Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1938 - 1939::23 March, 1939::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 23adh Márta, 1939.

Thursday, 23rd March, 1939.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Séamus Díolún (i gCeannas), Earnán Mac Binéid, Brian O Brádaigh, Seán Mac Cumhaill, Domhnall O hOgáin, Domhnall Mac Meanman, Peadar S. O Lochlainn, Domhnall O Ruairc agus Risteárd Breathnach, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1937-38. Críochnuíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Oireachtas, Roinn Uachtarán na hArd-Chomhairle, Oifig an Aire Airgeadais, Coimisiúin agus Fiosrúcháin Speisialta, Saotharlann Stáit, Coimisiúin na Stát-Sheirbhíse, Cúiteamh i gCailliúna Maoine, Cúiteamh i nDíobhála Pearsanta, Aois-Liúntaisí agus Liúntaisí Fágála, Rataí ar Mhaoin an Riaghaltais, An tSeirbhís Sheicréideach, Coimisiúin na nDleacht, Costaisí fen Acht Timpeal Toghachán agus fé Acht na nGiúrithe, Costaisí Ilghnéitheacha, Deontaisí Breise Talmhaíochta, Dlí - Mhuirearacha, Príomh-Scoileanna agus Colaistí, Forbairt Chadhnra Leictreachais, Oifig an tSaor-Chíosa, Bainistí Stoc Riaghaltais, Scéimeanna Fostaíochta, Deolchairí agus Conganta Airgid Um Easportáil, Iasachtaí Coigriche Dháil Eireann d’Aisíoc, Deontas don Eis-Sheanascal, Aer-Iompar, agus Aisíocanna leis an gCiste Teangmhais.


4. Ceistníodh Séamus Mac Eilgeóid (Rúnaí, An Roinn Airgeadais), agus an tArd-Reachtaire Cunntas agus Ciste.


5. Chuir an Cathaoirleach Dréacht-Thuarasgabháil Interim fé bhráid an Choiste; do léigheadh i mar an gcéad agus ar dara uair agus do ritheadh í.


Orduithe: Tuarisiciú dá réir sin.


6. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 1.30 p.m. go dtí Dé Céadaoin seo chughainn.