Committee Reports::Report - Seanad Panel Elections::13 May, 1947::Report

TUARASCÁIL.

I. MODH RIALUITHE NA dTOGHCHÁN.

Is é feidhm an Chomchoiste maidir leis an gcéad chuid de na Théarmaí Tagartha breithniú agus molta a dhéanamh i dtaobh modh rialuithe toghchán na gcomhaltaí tofa sin de Sheanad Éireann is gá do réir an Bhunreachta a thoghadh as rollaí d’iarrthóirí.


1. Forálann an Bunreacht (Alt 1 d’Airteagal 18) gur 60 comhalta líon Sheanad Éireann agus gur as rollaí d’iarrthóirí a toghfar 43 acu sin (mír iii d’alt 4 d’Airteagal 18). Forálann fo-alt 1° d’alt 7 d’Airteagal 18 mar leanas—


“Roimh gach olltoghchán do na comhaltaíbh do Sheanad Éireann a toghfar as rollaíbh d’iarrthóiríbh, cóireofar ar an gcuma socrófar le dlí cúig rollaí d’iarrthóiríbh ar mbeidh ainmneacha daoine ag a mbeidh eolas agus cleachtadh ar na gnóthaibh agus na seirbhísíbh seo leanas fá seach:—


(i) An Ghaeilge agus an tSaíocht Náisiúnta, Litríocht, Eolaíonacht, Oideachas agus pé garma a léireofar le dlí chun críche an rolla so;


(ii) Talmhaíocht, maille le gnóthaibh a bhaineas léi, agus Iascaireacht;


(iii) Oibreachas, cibé comheagraithe é nó nach ea;


(iv) Tionscal is Tráchtáil ar a n-áirítear bancaeracht, airgeadas, cuntasaíocht, innealtóireacht agus foirgníocht;


(v) Riarachán Poiblí agus seirbhísí comhdhaonnacha, agus obair chomhdhaonnach dheontach d’áireamh.”


Faoi chuimsiú forál Airteagail 18 is do réir dlí a rialófar gach toghchán do na comhaltaí a toghfar do Sheanad Éireann (fo-alt 1° d’Alt 10 d’Airteagal 18).


2. Is é atá in Acht Toghcháin an tSeanaid (Baill Ainmliosta), 1937 (Uimh. 43 de 1937), dá ngairmtear Acht 1937 anseo feasta “Acht chun rialáil a dhéanamh, chun críche Bunreachta na hÉireann … ar thoghcháin do na comhaltaí tofa sin de Sheanad Éireann is gá do réir an Bhunreachta a thoghadh as rollaí d’iarrthóirí, chun a mhíniú cé hiad is toghthóirí do na toghcháin sin, agus chun socruithe a dhéanamh i dtaobh nithe a ghabhas nó a bhaineas leis na toghcháin sin.”


3. Forálann Acht 1937 (Alt 9) go mbunófar agus go gcothabhálfar clár de chomhluchtaí a bheas i dteideal daoine a ainmniú chun na Rollaí d’iarrthóirí chun críocha gach toghcháin don tSeanad. Is sa bhfoirm sin is dóigh le Ceann Comhairimh an tSeanaid, le haontú an Aire Rialtais Áitiúil, a bheith cuí a bheas an clár sin.


An Clár de Chomhluchtaí Ainmniúcháin.

4. Molann an Comhchoiste clár nua de chomhluchtaí ainmniúcháin a bhunú a bheas ar aon dul leis an gceann atá ann faoi láthair.


5. Ba mhaith leis an gComhchoiste, áfach, go gcuirfí deireadh leis an teorainn maidir leis an líon de chomhluchtaí ainmniúcháin is féidir a chlárú sa chlár i leith gach rolla agus dá réir sin go scriosfaí mír (h) d’fho-alt (2) d’alt 9 d’Acht 1937, is é sin:—


“an méid comhluchtaí ainmniúcháin a clárófar sa chlár sin alos aon rolla áirithe beidh teora leis i slí nach mó ná deichniúr is fiche an méid daoine ar fad is féidir le comhluchtaí ainmniúcháin a ainmniú chun an rolla sin.”


Mar atá anois, faoi chomhoibriú na míre sin agus fo-ailt (2) d’alt 22, ní féidir níos mó ná 15 cinn de chomhluchtaí ainmniúcháin a chlárú i leith aon rolla áirithe.


6. Ba mhaith leis an gComhchoiste freisin go gcuirfí deireadh leis an bhforáil atá i bhfo-alt (3) d’alt 12 d’Acht 1937 agus a bheir cumhacht don Cheann Comhairimh iarratas ar chlárú a dhílamháil a gheofar


“(b) ó aon chomhlucht a chífear dó a bheith ionadaitheach do ghnóthaí agus do sheirbhísí ar leor an méid ionadaíochta a déantar dóibh ag comhlucht nó comhluchtaí a bheas cláraithe cheana sa chlár sin nó a mbeidh a n-iarratas ar a gclárú amhlaidh lamhálta aige.”


