Committee Reports::Report - Standing orders relative to private business::16 February, 1939::Orders of Reference

DÁIL EIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA

26adh Deire Fomhair, 1938.— Beartuithe: Go bhfuil sé oiriúnach Rogha-Choiste a cheapfaidh an Dáil do chó-cheangal le Rogha-Choiste a cheapfaidh an Seanad chun Dréacht-Bhuan-Orduithe i dtaobh Gnótha Phríobháidigh uatha araon d’ullamhú;


Gur seacht gcomhaltaí bheidh ar Rogha-Choiste gach Tighe [Rúnaí Párliminte don Taoiseach].


Orduithe: Teachtaireacht do chur chun an tSeanaid á iarraidh ortha aontú leis an Rún so.


23adh Mí na Samhna, 1938— Teachtaireacht ón Seanad:—


“Tá Seanad Eireann tar éis an Rún so leanas do rith:—


‘Go n-aontuighidh an Seanad leis an Dáil ina Rún a cuireadh in úil don Seanad an 26adh lá de Dheireadh Foghmhair, 1938, go bhfuil sé oiriúnach Rogha-Choiste a cheapfaidh an Dáil do chócheangal le Rogha-Choiste a cheapfaidh an Seanad chun Dréacht-Bhuan-Orduithe i dtaobh Grótha Phríobháidigh uatha araon d’ullamhú;


Gur seacht gcomhaltaí bheidh ar Rogha-Choiste gach Tighe.”’


Orduithe: Go gceaptar Rogha-Choiste de sheacht gcomhaltaí le cócheangal le Rogha-Choiste cheapfaidh an Seanad chun Dréacht-Bhuan-Orduithe i dtaobh Gnótha Phríobháidigh uatha araon d’ullamhú;


Gur triúr an quorum;


Gurb é an Coiste Roghnathóireachta ainmneoidh an Coiste [Rúnaí Páirliminte don Taoiseach].


Orduithe: Teachtaireacht do chur chun an tSeanaid á chur san in úil dóibh.


14adh Feabhra, 1939—Teachtaí ceaptha chun fónamh ar an Rogha-Choiste:—An Rúnaí Páirliminte don Taoiseach, An Leas-Cheann Comhairle, Prionnsias Mac Carthaigh, Seán Mac Cumhaill, Eamonn O Cíosáin, Tadhg O Líonnacháin agus Séamus Mac Pháidín.


SEANAD EIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA

16adh Mí na Samhna, 1938— Teachtaireacht ón Dáil:—


“Tá Dáil Eireann tar éis an Rún so leanas do rith agus ba mhian leo aontú Sheanaid Eireann leis:—


‘Go bhfuil sé oiriúnach Rogha-Choiste a cheapfaidh an Dáil do chó-cheangal le Rogha-Choiste a cheapfaidh an Seanad chun Dréacht-Bhuan-Orduithe i dtaobh Gnótha Phríobháidigh uatha araon d’ullamhú;


Gur seacht gcomhaltaí bheidh ar Rogha-Choiste gach Tighe.”’


Beartuithe: Go n-aontuighidh an Seanad leis an Dáil ina Rún a cuireadh in úil don Seanad an 26adh lá de Dheireadh Foghmhair, 1938, go bhfuil sé oiriúnach Rogha-Choiste a cheapfaidh an Dáil do chócheangal le Rogha-Choiste a cheapfaid an Seanad chun Dréacht-Bhuan-Orduithe i dtaobh Gnótha Phríobháidigh uatha araon d’ullamhú; agus


Gur seacht gcomhaltaí bheidh ar Rogha-Choiste gach Tighe [Liam O Cuirc].


Orduithe: Teachtaireacht do chur chun na Dála da réir sin.


30adh Mí na Samhna, 1938— Teachtaireacht ón Dáil:—


“Tá Dáil Eireann tar éis an tOrdú so leanas do dhéanamh iniú:—


‘Go gceaptar Rogha-Choiste de sheacht gcomhaltaí le có-cheangal le Rogha-Choiste cheapfaidh an Seanad chun Dréacht-Bhuan Orduithe i dtaobh Gnótha Phríobháidigh uatha araon d’ullamhú.”’


Orduithe:—Go gceaptar Rogha-Choiste de sheacht gcomhaltaí le cócheangal leis an Rogha-Choiste ceaptha ag an Dáil chun Dréacht-Bhuan-Orduithe i dtaobh Gnótha Phríobháidigh uatha araon d’ullamhú;


Gur triúr an quorum;


Gurb é an Coiste Roghnathóireachta ainmneoidh an Coiste [Liam O Cuirc].


Orduithe: Teachtaireacht do chur chun na Dála da réir sin.


8adh Mí na Nodlag, 1938:— Seanadóirí ceaptha chun fónamh ar an Rogha-Choiste:—Pádraig Baxter, Críostóir O Broin, Seán Mac Cathmhaoil, Seamus Mac an Chrosáin, Roibeárd O Farannáin, Seósamh Mac Seáin agus Seán Mac Ailín.


CLAR.


 

 

leathnach

1.

Orduithe Tagartha

...

...

ii

2.

Tuarasgabháil

...

...

v

3.

Imeachta an Choiste

...

...

55