iúl do Dháil Éireann an 3ú lá de Mheitheamh, 1953, go bhfuil sé oiriúnach Comh-Choiste den dá Thigh a cheapadh chun Bille Ospidéil Sir Patrick Dun, 1953, a bhreithniú.


18ú Meitheamh, 1953:—Ordaithe: Go gceapfar Rogha-Choiste le Comhcheangal le Rogha-Choiste atá ceaptha ag Seanad Éireann chun Bille Ospidéil Sir Patrick Dun, 1953, a bhreithniú.


16ú Iúil, 1953:—Teachtaí ainmnithe chun fónamh ar an gComh-Choiste:— Peadar Ó Dubhghaill, Pádraig Ó Caoilte agus Liam Sheldon.


16ú Iúil, 1953:—Cathaoirleach ceaptha don Chomh-Choiste:—An Seanadóir Pádraig P. Ó Raghallaigh.