Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1948 - 1949::19 April, 1951::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 19ú Aibreán, 1951.

Thursday, 19th April, 1951.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltai i Lathair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Ó Deirg (i gCeannas), na Teachtaí, Séamus Ó Coileáin, Bean Uí Chruadhlaoich, Mac Giolla Phádraig agus Sheldon.


3. Breithniu na gCuntas Leithreasa, 1948-49.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana, 1948-49. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Pinsin Sean-Aoise, Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, Arachas Sláinte Náisiúnta, Liúntais Leanaí, Arachas Dífhostaíochta agus Cúnamh Dífhostaíochta, Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, Iltseirbhísí Leasa Shóisialaigh agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


4. Finneithe a Ceistniodh.


Ceistníodh Liam Maguidhir (Rúnaí, An Roinn Leasa Shoisialaigh), Liam Ó Cadhlaigh (Rúnaí, Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste), Pádraig Ó Ceallaigh agus Micheál Breathnach (An Roinn Airgeadais), agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athla.


Chuaigh an Coiste ar ath-ló ar 12.35 p.m. sine die.