Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1950 - 1951::04 September, 1952::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 4ú Meán Fómhair, 1952.

Thursday, 4th September, 1952.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas si láthair:—


An Teachta Sheldon (i g Ceannas), na Teachtaí Pilib Mac Brádaigh, Mac Artúir, Séamus Ó Coileáin, Seán Ó Coileáin, Bean Uí Chruadhlaoich, Domhnall Ó Súilleabháin agus Pámar.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1950-51.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1950-51. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Rialtas Aitiúil, Talmhaíocht, Iascach, Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, Pinsin Sean-Aoise, Liúntais Leanaí, Arachas Dífhostaíochta agus Cúnamh Dífhostaíochta, Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, Arachas Sláinte Náisiúnta, Iltseirbhísí Leasa Shóisialaigh agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


4. Finnéithe a Ceistníodh.


Ceistníodh S. Ó Gairbhín (Rúnaí, An Roinn Rialtais Aitiúil), Seán Ó Broin (Rúnaí, An Roinn Talmhaíochta), L. Maguidhir (Rúnaí, An Roinn Leasa Shóisialaigh), Liam Ó Cadhlaigh (Rúnaí, Oifig an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste), M. Breathnach agus C. Ó Broin (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athla.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.25 p.m.