|
IMEACHTA AN CHOISTE SPEISIALTA.PROCEEDINGS OF THE SPECIAL COMMITTEEDé Céadaoin, 20ú Feabhra, 1952.Wednesday, 20th February, 1952.1.Chruinnigh an Coiste ar 12.30 p.m. 2.Comhaltai i Lathair. Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:— An tAire Cosanta, na Teachtaí Ó Braonáin, Ó Colla, S. Ó Coileáin, Ó Comhdhain, Ó Dabhoireann, V. de Valéra, Ó Gallchobhair, Hilliard, Mac Giolla Bhrighde agus Mac Eoin. 3.Cathaoirleach a Thoghadh. Thairg an Teachta S. Ó Coileáin:— “That Deputy V. de Valera be Chairman of the Committee.” Ceist curtha, agus aontaithe. Chuaigh an Teachta V. de Valéra i gCeannas dá réir sin. 4.Tuairisc na nDiospoireachtai. Thairg an Teachta Ó Comhdhain:— “That the debates of the Committee be officially reported.” Ceist curtha: rinne an Coiste vótáil: Tá, 5; Níl, 6. Tá:—Na Teachtaí S. Ó Coileáin, Ó Comhdhain, V. de Valéra, Hilliard, agus Mac Eoin. Níl:—Aire Cosanta, na Teachtaí Ó Braonáin, Ó Colla, Ó Dabhoireann, Ó Gallchobhair agus Mac Giolla Bhrighde. Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis diúltú don cheist. 5.Fogra i dtaobh Leasuithe. Ordaithe: Maidir, leis na hailt agus na sceidil a sonraítear, go dtabharfar fógra i dtaobh leasuithe a beartaítear tráth nach déanaí ná na dátaí seo a leanas:— ailt 1 go 52 tráth nach déanaí ná 27ú Feabhra, 1952. ailt 53 go 116 tráth nach déanaí ná 5ú Márta, 1952. ailt 117 go 249 tráth nach déanaí ná 12ú Márta, 1952. ailt 250 go 316 agus sceidil 1 go 10 tráth nach déanaí ná 19ú Márta, 1952. 6.Athla. Chuaigh an Coiste ar athló ar 2 p.m. go dtí 4 p.m. Dé Céadaoin, 5ú Márta, 1952. |
||||||||||||