Committee Reports::Report No. 03 - Statutory Rules, Order and Regulations::27 July, 1951::Report

AN TRIU TUARASCAIL

1. Trí cruinnithe a bhí ag an gCoiste ó dháta na Dara Tuarascála.


2. O heisíodh an Dara Tuarascáil fuarthas litir ón Seanadóir L. O Dubhthaigh á chur in iúl, ó ceapadh ina chomhalta den Udarás Forbairte Tionscail é, go raibh sé tar éis éirí as Seanad Eireann agus dá bhíthin sin nach raibh sé i dteideal gníomhú ar an gCoiste. Toghadh an Seanadóir S. Bigear ina Chathaoirleach d’aon ghuth ag cruinniú a tionóladh an 11ú Eanáir, 1950.


3. Rinneadh na doiciméid seo leanas, is inbhreithnithe ag an gCoiste, a scrúdú agus níor léir gur aird speisialta an tSeanaid a dhíriú ar aon cheann acu ar aon fhoras dá bhfuil leagtha amach in Orduithe Tagartha an Choiste.


Ionstraim Reachtúil Uimh. 1949.

 

35

An tOrdú i dtaobh an Orduithe um Oinniúin (Praghsanna Uasta) (Uimh. 3), 1948 (Cúlghairm), 1949.

37

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Subhanna agus Marmailéidí) (Praghsanna Uasta), 1944 (Leasú) (Uimh. 4), 1949.

42

An tOrdú um Fheithiclí Bóthair (Treoir-Mharc Breise), 1949.

49

An tOrdú á Thoirmeasc Coiníní a Stóráil, 1949.

51

An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (Tréimhse Fostaíochta), 1949.

53

An tOrdú um Mairgirín (Praghsanna Uasta), 1949.

54

An tOrdú Caomhanta Eanacha Géim, 1949.

62

An tOrdú um an Acht Táirgí Talmhaíochta agus Iascaigh (Onnmhuiriú a Rialú), 1947 (Oiseoil d’Onnmhuiriú), 1949.

63

An tOrdú i dtaobh an Orduithe um Páigh Thalmhaíochta (Rátaí Iosta) (Uimh. 2), 1949 (Leasú), 1949.

65

An tOrdú um Chiste an Gháis (Ranníoc), 1949.

68

Ionstraim Reachtúil Uimh. 68 de 1949.

70

An tOrdú Mataí (Dleacht Chustam d’Fhionraí), 1949.

73

An tOrdú Leasa Shóisialaigh (Comhar-Shocraíochta leis an mBreatain Mhóir), 1949.

74

An tOrdú um an Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Ceard-Oideachas a Leathnú), 1949.

77

An tOrdú Guail (Dleacht Chustam d’Fhionraí), 1949.

78

An tOrdú Talmhaíochta (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire d’Aistriú) (Cúnamh Airgid i leith Cruithneachtan agus Plúir), 1949.

79

An tOrdú Cumachta Práinne (Orduithe a bhaineas le Gallúnach) (Cúlghairm), 1949.

81

An tOrdú do Thoirmeasc Lachain agus Géanna a Stóráil, 1949.

83

An tOrdú Siúcra, 1949.

84

An tOrdú Biotáille Mótair (Praghsanna Uasta), 1949.

85

An tOrdú Ceirisín (Praghsanna Uasta), 1949.

86

An tOrdú Siúcra (Praghsanna Uasta), 1949.

88

An tOrdú Adhmaid Allmhuirithe (Praghsanna Uasta) (Uimh. 13), 1949.

90

An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh), 1949.

91

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Ciondáil Bhiotáille Mótair), 1941 (Leasú) (Uimh. 10), 1949.

92

An tOrdú um an Aire Gnóthaí Eachtracha (Gníomhaireacht) (Uimh. 1), 1949.

94

An tOrdú um Chraicne Caorach (Toirmeasc ar Onnmhuiriú), 1949.

96

An tOrdú Aerloingseoireachta (Rialacha an Aeir), 1949.

97

An tOrdú Leasa Shóisialaigh (Comhar-Shocraíochta le Tuaisceart Eireann), 1949.