Molann an Comhchoiste, áfach, mír (a) den fho-alt sin a choimeád.


Iarratais ar Chlárú.

7. Moltar é a dhéanamh éigeantach gur ar fhoirm ordaithe a déanfar gach iarratas ar chlárú sa chlár.


8. I bhfo-alt (2) d’alt 9 d’Acht 1937 tá coinníollacha a bhaineas le clárú sa chlár. D’fhonn na coinníollacha atá i mír (b) d’fho-alt (2) a mhíniú níos beachta, moltar mír (b) a athdhréachtú mar leanas:—


“Ní bheidh aon chomhlucht inchláruithe sa Chlár i leith aon rolla áirithe mura rud é—


(i) go mbaineann nó go ngabhann a chuspóirí go príomha leis na gnóthaí agus na seirbhísí a luaitear i bhfo-alt 1° d’Alt 7 d’Airteagal 18 den Bhunreacht i leith an rolla áirithe sin ; agus


(ii) gur leis na gnóthaí agus na seirbhísí sin is mó a bhaineas a gníomhachta;



go bhfuil a chomhaltaí ionadaitheach do dhaoine a bhfuil eolas agus cleachtadh acu ar na gnóthaí agus na seirbhísí sin.”


9. Moltar míreanna mar leanas a chur le fo-alt (2) d’alt 9 d’Acht 1937:—


(A) “Féadfaidh Ceann Comhairimh an tSeanaid diúltú d’aon chomhlucht a chlárú sa chlár mura rud é—


(i) go bhfuil a eagraíocht agus a stiúrú á rialú faoi Airteagail Chomhlachais nó Rialacha—


(a) a fhorálas go dtionólfar Cruinniú Ginearálta Bliantúil a dtabharfar cuireadh chuige do gach comhalta trí fhógra a mbeidh Clár Gnótha ag gabháil leis agus iad seo a leanas ann:—


I. Miontuairiscí an chruinnithe roimhe sin,


II. Toirbheart na Tuarascála Bliantúla,


III. Breithniú an Ráitis Chuntas arna dheimhniú ag an Iniúchóir,


IV. Toghadh an choiste fheidhmiúcháin,


V. Toghadh na nIniúchóirí.


(b) a dhéanann leor-shocrú chun coiste feidhmiúcháin do sheoladh gnótha an chomhluchta, agus


(c) a fhorálas go ndéanfar na cuntais a iniúchadh agus a dheimhniú ag iniúchóir poiblí nó duine cáilithe eile;


(ii) nár lú ná £250 sa bhliain nó, i gcás comhluchta charthanais nár 1ú ná £1,000 sa bhliain, a mheán-ioncam ó shíntiúis sna cúig bliana díreach roimh an iarratas a dhéanamh.


(B) Ní bheidh feidhm ag na coinníollacha sin thuas maidir le toghadh iniúchóirí ná le foráil i dtaobh iniúchta agus ioncaim bhliantúil, i gcás na gcomhlucht sin a bheas ag gabháil d’fhorbairt eolaíochta nó eolais ghinearálta agus ar dóigh le Ceann Comhairimh an tSeanaid tábhacht náisiúnta a bheith ag baint leo.”


10. Moltar fo-alt nua a chur isteach díreach i ndiaidh fo-ailt (2) d’alt 9 d’Acht 1937 á fhoráil go mbeidh na comhluchtái seo a leanas, d’ainneoin na bhforál sin thuas, i dteideal a gcláruithe ar sin a iarraidh :


(i) comhluchtaí a bunaíodh faoi Acht den Oireachtas chun aon chríche acu seo a leanas:—


(a) cáilíochtaí gairmiúla nó iompar gairmiúil a rialú nó a rialáil;


(b) saoráidí chun saíochta nó oideachais a chur ar fáil nó a fheabhsú;


(ii) aon eagras saíochta nó oideachais nó aoa eagras gairmiúil atá ag fáil deontais arna vótáil go sonrach dó ag an Oireachtas, ar choinníoll go ndéanfaidh an Ceann Comhairimh, agus é ag dáiliú na gcomhlucht sin do na rollaí is iomchuí dhóibh, idirdhealú cúramach idir na cinn a bhaineas le hoideachas agus saíocht amháin nó arb é iompar agus smachtú gairmiúil a gcomhaltaí is príomhchúram dóibh agus na cinn arb é leas saolta a gcomhaltaí is príomh-chúram dóibh, agus ní chláróidh aon chomhlucht den chineál deiridh sin i leith an Rolla Saíochta agus Oideachais ach cláróidh é i leith an chinn sin de na rollaí eile is dlúithe a bhfuil baint aige leis.


