SEANAD ÉIREANN.
ORDUITHE TAGARTHA.
22 ú Meitheamh, 1949:—Go gcuirtear an Bille Rialtais Aitiúil (Achtacháin d’Athghairm), 1949, chun Coiste Speisialta ar a mbeidh aon Seanadóir déag a ainmneos an Coiste Roghnaitheoireachta; agus gur triúr a bhéas mar chóram den Choiste.
23 ú Meitheamh, 1949:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste dár comhaltaí
Seosamh Bigear, Donnchadh de Búrca, Pádraig Mac Síomóin, Feardorcha O hEacháin, Mícheál O hEachthigheirn, Proinsias O Lachtmain, Pádraig Mac Artáin, Séamus Mac Raith, Seán O Miadhcháin, Séamus O Fearghail, Eadbhard Orpen, Seanadóirí.
|