Committee Reports::Report - Intoxicating Liquor Bill, 1942 (Amendments Nos. 1 and 2 made by the Seanad)::07 April, 1943::Orders of Reference

DAIL EIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

24adh Márta, 1943:—Beartuithe: Go bhfuil sé inmhianuithe Có-chomhairle do thionól idir comhaltaí den Dáil agus den tSeanad i dtaobh Leasuithe 1 agus 2 do rinne an Seanad ar an mBille Deocha Meisciúla, 1942, agus ar a ndearna an Dáil leasuithe a bhfuil an Seanad tar éis easaontú leo; go mbeidh seacht Teachtaí ina n-ionadaithe ón Dáil ag an gCó-chomhairle sin.


25 adh Márta, 1943:—Orduithe: Go mbeidh na Teachtaí Beinéid, Breathnach, O Broin (Sóisear), P. O Fógartaigh, O Luingeacháin, Mac Canna agus de Nortún, ina n-ionadaithe ón Dáil ar an gCó-chomhairle atá beartuithe le h-ionadaithe ón Seanad ar an mBille Deocha Meisciúla, 1942.


SEANAD EIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

31 adh Márta, 1943:—Beartuithe: Go n-aontuíonn an Seanad leis an Dáil ina Rún do cuireadh in iúl don tSeanad an 24adh lá de Mhárta, 1943, go bhfuil sé inmhianuithe Có-chomhairle do thionól idir comhaltaí den Dáil agus den tSeanad i dtaobh Leasuithe 1 agus 2 do rinne an Seanad ar an mBille Deocha Meisciúla, 1942, agus ar a ndearna an Dáil leasuithe a bhfuil an Seanad tar éis easaontú leo.


31 adh Márta, 1943:—Orduithe: Go bhfágtar fén gCoiste Roghnathóireachta seacht Seanadóirí d’ainmniú ina n-ionadaithe ón Seanad ar an gCó-chomhairle.


31 adh Márta, 1943:—Na Seanadóirí a h-ainmníodh mar ionadaithe ón Seanad ar an gCó-chomhairle:—na Seanadóirí Bean Uí Choncheanainn, O Connalláin, Mac an Chrosáin, O Fuaráin, O Gúilidhe, M. O hAodha agus O Duibhir.