Committee Reports::Report - Provision for Contingency where both Clerk and Clerk Assistant of the House are absent::14 March, 1951::Report

SEANAD ÉIREANN.

AN COISTE UM NOS IMEACHTA AGUS PRIBHLEIDI.

TUARASCAIL AR SHOCRU DO THEAGMHAS INA MBEADH CLEIREACH AGUS LEAS-CHLEIREACH AN TI AS LATHAIR I gCOMHTHRATH.

1. Rinne an Coiste breithniú ar an staid a tharla toisc Cléireach agus Leas-Chléireach an Tí a bheith as láthair i gcomhthráth de dheasca breoiteachta, ag féachaint do na dualgais reachtúla a cuirtear ar an gCléireach agus, i gcás eisean a bheith as láthair, ar an Leas-Chléireach le hAcht Toghcháin an tSeanaid (Rolla-Chomhaltaí), 1947.


2. Aontaíonn an Coiste gur ceart, sa teagmhas adúradh, cumhacht a thabhairt trí Bhuan-Ordú don Chathaoirleach chun duine le chomhfhoirinn Thithe an Oireachtais a cheapadh mar Chléireach gníomhach don tSeanad pé uair agus go ceann pé tréimhse a bheadh gá leis an gceapachán sin ionas nach gcuirfí isteach ar riaradh Achta Toghcháin an tSeanaid (Rolla-Chomhaltaí), 1947.


3. Molann an Coiste go nglacfaí leis seo a leanas mar Bhuan-Ordú ag Seanad Éireann:—


Neamhláithreacht an Chléirigh agus an Leas-Chléirigh.

63a. Má bhíonn an Cléireach agus an Leas-Chléireach éagumasach i gcomhthráth, de dheasca breoiteachta nó cúise eile, ar a ndualgais a chomhlíonadh, féadtaidh an Cathaoirleach duine de chomhfhoirinn Thithe an Oireachtais a cheapadh chun bheith ina Chléireach gníomhach faid a bheas an Cléireach agus an Leas-Chléireach éagumasach ar fheidhmiú, agus déanfaidh an Cléireach gníomhach sin dualgais uile an Chléirigh a chomhlíonadh, agus cumhachta agus feidhmeanna uile an Chléirigh d’fheidhmiú, de thuras na huaire.


(Sínithe)


TADHG O DONNABHÁIN,


Cathaoirleach.


14ú Márta, 1951.