|
IMEACHTA NA CO-CHOMHAIRLE.PROCEEDINGS OF THE CONFERENCE.1. Do tháinig an Chó-chomhairle le chéile ar 4.30 p.m., Dé Céadaoin, an 31adh Márta, 1943. 2. Do bhí na comhaltaí seo leanas i láthair:— Ionadaithe ón Dáil:—na Teachtaí Beinéid, Breathnach, O Broin, (Sóisear), P. O Fógartaigh, O Luingeacháin, Mac Canna agus de Nortún; Ionadaithe ón Seanad:—na Seanadóirí Bean Uí Choncheanainn, O Connalláin, Mac an Chrosáin, O Fuaráin, O Gúilidhe, M. O hAodha agus O Duibhir. 3. Do thairg an Teachta Mac Canna: “That Senator Hayes be Chairman of the Conference.” Ceist curtha, agus aontuithe. Do chuaidh an Seanadóir O hAodha i gCeannas dá réir sin. 4. Do thairg an Seanadóir Mac an Chrosáin: “That the Conference recommend that the Seanad do not insist on its disagreement with the amendments made by the Dáil to Seanad Amendments Nos. 1 and 2 to the Intoxicating Liquor Bill, 1942.” Leasú tairgthe (An Seanadóir O Fuaráin): “To add at the end of the proposed motion the following:— ‘but that the said Dáil amendments be agreed to with a modification to the effect that the closing hour for licensed premises in County Boroughs on Saturday nights be 10 p.m. during any period, whether it is or is not a period of summer time’.” Ceist:—“Go gcuirtear isteach ansan na focail a tairgtear”— curtha, agus diúlta. Bun-Cheist curtha, agus aontuithe. 5. Do chuir an Cathaoirleach Dréacht-Tuarasgabháil fé bhráid na Có-chomhairle agus do léigheadh mar leanas í:— “The Conference recommends that the Seanad do not insist on its disagreement with the amendments made by the Dáil to Seanad Amendments Nos. 1 and 2 to the Intoxicating Liquor Bill, 1942.” Ceist:—“Go mbeidh Dréacht-Tuarasgabháil an Chathaoirligh mar Thuarasgabháil na Cóchomhairle”—curtha, agus aontuithe. Orduithe: a thuaírisciú dá réir sin. 6. Do chuir an Chó-chomhairle deire le n-a gnó ar 5.15 p.m. |
||||||||||||