102

An tOrdú um na hOrduithe Cumhachta Práinne (Ceirisín agus Ile Bhreosla) (Cúlghairm), 1949.

106

Na Rialacháin um Abhainn an Fheabhail (Sealbhóirí Ceadúnas Aitiúla Speisialta do Dhéanamh Iascaigh), 1949.

108

An tOrdú um Bord Bainne Cheantar Bhaile Atha Cliath (Praghsanna Iosta ar Bhainne), 1949.

109

An tOrdú um Bord Bainne Cheantar Chorcaighe (Praghsanna Iosta ar Bhainne), 1949.

112

Na Rialacha um Nós Imeachta (Fórsaí Cosanta), 1949.

114

An tOrdú um an Acht chun Géim a Chosaint, 1930 (Tréimhse faoi Alt 27) (Faidiú), 1949.

116

An tOrdú um Thairngí Cruite Capall (Praghsanna Uasta), 1949.

117

An tOrdú Bainne (Praghas Mionreaca), 1949.

118

An tOrdú Bainne (Praghas Mionreaca) (Ceantar Díola Bhaile Atha Cliath), 1949.

119

An tOrdú Bainne (Praghas Uasta do Mhiondíoltóirí), 1949.

120

An tOrdú Bainne (Praghas Mionreaca) (Contae Lughbhaidh), 1949.

121

An tOrdú Bainne (Praghsanna Mionreaca) (Ceantar Díola Chorcaighe), 1949.

122

An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh) (Foirmeacha), 1949.

131

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Imdháil Ime), 1944 (An Seachtú Tréimhse Ciondála Déag), 1949.

133

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Imdháil Mhionreaca Tae), 1943 (An Ceathrú Leasú), 1949.

135

An tOrdú um an Ordú Plúir agus Aráin (Ciondáil), 1946 (An Seú Leasú), 1949.

136

An tOrdú um an Ordú Plúir agus Aráin (Ciondáil), 1946 (Fórala Forlíontacha) (Uimh. 7), 1949.

137

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uisce Beatha d’Onnmhuiriú), 1941 (Leasú), 1949.

138

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Onnmhuiriú a Rialú), 1940 (Leasú) (Uimh. 4), 1949.

139

An tOrdú Coinnle (Praghsanna Uasta), 1949.

140

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Imdháil Ime), 1944 (Luach Malairte Cúpón Ime) (Uimh. 1), 1949.

142

An tOrdú um na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946 (Feidhmeanna Aire d’Aistriú), 1949.

144

An tOrdú um Eanacha Fiáine (Contae Chill Mantan), 1949.

145

An tOrdú i dtaobh an Orduithe um an Ordú Cumhachta Práinne (Piseáin Tiormaithe agus Stánaithe) (Praghsanna Uasta), 1943 (Uimh. 2), 1943 (Leasú) (Uimh. 2), 1949.

146

An tOrdú um Eanacha Fiáine (Contae Chiarraighe), 1949.

149

Ordú na nEanacha Fiáine (Líomatáiste Oileán an Tairbh, Thuaidh), 1949.

150

An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Tuirpintín), 1949.

151

An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Biotáille Bhán), 1949.

152

An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Tíleacha Dín Loma agus Feistis Coincréide), 1949.

153

An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Píopaí Coincreide Sorcóracha), 1949.

154

An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Ola-Phéinteanna Réamh-mheasctha), 1949.

155

An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Dath-Abhair Bhána le haghaidh Péinteanna), 1949.

156

An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Abhair Braithlíní Cadáis Leapan agus Braithlíní Cadáis Leapan), 1949.

157

An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Sistéil agus Sorcóirí Galbhánaithe le haghaidh Soláthar Uisce Tís), 1949.

158

An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Leacht-Tiormóirí le haghaidh Péinteanna), 1949.

160

An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Orbhián), 1949.

161

An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Altaos), 1949.

162

An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Stroighin Portland), 1949.

171

Na Rialacháin um Ghalair Aicídeacha (Cothabháil) (Leasú), 1949.

176

An tOrdú Ime Uachtarlainne (Onnmhuiriú a Thoirmeasc), 1949.