11. Moltar é a bheith soiléir in aon reachtaíocht leasaitheach go ndeimhncoidh Ceann Comhairimh an tSeanaid dó féin, sar a ngéilltear d’aon iarratas ar chlárú, go bhfuil na coinníollacha a bhaineas le clárú comhlíonta ag an iarratasóir, agus gur ar an iarratasóir a bheas sin a chruthú maidir leis an iarratas.


Moltar freisin é a bheith de chumhacht ag an gCeann Comhairimh a thabhairt mar bhreith, i gcás aon iarratais áirithe, nach deimhin leis gur chruthaigh an t-iarratasóir a chás agus moltar gan é a chur d’oblagáid air fátha na breithe sin a thabhairt.


Achomhairc ó bhreatha an Chinn Chomhairimh.

12. De bhun alt 13 agus 18 d’Acht, 1937, má déantar achomharc in aghaidh breithe a thug an Ceann Comhairimh san athscrúdú bliantúil ar an gclár de chomhluchtaí ainmniúcháin, ceapfaidh Dáil Éireann coiste achomhaire, ar a mbeidh 15 chomhalta de Dháil Eireann, chun an t-achomharc a bhreithniú. Ní hathrófar breith a thug an Ceann Comhairimh mura vótála naoi gcomhalta ar a laghad den choiste achomhaire i bhfábhar a hathruithe.


Molann an Comhchoiste go mbunófaí, in ionad an choiste sin thuas, bord achomhairc ar a mbeidh Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach gach Tí den Oireachtas agus, mar Chathaoirleach ar an mBord, Breitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt a ainmneosan Príomh-Bhreitheamh. Moltar gan breith an Chinn Chomhairimh a athrú mura mbeidh tromlach de chomhaltaí an bhoird achomhaire i bhfábhar a hathruithe.


13. Molann an Comhchoiste an fógra i dtaobh an achomhaire a bheith le tabhairt i scríbhinn agus é a bheith de cheangal forais an achomhairc a lua ann. Ba mhaith leis an gCoiste a threisiú nach ceart go dtabharfaí aird ar aon fhoras achomhairc seachas an foras nó na forais a bheas leagtha amach san achomharc scríofa agus nach ceart glacadh, san achomhare, le haon fhianaise nár cuireadh ar fáil don Cheann Comhairimh.


Ainmniúcháin ó Chomhluchtaí Ainmniúcháin.

14. Molann an Comhchoiste go leanfaí den chóras trína ndéanann na comhluchtaí ainmniúcháin cláraithe iarrthóirí a ainmniú chunna rollaí.


15. Moltar, áfach, go gcuirfí an liosta d’ainmnithe ó chomhluchtaí ainmniucháin chun rolla á athscrúdú ag coiste ainmniúcháin don rolla sin arna cheapadh mórán mar a hordaítear in alt 9 agus in ailt ina dhiaidh sin d’Acht Toghcháin an tSeanaid (Baill Ainmliosta) (Toghcháin Chorra), 1940 (Uimh. 20 de 1940) dá ngairmtear Acht 1940 anseo feasta.


16. Moltar an t-athscrúdú a dhéanamh i sli ná beidh sa líon iarrthóirí a bheas le roghnú ag an gcoiste ainmniúcháin do gach rolla níos mó ná cúigear de bhreis ar an líon comhaltaí a bheas le toghadh chun Seanad Éireann as an rolla sin. Ar an gcuma sin, do na cúig suíocháin a bheadh le líonadh ón rolla saíochta agus oideachais, is 10 an líon iomlán iarrthóirí a bheadh le roghnú ag an gcoiste ainmniúcháin don rolla sin. I gcás an rolla thalmhaíochta, 16 an líon iomlán a bheadh ann; i gcás an rolla oibreachais, 16; i gcás an rolla thionscail agus tráchtála, 14; i gcás an rolla riaracháin, 12. D’fhágfadh sin nár mhó ná 68 an líon iomlán iarrthóirí ó na comhluchtaí ainmniúcháin ar an gclár. (Alt 44 d’Acht 1937).


Na Coistí Ainmniúcháin.

17. Bhreithnigh an Comhchoiste tuilleadh comhdhéanamh na gcoistí ainmniúcháin. Molaid go mbeadh gach comhlucht cláraithe i dteideal cúigear a cheapadh ina gcomhaltaí den choiste ainmníúcháin, in ionad triúir mar atá faoi láthair. [Alt 10 (1) d’Acht 1940].


18. Maidir leis an nós imeachta chun an cúigear sin a cheapadh ina gcomhaltaí de choiste ainmniúcháin, moltar deireadh a chur leis an gcumhacht a bheirtear le halt 11 (1) d’Acht 1940 trínar féidir le comhlucht ainmiúcháin cláraithe, i gcás aon duine a bheas ceaptha aige ina chomhalta de choiste ainmniúcháin, an ceapadh a chúlghairm tráth ar bith.


