Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1947 - 1948::09 February, 1950::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 9ú Feabhra, 1950.

Thursday, 9th February, 1950.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Tomás Deirg (in gCeannas), Séamus Coburn, Séamus Ó Coileáin, Onóir Bean Uí Chruadhlaoigh, Micheál Ó Dabhoireann, Micheál Mac Giolla Phádraig, Micheál Mac Ceit agus Máirtín Ó Suilleabháin, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1947-48. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas: Pinsin Sean-Aoise, Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, Arachas Sláinte Náisiúnta, Liúntais Leanaí, Arachas Dífhostaíochta agus Cúnamh Dífhostaíochta, Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, Iltseirbhísí Leasa Shóisialaigh agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


4. Ceistníodh D. Ó Donnobháin (Rúnaí, An Roinn Leasa Shóisialaigh), Pádraig Ó Ceallaigh agus M. Breathnach (An Roinn Airgeadais), agus an t-Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.45 p.m. go dtí Déardaoin, 23ú Feabhra, 1950.