Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1946 - 1947::26 May, 1948::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 26ú Bealtaine, 1948.

Wednesday, 26th May, 1948.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Niall Bléine, Brian Ó Brádaigh, Riobárd Briscoe, Séamus Coburn, Séamus Ó Coileáin, Eoghan Mac Giolla Bhríghde, Micheál Mac Ceit, Conchubhar Ó Liatháin agus Seán Mac an tSaoi, Teachtaí.


3. Tairiscint déanta (Conchubhar Ó Liatháin):—


“That Deputy Mac Entee be Chairman of the Committee.”


Ceist curtha agus aontaithe.


Do chuaigh Seán Mac an tSaoi i gCeannas dá réir sin.


4. Do tosnaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1946-47. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas: Oifig an Aire Dlí agus Cirt, An Garda Síochána, Príosúin, An Chúirt Dúiche, An Chúirt Chuarda, An Chúirt Uachtarach agus an Ard-Chúirt Bhreithiúnais, Clárlann na Talún agus Clárlann na nDintiúirí, agus Oifig na nOibreacha Poiblí.


Breithníodh an Cuntas seo a leanas agus cuireadh ar ath-ló é: Oibreacha agus Foirgintí Poiblí.


5. Ceistníodh Stiophán de Róiste (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt), Seosamh Ó Conghaile (Cathaoirléach, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí), C. S. Almond agus P. Mac Enrí (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 1 p.m. go dtí Dé Céadaoin, 2ú Meitheamh, 1948.