Committee Reports::Report and Proceedings - Defence Bill, 1951::01 May, 1952::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

31ú Eanáir, 1952:—Ordaithe, Go gcuirfear an Bille Cosanta, 1951, chun Coiste Speisialta ar a mbeidh seachtar Comhaltaí déag a ainmneos an Coiste Roghnaitheoireachta; gur seisear is córam don Choiste; agus go dtionólfar an chéad chruinniú den Choiste Dé Céadaoin, an 20ú Feabhra, ar 12.30 p.m. [Aire Cosanta].


31ú Eanáir, 1952:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste dár comhaltaí an tAire Cosanta agus na Teachtaí Ó Braonáin, Mac Artúir, Ó Colla, Seán Ó Coileáin, Mac Cosgair, Ó Comhdhain. Ó Dabhoireann, Vivion de Valéra, Ó Fionáin, Ó Gallchobhair, Hilliard, Mac Giolla Bhrighde, Mac Eoin, Mac Fheorais, Mac Coilín agus Tomás Ó hUiginn (Sóisear.)