|
AN DARA TUARASCAIL1. Bhí dhá chruinniú ag an gCoiste ó dháta na Céad Tuarascála. 2. Breithníodh na doiciméid seo a leanas a tháinig faoi bhreithniú an Choiste, agus níor léir aon chúis a bheith ann chun aird speisialta an tSeanaid a dhíriú ar aon cheann acu ar aon fhoras dá bhfuil luaite in Orduithe Tagartha an Choiste.
3. Bhreithnigh an Coiste freisin an tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 157), 1942 (An Seachtú Leasú), 1948, I. R. Uimh. 357 de 1948, agus an tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 323), 1944 (Cúlghairm), 1949, I. R. Uimh. 6 de 1949. Is samplaí iad sin d’Orduithe nach bhfuil aon eolas le fáil, ina dteideal ná i gcorp na ndoiciméad, i dtaobh an ábhair atá i gceist iontu. Dá réir sin, tá aird speisialta an tSeanaid á díriú ar na hOrduithe sin ar fhoras (vi) de na hOrduithe Tagartha, viz., go mba cheart, ar aon fháth speisialta a fhoirm nó a airbheart a shoiléiriú. Thairis sin, toisc gurb é airbheart an Orduithe a céadluadh dhíobh sin méid uasta na n-iasacht ag Grain Importers, Ltd., a fhéadfas an tAire Airgeadais a ráthú d’ardú ó £2,000,000 go dtí £8,000,000, tá aird speisialta an tSeanaid á díriú air freisin ar fhoras (iii), viz., go ndealraíonn sé go bhfuil úsáid nach gnáthach nó nach raibh coinne léi á déanamh aige de na cumhachta a thug an Reacht faoina ndearnadh é. 4. Breithníodh an tAirteagal seo a leanas a bhí in trí cinn d’Orduithe a tháinig faoi bhreithniú an Choiste, ag socrú praghas uasta earraí:— “Where a direction is given by the Minister in respect of any particular person or group of persons or in respect of any particular (commodity named, e.g. margarine) or any description of (commodity named), the provisions of this Order shall, if and in so far as they are inconsistent with such direction, have effect subject to such direction.” Pléadh an scéal leis an Roinn a bhí i gceist (feic Foscríbhinn I). Tá aird speisialta an Tí á díriú ar na trí hOrduithe ar fhoras (iii) de na hOrduithe Tagartha. 5. PhIéigh an Coiste freisin leis an Roinn Talmhaíochta cumhacht an Aire chun forála áirithe a dhéanamh a bhí san Ordú Ime Uachtarlainne (Praghsanna do Lónlanna) (Uimh. 2), 1948 (feic Foscríbhinn II). Tá aird speisialta an Tí á díriú ar an Ordú sin ar fhoras (iii) de na hOrduithe Tagartha. 6. Measann an Coiste gur ceart go mbeadh i ngach ordú, riail agus rialachán, a déantar faoi reacht, clásal “Gearrtheidil,” mar bhíos sna reachta, a thabharfadh léargas ar a chuspóir. Tugadh faoi deara go raibh clásail “ghearrtheidil,” a thug míniú iomlán, in ionstraimí reachtúla áirithe atá i bhfeidhm faoi láthair, e.g., an tOrdú Cumhachta Práinne, 1939, ach ní hé sin an gnás agus is minic teidil den tsórt seo ann: “an tOrdú i dtaobh na nOrduithe um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 118), 1941 (Alt 5 den Acht chun Iomportálanna a Rialú, 1934, d’Fhionraí), (Uimha. 8, 11, 15, 16 agus 18) (Leasú), 1948.” Ba chabhair é clásal mínitheach “gearrtheidil” a bheith in ionstraim reachtúil le haird an phobail a dhíriú ar fhorála na hionstraime, agus b’fhusaide do chomhaltaí an tSeanad a cuspóir a thuiscint. 7. Tá an Coiste ar an tuairim, freisin, gur mhór ab fhiú, ar mhaithe leis an bpobal, nóta mínithe a bheith clóbhuailte ar aghaidh ionstraimí reachtúla áirithe. Gan an nóta mínithe teipeann ar an bpobal aon mheabhair a bhaint as cuid de na doiciméid sin. Is rí-dheacair do dhaoine oilte, fiú amháin, agus comhaltaí den tSeanad ina measc, eolas a chur ar chuspóir orduithe, rialacha agus rialachán Roinne a mbíonn cosúlacht rúnscripte orthu. Sampla dhe sin an chéad doiciméad a luadh i mír 3 thuas. Chun go dtuigfeadh an pobal an doiciméad sin ba chóir go mbeadh nóta gearr clóbhuailte ar a aghaidh ag tabhairt chuntais i bhfocail neamhtheicniúla ar chuspóir an orduithe. (Sínithe) LÚCÁS Ó DUBHTHAIGH, Cathaoirleach. An 6ú lá d’Aibreán, 1949. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||