Moltar go ndéanfaidh gach comhlucht cláraithe ag a chruinniú bliantúil (1) dáta a chéad chruinnithe bhliantúil eile a cheapadh agus gan an dáta sin a bheith níos sia ná 400 lá ná níos giorra ná 330 lá (agus Domhnaigh a áireamh sa dá chás) i ndiaidh dáta an chruinnithe bhliantúil ag ar ceapadh an dáta sin; (2) cúigear a roghnú chun bheith ina gcomhaltaí den choiste ainmniúcháin go dtí an dáta sin.


Beidh an cúigear a roghnófar amhlaidh ina gcomhaltaí den Choiste ainmniúchain go dtí an dáta a bheas ceaptha faoi (1) do chruinniú bliantúil an chomhluchta chláraithe a bheas i gceist, agus ansin, mura dtoghtar arís iad ag an gcruinniú bliantúil sin, scoirfid de bheith ina gcomhaltaí den choiste ainmniúcháin.


Scoirfidh comhalta de choiste ainmniúcháin de bheith ina chomhalta de choiste ainmniúcháin ar aon ní dhíobh seo a leanas a tharlachtaint:—


(a) é d’fháil bháis;


(b) an comhlucht ainmniúcháin a cheap é do scor de bheith ina chomhlucht ainmniúcháin;


(c) é a bhreithiúnú ina fhéimhí nó é a chointú i gcion indíotálta;


(d) é a dhíbirt as an gcomhlucht ainmniúcháin nó é a éirí as bheith ina chomhalta dhe.


Dá nglactaí leis an moladh sin, thiocfadh as (i) go ndéanfaí comhaltaí na gcoistí ainmniúcháin a roghnú ar mhodh fíor-fhoirmiúil ag an gcruinniú den chomhlucht ainmniúcháin ba mhó tábhacht sa bhliain agus, dá bharr sin, go ndéanfadh an comhlucht ainmniúcháin roghnú comhaltaí an choiste ainmniúcháin a mheas ina ghnó fíor-thábhachtach, agus (ii) ná beadh pearsanra an chláir á athrú trátha mírialta nó trátha gan coinne do réir tola comhluchta ainmniúcháin.


19. Ina dhiaidh sin bhreithnigh an Comhchoiste an modh ar a ndéanfadh na coistí ainmniúcháin faoi seach na liostaí d’iarrthoirí ó na comhluchta ainmniúcháin a athscrúdú. Mar gheall ar thábhacht an mhodha roghnuithe agus toisc é a bheith inmhianuithe go mbeadh na hiarrthóirí a roghnófaí amhlaidh chomh hionadaitheach agus ab fhéidir do na gnóthaí agus na seirbhísí i gcoitinne dá mbeidh an rolla á cheapadh, moltar an roghnú a dhéanamh trí thoghchán do réir na hionadaíochta cionúire agus ar mhodh an aonghutha inaistrithe. Dá nglactaí leis an modh toghcháin seo níorbh fhéidir le tromlach aontaithe ar choiste ainmniúcháin gach iarrthóir nó líon míchothrom d’iarrthóirí a roghnú, rud a d’fhéadfadh tarlachtaint dá mba ar mhodh an aonghutha neamh-aistrithe a déanfaí an roghnú. Molann an Comhchoiste an córam do gach coiste ainmniúcháin a shocrú le dlí.


20. Forálann alt 14 (c) d’Acht 1940 gur cead do na comhaltaí den choiste ainmniúcháin iomchuí, chomh maith le Ceann Comhairimh an tSeanaid agus a chúntóirí, bheith i láthair le linn an vótaíocht bheith ar siúl agus na vótaí bheith á gcomhaireamh. Meastar go mb’fhearr gan a cheadú ach do Cheann Comhairimh an tSeanaid agus dá chúntóirí agus do na hiarrthóirí a bheasag lorg ainmniúcháin (nó dá n-ionadaithe cuí-cheaptha) bheith i láthair le linn na vótaí bheith á gcomhaireamh.


Ainmniúcháin ó Chomhaltaí de Thithe an Oireachtais.