177

An tOrdú i dtaobh na nOrduithe um Choisbheart (Praghsanna Uasta) (Cúlghairm), 1949.

178

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Onnmhuiriú a Rialú), 1940 (Leasú) (Uimh. 32), 1949.

179

An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (An Dara Tréimhse Fostaíochta), 1949.

180

An tOrdú i dtaobh an Orduithe um Fheoil Úr (Praghsanna Uasta), 1948 (Leasú) (Uimh. 2), 1949.

186

An tOrdú um Dhulóisí (Praghsanna Uasta), 1949.

187

An tOrdú um Rísíní gan Síol (Praghsanna Uasta), 1949.

188

Na Rialacháin i dtaobh na Rialachán um Náisiúntacht agus Saoránacht Eireann, 1939 (Leasú), 1949.

190

An tOrdú um an Ordú Oráistí (Praghsanna Uasta), 1949 (Cúlghairm), 1949.

191

An tOrdú um an Ordú Seadóg (Praghsanna Uasta), 1946 (Cúlghairm), 1949.

205

An tOrdú um Páigh an Gharda Shíochána, 1949.

208

Ordú na nEanacha Fiáine (Contae Bhaile Atha Cliath), 1949.

209

Scéim na bhFórsaí Cosanta (Pinsin) (Leasú), 1949.

211

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Ciondáil Bhiotáille Mótair), 1941 (Leasú) (Uimh. 11), 1949.

213

An tOrdú um an Ordú Eisc Channaithe (Praghsanna Uasta), 1948 (Cúlghairm), 1949.

216

An tOrdú Eanacha Fiáine (Contae na Gaillimhe), 1949.

227

An tOrdú i dtaobh na nOrduithe um Ispíní Muiceola agus Feoil Ispín, Ispíní Mairteola agus Putóga Dubha agus Bána (Praghsanna Uasta) (Cúlghairm), 1949.

233

An tOrdú Adhmaid Allmhuirithe (Praghsanna Uasta) (Uimh. 14), 1949.

234

An tOrdú um an Ordú Plúir agus Aráin (Ciondáil), 1946 (Forála Forlíontacha) (Tréimhse an Fhómhair), 1949.

235

Ordú na nEanacha Fiáine (Contae Ros Comán), 1949.

238

An tOrdú i dtaobh an Orduithe um Bagún (Praghsanna Uasta), 1948 (Cúlghairm), 1949.

241

An tOrdú Cruithneachtan, 1949.

244

An tOrdú Iompair Chruithneachtan, 1949.

245

An tOrdú Staidrimh (Daonáireamh d’Fhoilsiú), 1949.

246

Na Rialacháin um na Rialacháin Sláinte Poiblí (Láithreáin Eisc Shliogáin Lughbhaidh agus na Midhe), 1939 (Leasú), 1949.

249

An tOrdú Adhmaid Allmhuirithe (Praghsanna Uasta) (Uimh. 15), 1949.

250

An tOrdú i dtaobh an Orduithe um Rís (Praghsanna Uasta), 1948 (Cúlghairm), 1949.

253

An tOrdú um Fospráid Chailciom Aigéadach (Praghsanna Uasta), 1949.

254

An tOrdú um an Ordú um Eadach, Eadaí agus Olann Chniotála (Praghsanna Uasta), 1947 (Leasú), 1949.

257

An tOrdú um an Aire Dlí agus Cirt (Gníomhaireacht), 1949.

258

An tOrdú Guail (Dleacht Chustam d’Fhionraí) (Uimh. 2), 1949.

264

An tOrdú um Rísíní gan Síol (Praghsanna Uasta) (Uimh. 2), 1949.

276

Ordú na nEachtrannach, 1949.

278

An tOrdú um Chartúisí Gránghunna (Praghsanna Uasta), 1949.

286

An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Aol Dobhartha chun críocha Forgníochta), 1949.

287

An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Leathnóirí do Phéinteanna), 1949.

288

An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Bloic Choincréide Sholadacha Fhoirgníochta arna nDéanamh de Chumase Aiceanta), 1949.

