Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1940 - 1941::17 June, 1942::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Ceadaoin, 17adh Meitheamh, 1942.

Wednesday, 17th June, 1942.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Séamus Díolún (i gCeannas), Donnchadh O hAlmhain, Brian O Brádaigh, Cormac Breathnach, Domhnall O hOgáin, Séamus O hAodha, Domhnall Mac Meanman agus Domhnall O Ruairc, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1940-41. Críochnuíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Oifig na gCoimisinéirí Ioncuim, Pinsin Sean-Aoise, Deolchairí Cúitimh, Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, Oifig an Aire Airgeadais, Saotharlann Stáit, Coimisiúin na Stát-Sheirbhíse, Cúiteamh i gCailliúna Maoine, Coimisiúin agus Fiosrúcháin Speisialta, Aois-Liúntaisí agus Liúntaisí Fágála, Rátaí ar Mhaoin an Riaghaltais, An tSeirbhís Sheicréideach, Costaisí fen Acht Timpeal Toghachán agus fé Acht na nGiúirithe, Costaisí Ilghnéitheacha, Deontaisí Breise Talmhaíochta, Dlí-Mhuirearacha, Príomh-Scoileanna agus Coláistí, Oifig an tSaor-Chíosa, Bainistí Stoc Riaghaltais, Scéimeanna Fostaíochta, Bord Cuartaíochta na hEireann, Aisíocanna leis an gCiste Teangmhais, Oifig Thaighde Eolaíochta Ré na Práinne, An tArd-Reachtaire Cunntas agus Ciste.


4. Ceistníodh Liam Donnchadh O Ciardha (Cathaoirleach na gCoimisinéirí), Séamus Mac Eilgeóid (Rúnaí, An Roinn Airgeadais), Sairseal O hOgáin (An Roinn Airgeadais), agus Seán O Meachair (Oifig an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste).


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.30 p.m.