21. Faoi mar atá i láthair na huaire ní féidir ach le comhaltaí de Dháil Éireann daoine a ainmniú do rollaí. Faoi alt 25 d’Acht 1937 féadfaidh beirt chomhaltaí ar a laghad de Dháil Éireann duine ar bith a ainmniú d’aon cheann de na rollaí ach ní fhéadfaidh comhalta ar bith de Dháil Éireann páirt a bheith aige in ainmniú níos mó ná duine amháin in aon toghchán áirithe don tSeanad. Moltar anois é a thabhairt de cheart do Sheanadóirí, chomh maith le Teachtaí, iarrthóirí a ainmniú ach go mba ghá caithre chomhalta de Thithe an Oireachtais, pé acu comhaltaí de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann iad, chun gach ainmniúchán faoi leith a dhéanamh agus ná beadh páirt ag comhalta ar bith de cheachtar Tigh in ainmniú níos mó ná aon iarrthóir amháin. Faoin moladh seo, os rud é go bhfuil 138 gcomhalta i nDáil Éireann agus 60 comhaltaí i Seanad Éireann, ní mó ná 49 an líon iomlán iarrthóirí d’ainmneodh comhaltaí Thithe an Oireachtais (69 an líon is féidir a ainmniú faoi láthair).


Ainmniúcháin ex-officio Rolla Riaracháin.

22. Molann an Comhchoiste gan feidhm a bheith feasta ag na forála d’alt 26 d’Acht 1937 a bhaineas le hainmniúcháin ex-officio don Rolla Riaracháin. Níor baineadh leas astu go dtí seo.


Dáiliú do na Fo-rollaí.

23. Moltar go leanfaí de gach rolla a choimeád roinnte ina ranna, fo-rolla na gcomhlucht ainmniúcháin, agus fo-rolla na Dála, is é sin, má glactar le molta an Chomhchoiste seo, fo-rolla Tithe an Oireachtais nó, go hachomair, fo-rolla an Oireachtais.


Bhí an Comhchoiste ag cur agus ag cúiteamh ar feadh i bhfad i dtaobh é a bheith inmhianuithe an roinnt seo a choimeád agus, sa deireadh, d’aontaíodar d’aonghuth í a choimeád ach forála ailt 44 d’Acht 1937 a leasú mar leanas:—


(i) den chúig chomhalta a bheas le toghadh as an bhfo-rolla saíochta agus oideachais, beirt ar a laghad a thoghadh as gach ceann de na fo-rollaí,


(ii) den aon chomhalta dhéag a bheas le toghadh as na rollaí talmhaíochta agus oibreachais, faoi seach, ceathrar ar a laghad a thoghadh as gach ceann de na fo-rollaí faoi seach,


(iii) den naoi gcomhalta a bheas le toghadh as an rolla tionscail agus tráchtála, triúr ar a laghad a thoghadh as gach ceann de na fo-rollaí,


(iv) den tseacht gcomhalta a bheas le toghadh as an rolla riaracháin, triúr ar a laghad a thoghadh as gach ceann de na fo-rollaí.


Cáilíochta Iarrthoírí.

24. Forálann mír (b) d’fho-alt (3) d’alt 28 d’Acht 1937 go ndéanfaidh an Ceann Comhairimh, le linn na rollaí a chríochnú, na rollaí sealadacha uile a ghlacadh i ndiaidh a chéile ina gceann is ina gceann agus, maidir le gach rolla sealadach, go “scrúdóidh cáilíochta gach duine faoi leith a mbeidh a ainm fós ar an rolla sealadach sin … agus scriosfaidh den rolla sealadach sin ainm gach duine den tsórt sin nach deimhin leis a bheith cáilithe faoi fho-alt 1° d’alt 7 d’Airteagal 18 den Bhunreacht [tá an fo-alt sin i mír 2 den tuarascáil seo] chun bheith ar an rolla lena mbaineann an rolla sealadach sin.”


Forálann fo-alt (1) d’alt 30 d’Acht 1937 go mbeidh Uachtarán na hArd-Chúirte nó breitheamh éigin eile den Ard-Chúirt a ainmneos seisean i láthair le linn na rollaí a chríochnú agus go suífidh agus go ngníomhóidh ansin ina réiteoir breithiúntais chun críocha an Achta.


Forálann fo-alt (2) den alt sin 30 d’Acht 1937 go bhféadfaidh an Ceann Comhairimh, uaidh féin, agus go ndéanfaidh, ar iarratas ó aon duine a mbeidh a ainm ar an rolla sealadach a bheas á bhreithniú de thuras na huaire nó ó ghníomhaire aon duine den tsórt sin, aon cheist a chur faoi bhráid an réiteora bhreithiúntais a éireos le linn na rollaí a chríochnú maidir le . … cáilíochta aon duine i gcóir rolla, le ráiteas an Chinn Chomhairimh ar na cáilíochta sin, nó le haon ní eile a bhainfeas leis na rollaí sealadacha.