301

An tOrdú um Margairín (Praghsanna Uasta) (Uimh. 2), 1949.

303.

An tOrdú Ceirisín (Praghsanna Uasta) (Uimh. 2), 1949.

324

An tOrdú um an Aire Talmhaíochta (Gníomhaireacht), 1949.

337

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Décharbonáid Sóid) (Praghsanna Uasta) (Uimh. 2), 1944 (Cúlghairm), 1949.

354

An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Cumaisc Gharbha agus Mhíne ó Fhoinsí Aiceanta le haghaidh Coincréide), 1949.

355

An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Uisce-Phéinteanna agus Uisce-Dhathanna le húsáid laistigh), 1949.

410

An tOrdú Ceirisín (Praghsanna Uasta) (Uimh. 2), 1949.

422

Ordú Gáis Chorcaighe, 1948.

1950

 

4

An tOrdú um Boinn agus Lamhnáin (Praghsanna Uasta), 1950.

9

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Onnmhuiriú a Rialú), 1940 (Leasú) (Uimh. 33), 1950.

19

An tOrdú Margairín (Praghsanna Uasta), 1950.

25

An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh), 1950.

29

An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Tíleacha Dín Nascacha Coincréide), 1950.

30

An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Duláin agus Béil Logaill Leictreachais) (Cineál 10 nAmpéir na Mór-Roinne), 1950.

31

An tOrdú i dtaobh an Orduithe um Ghallúnaigh (Praghsanna (Uasta) (Uimh. 2), 1949 (Cúighairm), 1950.

33

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Geireanna agus Gréiseanna), 1942 (Cúlghairm), 1950.

43

An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Líomhnán), 1950.

45

An tOrdú Tae (Praghsanna Uasta), 1950.

51

An tOrdú um Allmhuiriú Tae, 1950.

53

An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (Tréimhse Fostaíochta), 1950.

57

An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh) (Foirmeacha), 1950.

59

An tOrdú um na hOrduithe Cumhachta Práinne (Adhmad d’Allmhuiriú) (Cúlghairm), 1950.

62

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Éanlaithe Clóis Marbha agus Coiníní Marbha d’Onnmhuiriú), 1945 (Leasú Sealadach), 1950.

63

An tOrdú do Thoirmeasc Coiníní a Stóráil, 1950.

67

An tOrdú um an Aire Gnóthaí Eachtracha (Gníomhaireacht) (Uimh. 1), 1950.

72

An tOrdú do Thoirmeasc Lachain agus Géanna a Stóráil, 1950.

76

An tOrdú i dtaobh an Orduithe um Fheoil Ur (Praghsanna Uasta), 1948 (Leasú) (Uimh. 2), 1950.

78

An tOrdú Guail (Dleacht Chustam d’Fhionraí), 1950.

84

An tOrdú Arbhar Indiaigh (Praghsanna Uasta) (Forála Sealadacha), 1950.

85

An tOrdú um Chiste an Gháis (Ranníoc), 1950.

87

An tOrdú um Chraicne Caorach (Toirmeasc ar Onnmhuiriú), 1950.

90

An tOrdú um an Acht Táirgí Talmhaíochta agus Iascaigh (Onnmhuiriú a Rialú), 1947 (Bradáin d’Onnmhuiriú), 1950.

100

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Imdháil Ime), 1944 (An Tríú Leasú), 1950.

103

An tOrdú Bainne (Praghsanna Uasta do Mhiondíoltóirí), 1950.

104

An tOrdú Bainne (Praghas Mionreaca), 1950.

105

An tOrdú Bainne (Praghas Mionreaca) (Contae Lughbhaidh), 1950.

106

An tOrdú Bainne (Praghsanna Mionreaca) (Ceantar Díola Bháile Atha Cliath), 1950.

107

An tOrdú Bainne (Praghsanna Mionreaca) (Ceantar Díola Chorcaighe), 1950.

109

An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Plaincéidí Olla), 1950.

120

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Leathar Boinn) (Praghsanna Uasta), 1946 (Cúlghairm), 1950.

121

An tOrdú um Fheithiclí Bóthair (Treoir-Mharc Breise), 1950.

