Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1948 - 1949::23 November, 1950::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 23ú Samhain, 1950.

Thursday, 23rd November, 1950.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltai i Lathair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Ó Deirg (i gCeannas), na Teachtaí Briscoe, Séamus Ó Coileáin, Seán Ó Coileáin, Bean Uí Chruadhlaoich, Ó Dabhoireann, Mac Giolla Bhríghde, Mac Ceit, agus Sheldon.


3. Breithniu na gCuntas Leithreasa, 1948-49.


Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1948-49. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Tabhartas agus Tiomanta Déirciúla, Gnóthaí Eachtracha, An tEagras um Chomhar Eacnamaíochta san Euroip, Oifig an Aire Dlí agus Cirt agus An Garda Síochána.


4. Finneithe a Ceistniodh.


Ceistníodh S. Ó Máirtín (Rúnai, Coimisinéiri Tabhartas agus Tiomanta Déirciúla), S. Ó Nuanáin (Rúnaí, An Roinn Gnóthai Eachtracha), Tomás Ó Cadhain (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt), Micheál Breathnach agus P. Ó Cléirigh (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athla.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.5 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin, an 30ú Samhain.