Bhí sé faoi bhreithniú ar feadh i bhfad ag an gComhchoiste an molfaidís don Oireachtas “eolas agus cleachtadh” a mhíniú i leith na ngnóthaí agus na seirbhísí ar leithligh. Abairt fáinbhríoch í, ach mar sin féin ba léir gur hordaíodh na cáilíochta sin sa Bhunreacht chun a thabhairt go mbeadh ar chumas rolla-chomhaltaí Sheanaid Éireann comhairle agus breithiúnas fónta a thabhairt i ndíospóireachta an Tí agus dá gcomhchomhaltaí i dtaobh na ngnóthaí agus na seirbhísí a mbeidís ina n-ionadaithe dhóibh. Faoi Acht 1937, is ar an iarrthóir atá a dheimhniú, chun sástachta an Chinn Chomhairimh, nó an réiteora bhreithiúntais ar sin a chur faoina bhráid, go bhfuil na cáilíochta riachtanacha aige. Chinn an Comhchoiste ar deireadh gan a mholadh an abairt sin “eolas agus cleachtadh” a mhíniú.


25. Maidir leis na forála a bhaineas leis an gCeann Comhairimh do thabhairt breithe ar ainmniúcháin, atá in alt 28 d’Acht 1937, moltar é a dhéanamh riachtanach, i gcás iarrthóir dá bheartú agóid a dhéanamh in aghaidh ainmniúcháin a cheadú, an agóid a sheachadadh i scríbhinn don Cheann Comhairimh dhá lá sar a mbeidh breith le tabhairt ar na hainmniúcháin. Chun éifeacht a thabhairt don fhoráil seo moltar foráil a dhéanamh ag tabhairt teidil d’aon iarrthóir a bheas ainmnithe do rolla iniúchadh a dhéanamh ar pháipéar ainmniúcháin aon iarrthóra eile a bheas ainmnithe don rolla sin.


26. Moltar fós, ar cheist a chur faoi bhráid an réiteora bhreithiúntais de bhun fo-ailt (3) d’alt 31 d’Acht 1937, gan fianaise nár cuireadh ar fáil don Cheann Comhairimh a chur faoi bhráid an réiteora bhreithiúntais, ach amháin le cead uaidh sin.


27. Molann an Comhchoiste socrú a dhéanamh mar atá in alt 29 d’Acht 1927 á áirithiú chun críocha an toghcháin go mbeidh an líon iarrthóirí a hainmneofar chun a dtofa d’aon rolla níos mó ná an líon comhaltaí de Sheanad Éireann a bheas le toghadh as an rolla sin.


Rolla-thoghcháin ar leith.

28. Molann an Comhchoiste toghchán ar leith a bheith ann agus páipéar ballóide ar leith do gach rolla agus vóta ar leith ag gach toghthóir do gach rolla faoi leith.


Má glactar leis an moladh sin tiocfaidh sé níos adhsáidí do na toghthóirí vótáil a dhéanamh agus do Cheann Comhairimh an tSeanaid na vótaí a chomhaireamh. Ina theannta sin déanfaidh sé an cuóta is gá chun duine a thoghadh d’aon rolla a mhéadú roinnt mhaith thar an gcuóta is gá faoin gcóras atá ann faoi láthair is é sin, aon toghchán amháin agus aon vóta amháin do na cúig rollaí le chéile.


Post-Vótáil.

29. Forálann alt 5 d’Airteagal 18 den Bhunreacht go ndéanfar “gach toghchán dá mbeidh ann do na comhaltaíbh a toghfar do Sheanad Éireann . … le rúnbhallóid phoist”.


(I) In ionad na bhforál atá in ailt 42 agus 43 d’Acht 1937 i dtaobh an mhodha vótála ag na toghthóirí, molann an Comhchoiste córas mar leanas. I dtoghchán do Sheanad Éireann as rollaí d’iarrthóirí, cuirfidh Ceann Comhairimh an tSeanaid leis an bpost cláraithe go dtí gach duine a mbeidh a ainm ar chlár an dtoghthóirí don toghchán sin fógra go mbeidh páipéir ballóide agus foirm chéannachta don duine sin le fáil in oifig an chinn chomhairimh áitiúil a bheas ceaptha don chontae ar aon dáta de dhátaí áirithe a luafar agus idir uaireanna a sonrófar.


Déanfaidh an toghthóir, ar an bpáipéar ballóide agus foirm dhearbhuithe chéannachta a fháil, gan é d’imeacht as an oifig agus i láthair an chinn chomhairimh áitiúil amháin agus, más gá, oifigigh chúnta arna cheapadh ag an gceann comhairimh áitiúil, an fhoirm dhearbhuithe céannachta a shíniú, na páipéir bhallóide go léir a mharcáil agus na doiciméidí sin a chur faoi shéala sa chlúdach oifigiúil faoi sheoladh Cheann Comhairimh an tSeanaid. Ansin bhféarfaidh an toghthóir an clúdach sin don cheann comhairimh áitiúil lena dheimhniú a chur leis agus ar deireadh cuirfidh sa phost é sa bhosca poist a bheas curtha ar fáil ag na húdaráis poist chuige sin agus déanfaidh na húdaráis poist, ar dheireadh a bheith leis an vótaíocht, é a thabhairt láithreach go dtí oifig Cheann Comhairimh an tSeanaid.


