Committee Reports::Report - Agricultural Workers (Weekly Half-Holidays Bill), 1950::25 January, 1952::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

6ú Nollaig, 1950:—Ordaithe, Go gcuirfear an Bille um Oibrithe Talmhaíochta (Leath-Laethanta Saoire Seachtainiúla), 1950, chun Coiste Speisialta ar a mbeidh cúigear Comhaltaí déag a ainmneos an Coiste Roghnaitheoireachta; gur seisear is córam don Choiste; agus go dtionólfar an chéad chruinniú den Choiste ar an 14ú Nollaig [An Teachta Ó Duinn].


7ú Nollaig, 1950:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste dár comhaltaí na Teachtaí Ó hAllamhain, Ó Beachain, Bléine, Pádraig de Brún, Ó Cuagáin, Ó Dabhoireann, Ó Duinn, Mac Giolla Phádraig, Ó hAilleadáin, Ó Loingsigh, Ó Maoláin, Ó Domhnaill, Máirtín Ó Súilleabháin, Suatman agus Tomás Breathnach.