Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1940 - 1941::13 May, 1942::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Ceadaoin, 13adh Bealtaine, 1942.

Wednesday, 13th May, 1942.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Séamus Díolún (i gCeannas), Donnchadh O hAlmhain, Earnán Mac Binéid, Domhnall O hOgáin, Séamus O hAodha, Domhnall Mac Meanman, agus Domhnall O Ruairc, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1940-41. Críochnuíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Oifig na nAnnálacha Puiblí, Tabhartaisí agus Tiomanta Déirciúla, Páipéarachas agus Clódóireacht, Gailerí Náisiúnta, Measadóireacht agus Suirbhéireacht Teorann, Suirbhéireacht an Ordonáis, Gnóthaí Eachtracha, Cumann na Náisiún, Gealtlann Dúndroma, Oifig na nOibreacha Poiblidhe, Oibreacha agus Foirgintí Poiblidhe agus Longlinn Inis Sionnach.


4. Ceistníodh Séamus O Muirgheasa (Oifig na n Annálacha Puiblí), Liam Mac Gabhann (Rúnaí, Tabhartaisí agus Tiomanta Déirciúla), S. B. O Faoilleacháin (Stiúrthóir, Oifig an tSoláthair), Dr. G. J. Furlong (An Gailerí Náisiúnta), C. C. Mac Elgeóid (Coimisinéir Luachála), Séosamh Breathnach (Rúnaí, An Roinn Gnothaí Eachtracha), Dr. G. W. Scroope (Gealtlann Dúndroma), Séosamh O Conghaile (Cathaoirleach, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe), C. S. Almond, Eoin Mac Réamuinn agus Lughaidh Mac Gearailt (An Roinn Airgeadais), agus Seán O Meachair (Oifig an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste).


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.30 p.m. go dtí Dé Céadaoin seo chughainn.