Is é deimhniú atá i gceist thuas deimhniú ón gceann comhairimh gur comhlíonadh na ceanglais sin thuas. Nuair a dúnfar an bosca poist ba cheart a shamhail sin de dheimhniú ón gceann comhairimh a chur air.


(II) Molann an Comhchoiste freisin gan aon pháipear ballóide a bheith bailí a postálfar ar shlí seachas i mbosca poist chuige sin.


(III) Moltar freisin an vótaíocht a bheith ar oscailt ar feadh seachtaine ar a laghad.


(IV) Moltar freisin cumhacht a thabhairt do thoghtóirí is Teachtaí nó Seanadóirí chun go bhféadfaidis ina ionad sin, ar iad do thabhairt fógra réasúnach do Cheann Comhairimh an tSeanaid, a bpáipéir bhallóide a fháil agus a mharcáil in Oifig Cheann Comhairimh an tSeanaid agus iad a phostáil sa bhosca poist a bheas curtha ar fáil ag na húdaráis poist chuige sin.


II. AN TOGHLUCHT.

Baineann an dara cuid de na téarmaí tagartha le míniú an toghluchta do thoghcháin na gcomhaltaí tofa sin de Sheanad Éireann is gá do réir an Bhunreachta a thoghadh as rollaí d’iarrthóirí.


30. Molann an Comhchoiste gurb iad a bheadh mar thoghlucht do na comhaltaí tofa de Sheanad Éireann is gá do réir an Bhunreachta a thoghadh as rollaí d’iarrthóirí ná comhaltaí Dháil Éireann, comhaltaí Sheanad Éireann agus na comhaltaí uile de Chomhairle gach contae agus gach contae-bhuirge, lena n-áirítear na comhaltaí de Chomhairle Chontae agus Chontae-bhuirge a cuireadh as oifig de bhun Coda IV den Acht Rialtais Aitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941). Dá nglactaí leis sin ghabhfadh sé ionad an chóras atá ann faoi láthair, a mínitear in Acht 1937 agus a dhéanann toghlucht de chomhaltaí Dháil Éirann agus de sheacht gcomhaltaí arna dtoghadh ag Comhairle gach Contae agus Contae-bhuirge. Ba mhó go mór an toghlucht nua sin ná an toghlucht atá anois ann. Bheadh ann 138 dTeachtaí, 60 Seanadóirí agus 779 gcomhaltaí de Comhairlí Contae agus Contae-bhuirge, is é sin, 977 san iomlán, lúide roinnt de dheascaibh daoine a bheith (má bhíd) ina gcomhaltaí de níos mó ná comhlucht amháin díobh sin thuas.


III. CORRFHOLÚNTAIS.

31. Forálann mír 3° d’alt 10 d’Airteagal 18 den Bhunreacht gur “ar an gcuma a socraítear le dlí a líonfar corrfholúntais i líon na gcomhaltaí a toghtar do Sheanad Éireann.” Déanann Acht 1940 socrú maidir le líonadh corrfholúntas den tsórt sin a tharlós i líon na gcomhaltaí sin de Sheanad Éireann is gá do réir an Bhunreachta a thoghadh as rollaí d’iarrthóirí.


Molann an Comhchoiste an tAcht sin a leasú chun a shocrú, i gcás an folúntas a tharlachtaint de dheascaibh ainmní comhluchta ainmniúcháin d’fháil bháis nó d’éirí as nó do theacht faoi dhícháilíocht go líonfar an folúntas trí thoghchán díreach chun Seanaid Éireann ag an gcoiste ainmniúcháin (mar moltar anseo roimhe seo é a leathnú) don rolla a mbeidh an comhlucht ainmniúcháin cláraithe ina leith; an toghchán a sheoladh do réir na hionadíochta cionúire agus ar mhodh an aonghutha inaistrithe; ainmniúcháin iarrthóirí don toghchán sin a bheith le déanamh ag comhaltaí an choiste ainmniúcháin agus a bheith, roimh iad a chur ar aghaidh i gcóir toghcháin, faoi réir breithe Cheann Comhairimh an tSeanaid ar ainmniúcháin, sa tslí atá leagtha amach in alt 21 d’Acht 1940.


Más de dhroim ainmní comhaltaí de Thithe an Oireachtais d’fháil bháis nó d’éirí as nó do theacht faoi dhícháilíocht a tharlós an folúntas, moltar an folúntas a líonadh trí thoghchán dár toghlucht comhaltaí Dháil Éireann agus comhaltaí Sheanad Éireann amháin; na hiarrthóirí a bheith le n-ainmniú sa tslí a hordaítear i gCuid III d’Acht 1940 arna modhnú chun a shocrú go bhféadfadh comhaltaí de cheachtar Tigh ainmniú a dhéanamh nó aontú le hainmniú.