122

An tOrdú i dtaobh na nOrduithe um Rubháid Chopair (Praghsanna Uasta), 1947 (Cúlghairm), 1950.

124

An tOrdú um an Ordú Plúir agus Aráin (Ciondáil), 1946 (Forála Forlíontacha) (Uimh. 8), 1950.

125

An tOrdú um an Ordú Siúcra, 1949 (An Tríú Tréimhse Chiondála), 1950.

133

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Im) (Ceadúnú Mórdhíoltóirí agus Miondíoltóirí), 1943 (Leasú), 1950.

135

An tOrdú Ime (Praghsanna Uasta), 1950.

148

An tOrdú Caomhanta Éanacha Géim, 1950.

151

An tOrdú i dtaobh an Orduithe um Plúr Arbhair (Praghsanna Uasta), 1948 (Cúlghairm), 1950.

152

An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (An Dara Tréimhse Fostaíochta), 1950.

155

An tOrdú i dtaobh an Orduithe um Allmhuiriú Tae, 1950 (Leasú) (Uimh. 1), 1950.

158

Ordú Bhord Bainne Cheantar Chorcaighe (Lá Toghcháin 1950), 1950.

159

An tOrdú um Shonraíocht Chaighdeánach (Rosola le haghaidh Péinteanna), 1950.

160

An tOrdú í dtaobh an Orduithe um Fheoil Úr (Praghsanna Uasta), 1948 (Leasú) (Uimh. 2), 1950.

162

An tOrdú i dtaobh an Orduithe um Mineanna Feola agus Cnáimh (Praghsanna Uasta) (Cúlghairm), 1950.

178

An tOrdú um Fospráid Chailciom Aigéadach (Praghsanna Uasta), 1950.

4. Tá an Coiste tar éis na hOrduithe seo a leanas a bhreithniú freisin.


326

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 258), 1943 (Leasú), 1949.

42

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 206), 1942 (Cúlghairm), 1950.

197

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 282), 1943 (Leasú), 1949.

161

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 286), 1943 (Cúlghairm), 1950.

203

An tOrdú um an Acht Rialtais Aitiúil (Baile Atha Cliath) (Sealadach), 1948 (Buanú), 1949.

327

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 282), 1943 (Leasú) (Uimh. 2), 1949.

353

An tOrdú um an Acht Rialtais Aitiúil (Baile Atha Cliath) (Sealadach), 1948 (Buanú) (Uimh. 2), 1949.

296

An tOrdú um Dleachta d’Fhorchur go Práinneach (Uimh. 238) (Leasú), 1949.

338

An tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Praghsanna a Rialú) (Uimh. 123), 1942 (Cúlghairm), 1949.

243

An tOrdú um Dleachta d’Fhorchur go Práinneach (Uimh. 243), 1949.

75

An tOrdú um Dleachta Custam (Fionraí Ilghnéitheach), 1949.

270

An Scéim i dTaobh na Scéime um na Caomhnóirí Aitiúla (Cúiteamh i nDíobhála Pearsanta), 1943 (An Dara Leasú), 1949.

Na chéad cheithre cinn de na horduithe a luaitear anseo roimhe seo sa mhír seo is samplaí iad d’ionstraimí reachtúla nach fuiris a aithint óna dteideal ná óna bhforála cad iad na hábhair lena mbainid. De ghnáth, ní foláir sna cásanna sin an tAcht faoina ndearnadh an t-ordú a chuardach chun a fháil amach cad é ábhar na hionstraime reachtúla. De bhrí go mbaineann na hionstraimí reachtúla sin leis an bpobal, agus go ndíoltar iad mar fhoilseacháin rialtais, ba cheart go mbeidís i bhfoirm a bheadh sothuigthe ag an bpobal. Rinne an Coiste tagairt don ní seo i dtuarascála roimhe seo agus mholadar an ionstraim reachtúil a chumadh i slí go dtabharfadh sí leide éigin ar a hábhar do na daoine lena mbainfeadh.


27ú Iúil, 1951.


(Sínithe) S. BIGEAR,


Cathaoirleach.