Committee Reports::Report - Dublin Port and Docks Bill, 1939 [Private]::04 June, 1940::Report

OIREACHTAS

TUARASGABHAIL ON gCO-CHOISTE AR BHILLE PORT AGUS DUGANNA BHAILE ATHA CLIATH, 1939.

REPORT OF THE JOINT COMMITTEE ON THE DUBLIN PORT AND DOCKS BILL, 1939.

1. B’iad seo leanas baill an Chó-Choiste:—Eamonn O Néill, Leas-Cheann Comhairle, Cathaoirleach; Gearóid Mac Partholáin, Risteard Mac Fheorais agus Domhnall Mac Meanman, Teachtaí ; Seán Caimbéal, Seosamh Mac Eoin, agus Dáibhid Mac Róibín, Seanadóirí.


2. Do bhreithnigh an Có-Choiste an Bille, Dé Máirt, 4adh Meitheamh, 1940.


3. Tá an Có-Choiste á thuairisciú gur scrúduíodar Roimhrá an Bhille agus gur dineadh, chun sástachta dhóibh, na curtha-i-leith atá ann do chruthú, gur ghabhadar tríd an mBille agus gur dhineadar leasuithe air.


4. Nuair do bhí an Có-Choiste ag breithniú an Bhille bhí os a gcomhair tuarasgabháil ar an mBille ón Roinn Airgeadais agus ón Roinn Tionnscail agus Tráchtála, fé seach. Taisbeántar sna Fo-scríbhinní atá i ndeireadh na tuarasgabhála so an tslí inar deighleáladh leis na molta sin.


(Sighnithe)


EAMONN O NEILL,


Cathaoirleach an Chó-Choiste.


4adh Meitheamh, 1940.