CEANN COMHAIRIMH AN tSEANAID.

32. Molann an Comhchoiste gurb é Cléireach Sheanad Éireann a bheadh ina Cheann Comhairimh don tSeanaid. I gcás an Cléireach sin a bheith as láthair mar gheall ar bhreoiteacht nó ar aon chúis eile moltar go ngníomhóidh Cléireach Cúnta Sheanaid Éireann ina ionad.


33. Cé gur comhréiteach atá ann ar thuairimí éagsúla i dtaobh pointí áirithe, shocraigh an Comchoiste ar a dtuarascáil gan deighilt a theacht eatorthu agus measann an Coiste go dtabharfaidh a molta feabhas mór ar an modh toghcháin atá ann faoi láthair, má bheirtear éifeacht dlí dhóibh. Ba mhaith leis an gCoiste, áfach, a chur in iúl go soiléir gurb é a mbarúil nach dócha réiteach a bheith aimsithe acu do gach deacracht. Nuair a bheas an córas atá molta á oibriú is dócha go bhfaighfear lochta ann agus bealaí lena fheabhsú.


34. Ní mór a rá freisin gur theastaigh ó chomhaltaí áirithe den Chomhchoiste nithe a thabhairt i gceist a bhain le hathrú bunúsach ar an Seanad ina iomláine; ach rialaigh an Cathaoirleach nár cheadaigh na téarmaí tagartha don Choiste nithe den tsórt sin a bhreithniú.


CUIMRIÚ AR NA MOLTA.

35. Seo síos cuimriú ar phríomh-mholta an Chomhchoiste:—


Mír 4.

(i) Clár nua de chomhluchtaí ainmniúcháin a bhunú ar bhonn níos leithne ná an ceann atá ann;

Mír 12.

(ii) In ionad an Choiste achomhairc atá ann faoi láthair chun achomhairc maidir le hathscrúdú bliantúil an chláir a bhreithniú, bord achomhairc a bhunú ar a mbeadh Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach gach Tí agus Breitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt;


Mír 14 & Mír 15

(iii) Leanúint den mhodh ar a ndéanann comhluchtaí ainmniúcháin cláraithe iarrthóirí a ainmniú, ach an roghnú deiridh ar iarrthóirí a bheith ag coistí ainmniúcháin chun a dtofa ag an toghlucht;


Mír 21

(iv) Comhaltaí dhá Theach an Oireachtais a bheith i dteideal iarrthóirí a ainmniú;


Mír 23

(v) Léanúint de gach rolla a bheith roinnte ina dhá fho-rolla ach a fhoráil go mbeidh an íos-uimhir áirithe céanna de chomhaltaí Sheanad Éireann le toghadh as gach aon fho-rolla de rolla;


Mír 28.

(vi) Toghchán ar leith agus vóta ar leith a bheith ann do gach aon rolla;


Mír 29.

(vii) Na socruithe atá ann faoi láthair le haghaidh post-vótála a chur ar ceal agus córas a chur ina n-ionad faoina dtiocfaidh an toghthóir go dtí ceann comhairimh áitiúil chun a chuid páipéar ballóide a fháil agus go ndéanfaidh láithreach, i láthair an chinn chomhairimh sin, iad a mharcáil agus iad a phostáil sa bhosca poist a bheas curtha ar fháil go speisialta chuige sin; cead a bheith ag toghthóirí is Teachtaí nó Seanadóirí, ar iad do thabhairt fhógra, a bpáipéir bhallóide a mharcáil mar luaitear thuas nó i láthair Cheann Comhairimh an tSeanaid ina Oifig;


Mír. 30.

(viii) An toghlucht a mhéadú chun go mbeidh ann comhaltaí dhá Theach an Oireachtais agus na comhaltaí uile de gach Comhairle Chontae agus Chontae-bhuirge;


Mír. 31.

(ix) Corrfholúntas a tharlós de dheascaibh ainmní comhluchta ainmniúcháin d’fháil bháis, etc., a líonadh trí thoghchán díreach ag an gcoiste ainmniúcháin iomchuí; agus corrfholúntas den tsórt sin a tharlós i measc ainmnithe an Oreachtais a líonadh trí thoghchán díreach ag comhaltaí dhá Theach an Oireachtais; agus


Mír 32.

(x) Gurb é Cléireach an tSeanaid a bheas ina Cheann Comhairimh don tSeanad.

(Sínithe)


PROINNSIAS O FATHAIGH,


Ceann Comhairle,


Cathaoirleach.


6ú Bealtaine, 1947.