Committee Reports::Report - Wearing of a Gown by the Ceann Comhairle::19 June, 1948::Report

DÁIL ÉIREANN.

AN COISTE UM NOS IMEACHTA AGUS PRIBHLEIDI.

TUARASCÁIL I DTAOBH AN CHINN CHOMHAIRLE DO CHAITHEAMH TUÍNIGH.

1. Cuireadh in iúl don Choiste um Nós Imeachta agus Príbhléidí gur fearr d’fhreagródh sé d’údarás agus dínit na Dála dá geaitheadh an Ceann Comhairle tuíneach le linn dó a bheith sa Chathaoir. Aontaíonn an Coiste leis an tuairim sin agus measaid gur ceart beart dá réir a dhéanamh gan mhoill. Chuige sin, rinne an Coiste serúdú ar chineálacha go leor tuíneach agus mholadar dearadh oiriúnach don Cheann Chomhairle.


2. Bhreithnigh an Coiste ar chóir go gcaithfeadh an Leas-Cheann Comhairle tuíneach freisin, tuíneach den dearadh chéanna nó de dhearadh eile, ach bheartaíodar gan a mholadh go geaithfeadh ach an Ceann Comhairle tuíneach ós eisean an t-aonduine a bhfuil lán-údarás dílsithe ann faoi na Buan-Orduithe.


3. Bheartaigh an Coiste gan a mholadh go geaithfeadh an Cléireach agus an Fo-Chléireach tuínigh le linn dóibh a bheith ag freastal ar an Tigh.


4. Os rud é gur rud nua é an togra atá sa Tuaraseáil seo maidir leis na foirmleachta a ghabhas le himeachta na Dála, measann an Coiste gur ceart, sar a gcuirfí i bhfeidhm é, go gcuirfeadh an Dáil in iúl go n-aontaíonn siad leis. Molann an Coiste don Dáil dá réir go ndéanfaí sin agus measaid go ndéanfadh rún ag glacadh leis an Tuarascáil seo an t-údarás riachtanach a thabhairt dó.


(Sínithe)


PROINNSIAS O FATHAIGH,


Cathaoirleach.


19ú Meitheamh, 1946.