|
IMEACHTA AN CHOISTE.THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.Dé Céadaoin, 6ú Nollaig, 1950.Wednesday, 6th December, 1950.1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m. 2. Comhaltai i Lathair. Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:— An Teachta Ó Deirg (i gCeannas), na Teachtaí Briscoe, Ó Comáin, Bean Uí Chruadhlaoich, agus Sheldon. 3. Breithniu na gCuntas Leithreasa, 1948-49. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1948-49. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Oifig an Ard-Cláraitheora, Sláinte, Oifig an Aire Oideachais, Bun-Oideachas, Meán Oideachas, Ceard-Oideachas, Eolaíocht agus Ealaí, Scoileanna Ceartúcháin agus Scoileanna Saothair, Institiúid Ard Léinn Bhaile Atha Cliath agus Páipéireachas agus Clódóireacht. 4. Finneithe a Ceistniodh. Ceistníodh Pádraig Ó Cinnéide (Rúnaí, An Roinn Sláinte), Micheál Breathnach (Rúnaí, An Roinn Oideachais), S. B. Ó Faoilleacháin (Stiúrthóir, Oifig an tSoláthair), Micheál Breathnach (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste. 5. Athla. Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.10 p.m. sine die. |
||||||||||||