Committee Reports::Report No. 02 - Amendments to Standing Orders (Parliamentary Questions)::19 May, 1943::Report

DARA TUARASGABHAIL ON gCOISTE AR NOS IMEACHTA AGUS PRIBHLEIDI.

Buan-Orduithe do Leasú.

Is inmhianuithe go ndéanfaí athchló ar Bhuan-Orduithe na Dála i dtaobh Gnótha Phuiblí mar gheall ar an mórchuid athruithe do rinneadh ortha o foillsíodh eagrán 1936 agus, ar aon chuma, tá gá anois le hathchló mar gheall ar chóipeanna den eagrán san do bheith gann. Sara ndéantar an t-athchlóbhualadh, molann an Coiste trí leasuithe do dhéanamh go fuirmiúil ar na Buan-Orduithe anois chun go mbeidís do réir an chleachta do bunnuíodh de bharr breitheanna do thug an Coiste ar Nós Imeachta agus Príbhléidi i 1928 agus do leanadh riamh o shoin. Tá na leasuithe moltar leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis seo agus foráltar leo—


(1) ná déanfar Ceisteanna do chur síos chun freagra béil d’fháil ortha ar an Aoine;


(2) nach foláir fógra trí lá do thabhairt i dtaobh Ceisteanna; agus


(3) go leanfaidh tráth na gCeisteanna de ghnáth go dtí 4 p.m.


(Sighnithe)


PROINNSIAS O FATHAIGH,


Cathaoirleach.


19adh Bealtaine, 1943.


SCEIDEAL.

Buan-Ordú

Cineál an Leasuithe

23

An méid seo leanas do chur isteach roimh an mír dheiridh: “Ní cuirfear síos Ceisteanna chun freagra béil d’fháil ortha ar an Aoine.”

28

An focal “dara” do scrios agus an focal “tríú” do chur ina ionad.

32

Na figiúirí “3.30” do scrios agus an fhigiúir “4” do chur ina n-ionad, agus na focail agus na figiúirí “no ar 12.30 p.m. ar an Aoine” do scrios.