Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1939 - 1940::22 May, 1940::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 22adh Bealtaine, 1940.

Wednesday, 22nd May, 1940.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Séamus Díolún (i gCeannas), Brian O Brádaigh, Séamus O hAodha, agus Domhnall Mac Meanman, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1938-39. Críochnuíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, Oifig an Aire Airgeadais, Coimisiúin agus Fiosrúcháin Speisialta, Saotharlann Stáit, Coimisiúin na Stát-Sheirbhíse, Cúiteamh i gCailliúna Maoine, Cúiteamh inDíobhála Pearsanta, Aois Liúntaisí agus Liúntaisí Fágála, Rataí ar Mhaoin an Riaghaltais, An tSeirbhís Sheicréideach, Coimisiúin na nDleacht, Costaisí fen Acht Timpeal Toghachán agus fé Acht na nGiúrithe, Costaisí Ilghnéitheacha, Deontaisí Breise Talmhaíochta, Dlí-Mhuirearacha, Príomh-Scoileanna agus Coláistí, Oifig an tSaor-Chíosa, Bainistí Stoc Riaghaltais, Scéimeanna Fostaíochta, Deolchairí agus Conganta Airgid Um Easportáil, Alcól Ceárdais, agus Aisíocanna leis an gCiste Teangmhais.


4. Ceistníodh Séamus Mac Eilgeóid (Rúnaí, An Roinn Airgeadais), agus an tArd-Reachtaire Cunntas agus Ciste.


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.15 p.m. go dtí Dé Céadaoin seo chughainn.